Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::27 April, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 27 Aibreán, 1971.

Tuesday, 27 April, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an tUasal D. faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


5. D’fhág an tUasal D. an seomra.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an tUasal E. faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


7. D’fhág an tUasal E. an seomra.


8. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an tUasal B. faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


9. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.30 p.m. go dtí 7.45 p.m. inniu.


10. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.45 p.m.


11. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an Uasal B. a cheistiú i suí príobháideach.


12. D’fhág an tUasal B. an seomra.


13. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 9 p.m. go dtí 9.25 p.m. inniu.


14. Chruinnigh an Coiste arís ar 9.25 p.m.


15. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


16. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an Teachta Niall Bléine a cheistiú i suí príobháideach (agus Seán Ó Muirí, B.L. agus Mícheál Ó Cléirigh, Aturnae, ina theannta).


17. D’fhág an Teachta Bléine an seomra.


18. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10.45 p.m. go dtí 7 p.m. Déardaoin seo chugainn.