Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::26 January, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Máirt, 26 Eanáir, 1971.

Tuesday, 26 January, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Thug an Coiste chun suntais go raibh údaráis an Tí tar éis foireann bhreise tuairisceoireachta a fhruiliú chun go bhféadfadh an Coiste na dualgais a bhí curtha air a chomhlíonadh.


5. Thug an Coiste chun suntais go bhfuarthas ó Rannóg Teicnice an Gharda Síochána fótagrafanna* de chóipeanna cóireáilte de chárta mhórleabhair chuntas George Dixon.


6. Ordaíodh: go gceanglófaí ar Bhanc na Mumhan agus Laighean an bhunchóip a chur isteach den sainordú** do Chuntas Choiste Fóirithinte Chiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró, agus go n-iarrfaí ar na Gardaí scrúdú teicniúil* a dhéanamh air.


7. Ordaíodh: go n-iarrfaí ar Bhanc na Mumhan agus Laighean sonraí a thabhairt ar ghlaonna teileafóin idir brainse Shráid an Rátha Íochtair agus an National Provincial Bank, Piccadilly, Londain, i gcaitheamh tréimhse na gcuntas.


8. Ordaíodh: go dtabharfaí fógra do Sheán Ó Ceallaigh, Gearóid Mac Eoin agus Páraic Ó hEochaidh go bhféadfaí a cheangal orthu teacht i láthair.


9. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


10. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar A. Ó Fágáin a cheistiú.


11. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar flonraí ar 1.15 p.m. go dtí 2.55 p.m. inniu.


12. Chruinnigh an Coiste arís ar 2.55 p.m.


13. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


14. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar A. Ó Fágáin a cheistiú.


15. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 4.20 p.m. go dtí 5 p.m. inniu.


16. Chruinnigh an Coiste arís ar 5 p.m.


17. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


18. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar A. Ó Fágáin a cheistiú.


19. D’fhág A. Ó Fágáin an seomra.


20. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.30 p.m. ga dtí 7.30 p.m. inniu.


21. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


22. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


23. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an Captaen S. Ó Ceallaigh faoi mhionn agus ceistíodh é.


24. D’fhág an Captaen Ó Ceallaigh an seomra.


25. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


26. Rinne an Coiste breithniú.


27. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


28. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú.


29. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


30. Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú i suí príobháideach.


31. Ordaíodh: ar aontú an fhinné, go bhfoilseofaí an fhianaise a tógadh ón gCaptaen Ó Ceallaigh inniu i suí príobháideach.


32. D’fhág an Captaen Ó Ceallaigh an seomra.


33. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.10 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Gan foilsiú.


** Foscríbhinn 5 (17).


‡ Foscríbhinn 4 (2), leath. 228.