Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::29 April, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 29 Aibreán, 1971.

Thursday, 29 April, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an tUasal H. faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


5. D’fhág an tUasal H. an seomra.


6. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 10 p.m. go dtí 10.30 p.m. inniu.


7. Chruinnigh an Coiste arís ar 10.30 p.m.


8. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an tUasal F. faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


Lean an Coiste ina shuí go dtí tar éis 12 a chlog meán-oíche.