Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::30 March, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 30 Márta, 1971.

Tuesday, 30 March, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh P. Ó Maoileoin, Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána, faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


5. D’fhág P. Ó Maoileoin an seomra.


6. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


7. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Eoin Mac an Naois, Stiúrthóir, Oifig Eolais an Rialtais, faoi mhionn agus ceistíodh é.


8. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6 p.m. go dtí 7 p.m. inniu.


9. Chruinnigh an Coiste arís ar 7 p.m.


10. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


11. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar Eoin Mac an Naois a cheistiú.


12. D’fhág E. Mac an Naois an seomra.


13. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


14. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Risteard Ó Murnáin faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


15. D’fhág an tUasal Ó Murnáin an seomra.


16. Rinne an Coiste breithniú.


17. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10.10 p.m. go dtí 5.30 p.m. amárach.