Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::27 January, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Céadaoin, 27 Eanáir, 1971.

Wednesday, 27 January, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i látháir i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Ordaíodh: go ndéanfaí cóip den fhógra atá i Seomra na Dála i dtaobh iompar cuairteoirí a chur suas laistigh agus lasmuigh den Seomra Coiste.


5. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar A. Ó Fágáin a cheistiú.


7. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


8. Athchromadh ar A. Ó Fágáin a cheistiú i suí príobháideach.


9. Ordaíodh: ar aontú an fhinné, go bhfoilseofaí an fhianaise a tógadh ó A. Ó Fágáin i suí príobháideach inniu.


10. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


11. Athchromadh ar A. Ó Fágáin a cheistiú.


12. D’fhág A. Ó Fágáin an seomra.


13. Rinne an Coiste breithniú.


14. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.25 p.m. go dtí 4.15 p.m. inniu.


15. Chruinnigh an Coiste arís ar 4.15 p.m.


16. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


17. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar A. Ó Fágáin a cheistiú.


18. D’fhág A. Ó Fágáin an seomra.


19. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Máire Ní Mhuirgheasa, An Roinn Airgeadas, faoi mhionn agus ceistíodh í.


20. D’fhág Máire Ní Mhuirgheasa an seomra.


21. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an Coirnéal Micheál Ó hEibhrín faoi mhionn agus ceistíodh é.


22. D’fhág an Coirnéal Ó hEibhrín an seomra.


23. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


24. Ordaíodh: go ndéanfaí péirí de chomhaltaí an Choiste, faoi réir cheadú na nAoirí.


25. Ordaíodh: go gceanglófaí ar Cheann Foirne an Airm bheith i láthair agus doiciméid a chur isteach, go háirithe ordú an 6 Feabhra, 1970 ón Aire Cosanta agus cibé doiciméid ina leagtar amach an t-ord ceannais maidir le Rannóg na Faisnéise.


26. Rinne an Coiste breithniú.


27. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.45 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Máirt seo chugainn.