Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::24 March, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 24 Márta, 1971.

Wednesday, 24 March, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an tUasal (2) faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


5. D’fhág an tUasal (2) an seomra.


6. Ordaíodh: i gcás vótálanna a dhéanamh. go ndéanfaí socruithe a mhéid ab fhéidir chun a chinntiú go mbeadh caoi ag gach comhalta den Choiste bheith i láthair.


7. Rinne an Coiste breithniú.


8. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 12.45 p.m. go dtí 4 p.m. inniu.


9. Chruinnigh an Coiste arís ar 4 p.m.


10. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


11. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Séamas Mac Giolla Phádraig, Rúnaí, Coiste Athlonnaithe Teifeach Bhéal Feirste faoi mhionn agus ceistíodh é.


12. D’fhág S. Mac Giolla Phádraig an seomra.


13. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt seo chugainn.