Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::24 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 24 Feabhra, 1971.

Wednesday, 24 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Rinne an Coiste breithniú.


5. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 5.35 p.m. go dtí 7.15 p.m. inniu.


6. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.15 p.m.


7. Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Searraigh):—


“That the Committee suspend its meetings in relation to the Order of the Dáil of 1 December, 1970 until the determination of the proceedings initiated in respect of the citation to the High Court of Mr. Páraic Haughey, as the Committee considers this to be the most prudent course for it to follow at this stage.”


Cuireadh an Cheist.


Rinne an Coiste vótáil:


Tá. 5; Níl, 6.


Tá:—

An Teachta

S. Baróid

B. Brioscú

R. Mac Searraigh

T. Ó Nualláin

S. Ó Tonnaigh

Níl:—

An Teachta

R. de Búrca

E. Ó Coileáin

G. Mac Gearailt

P. Ó hÓgáin (Cathaoirleach)

S. Céitinn

S. Ó Treasaigh

Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


8. Ordaíodh: go ndéanfadh an Cathaoirleach an ráiteas seo a leanas i dtosach an tsuí phoiblí inniu:


“Deputy Briscoe has informed me that he will not be attending meetings of the Committee in relation to the Order of the Dáil of 1 December, 1970 pending the outcome of the proceedings initiated in the High Court on 24 February, 1971.”


9. D’fhág an Teachta Brioscú an seomra.


10. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


11. Rinne an Cathaoirleach an ráiteas atá taifeadta i mír 8.


12. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an Teachta C. Ó hEochaidh faoi mhionn agus ceistíodh é (agus P. Ó Conchúir, Aturnae, ina theannta).


13. D’fhág an Teachta Ó hEochaidh an seomra.


14. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


15. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Mac an Ailí, Aturnae do Sheán Ó Ceallaigh. Chuir an tUasal Mac an Ailí in iúl don Choiste go raibh an tUasal Ó Ceallaigh sásta teacht i láthair ach nach raibh sé sásta fianaise a thabhairt ag féachaint do na himeachtaí san Ard-Chúirt.


16. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 8.55 p.m. go dtí 10 a.m. amárach.