Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::25 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 25 Feabhra, 1971.

Thursday, 25 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hOgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Ordaíodh: nach gceanglófaí ar Sheán Ó Ceallaigh bheith i láthair ag an gcruinniú inniu.


5. Bhreithnigh an Coiste litir* den 23 Feabhra 1971 ó Choimisinéir an Gharda Síochána i dtaobh an iarratais ón gCoiste ag lorg na dtuarascálacha a luaigh an tArd-Cheannfort Seán Pléimeann ina chuid fianaise.


Ordaíodh: go n-iarrfaí* ar an gCoimisinéir na tuarascálacha a chur ar fáil i bhfoirm nach mbeadh an t-ábhar breise, dá dtagraítear sa litir, ar áireamh inti.


6. Ordaíodh: go rachadh comhaltaí an Choiste i dtadhall le comhaltaí a bpáirtithe faoi seach i dtaobh é bheith mí-oiriúnach trácht a dhéanamh sa Dáil ar ábhair a bhaineann leis an gCoiste.


7. Ordaíodh: go gcuirfí ráiteas an 21 Feabhra 1971 ón gCathaoirleach maidir leis an Teachta Brioscú in iúl don Choiste Roghnóireachta.


8. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais.


9. D’fhag C. Ó Muireadhaigh an seomra.


10. Ordaíodh: go gceanglófaí ar an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, Séamas Mac Giobúin, T.D., teacht i láthair.


11. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 2 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Máirt seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (26).