Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::02 March, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 2 Márta, 1971.

Tuesday, 2 March, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an Teachta C. Ó hEochaidh a cheistiú (agus P. Ó Conchúir, Aturnae, ina theannta).


6. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1 p.m. go dtí 3 p.m. inniu.


7. Chruinnigh an Coiste arís ar 3 p.m.


8. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


9. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an Teachta Ó hEochaidh a cheistiú.


10. D’fhág an Teachta Ó hEochaidh an seomra.


11. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 4.40 p.m. go dtí 5.20 p.m. inniu.


12. Chruinnigh an Coiste arís ar 5.20 p.m.


13. Chauigh an Coiste i suí poiblí.


14. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar L. Breathnach, Banc na Mumhan agus Laighean, a cheistiú.


15. D’fhág L. Breathnach an seomra.


16. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar H. T. Ó Deocáin, Banc na Mumhan agus Laighean, a cheistiú.


17. D’fhág an tUasal Ó Deocáin an seomra.


18. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


19. Ordaíodh: go gceanglófaí ar an gCaptaen Séamus Ó Ceallaigh a phas a thabhairt ar aird don Choiste lena iniúchadh, agus go gceanglófaí ar an Stiúrthóir Faisnéise aon tuarascálacha i scríbhinn a thug an Captaen Ó Ceallaigh don Choirnéal Ó hEibhrín i dtaobh Malcolm Randall a chur isteach.


20. Ordaíodh: ag féachaint dá litir den lú Márta, 1971* go gcuirfí ar atráth tógáil na fianaise ón Aire Talmhaíochta agus lascaigh.


21. Ordaíodh: go gceanglófaí ar A. Bléine agus R. Ó Murnáin teacht i láthair.


22. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.50 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (10).