Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::21 January, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 21 Eanáir, 1971.

Thursday, 21 January, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, MacSearraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh, agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh D. Ó Cearbhaill, Banc na Mumhan agus Laighean, faoi mhionn agus ceistíodh é (agus E. Ó Conchúir, Aturnae, ina theannta).


6. D’fhág D. Ó Cearbhaille an seomra.


7. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh M. de Paor, Banc na Mumhan agus Laighean, faoi mhionn agus ceistíodh é (agus E. Ó Conchúir, Aturnae, ina theannta).


8. D’fhág M. de Paor an seomra.


9. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh P. Ó Muirgheasa, Banc na Mumhan agus Laighean, faoi mhionn agus ceistíodh é (agus E. Ó Conchúir, Aturnae, ina theannta).


10. D’fhág P. Ó Muirgheasa an seomra.


11. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 11.50 a.m. go dtí 12.25 p.m. inniu.


12. Chruinnigh an Coiste arís ar 12.25 p.m.


13. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


14. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar P. Ó Muirgheasa a cheistiú.


15. D’fhág P. Ó Muirgheasa an seomra.


16. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh B. Ó Gliasáin, Banc na Mumhan agus Laighean, faoi mhionn agus ceistíodh é (agus E. Ó Conchúir, Aturnae, ina theannta).


17. D’fhág B. Ó Gliasáin an seomra.


18. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.50 p.m. go dtí 3 p.m. inniu.


19. Chruinnigh an Coiste arís ar 3 p.m.


20. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


21. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh A. Ó Fágáin, An Roinn Airgeadais, faoi mhionn agus ceistíodh é.


22. D’fhág A. Ó Fágáin an seomra.


23. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


24. Ordaíodh: go gceanglófaí ar Mháire Ní Mhuirgheasa, An Roinn Airgeadais, bheith i láthair.


25. Ordaíodh: go lorgófaí an liosta truncghlaonna do Bhanc na Mumhan agus Laighean, 2 Sráid an Rátha Íocht. in aghaidh na tréimhse Samhain 1969 go dtí Aibreán 1970.*


26. Ordaíodh: go bhfaighfí tuarascáil ar lámhscríbhneoireacht ar bhunchóip an doiciméid atá ar leathanach 47 den “Leabhar Bándearg” (Aguisín 10).**


27. Ordaíodh: go bhfaighfí scrúdú teicniúil ar charta mórleabhair chuntas George Dixon.**


28. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar athló ar 5.35 p.m. go dtí 10 a.m. Dé Máirt seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (22).


** An tuarascáil gan foilsiú.


† Foscríbhinn 5 (4).