|
IMEACHTAÍ AN CHOISTEPROCEEDINGS OF THE COMMITTEEDéardaoin, 22 Aibreán, 1971.Thursday, 22 April, 1971.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh. 3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach. 4. Chuaigh an Coiste i suí poiblí. 5. Finnéithe a Ceistíodh. Athchromadh ar an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh a cheistú. 6. D’fhág an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh an seomra. 7. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach. 8. Ordaíodh: go gceanglófaí ar C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí, An Roinn Airgeadais teacht i látháir maidir le páipéirí i séilbh na Roinne a bhaineann le hOrdú an 1 Nollaig, 1970. 9. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt seo chugainn. |
||||||||||||