Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::23 March, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 23 Márta, 1971.

Tuesday, 23 March, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Nualláin):


“That Deputy R. Burke be the Chairman until the return of the Chairman.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta de Búrca i gCeannas dá réir sin.


5. Rinne an Coiste breithniú.


Chuaigh an Teachta Ó hÓgáin i gCeannas arís.


6. Bhreithnigh an Coiste litir* den 18 Márta, 1971 ó Anraoi Bléine agus litir den 22 Márta, 1971 ó M. B. Ó Cléirigh agus a Chuid., Aturnaetha, ag gníomhú don Uasal A. Bléine, maidir leis an toghairm don Uasal Bléine teacht i láthair inniu os comhair an Choiste.


Ordaíodh: go gcuirfí in iúl don Uasal Bléine nach nglaofaí air an tseachtain seo.


7. Bhreithnigh an Coiste meabhrán den 11 Márta ón Roinn Airgeadais, maidir le fruiliú tuairisceoirí.


Ordaíodh: go suífeadh an Coiste, ag an gcéim seo, ar an Máirt agus maidin na Céadaoine.


8. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.15 p.m. go dtí 4.30 p.m. inniu.


9. Chruinnigh an Coiste arís ar 4.30 p.m.


10. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh M. Ó Uidheams, Coimisinéir an Gharda Síochána, faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


11. D’fhág M. Ó Uidheams an seomra.


12. Ordaíodh: go gceanglófaí ar an Uasal Ó Maoileoin, Coimisinéir Cúnta an Gharda, agus ar Eoin Mac an Naois teacht i láthair.


13. Ordaíodh: go bhfaighfí Leabhair Fhianaise an chéad agus an dara armthriail.


14. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.10 p.m. go dtí 7.30 p.m. inniu.


15. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


16. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an tUasal C. faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


17. D’fhág An tUasal C. an seomra.


18. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an Uasal H. T. Ó Deocáin a cheistiú i suí príobháideach.


19. D’fhág an tUasal Ó Deocáin an seomra.


20. Ordaíodh: go gceanglófaí ar W. Tornuil, T. Ó Maoldhomhnaigh, M. V. Ó Cadhain, R. Heywood-Mac Seoin, D. Ó Riain. T. Ó Crotaigh, J. N. Ó Nualláin agus V. Mac Raghnaill teacht i láthair.


21. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


22. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh W. Tornuil, T. Ó Maoldhomhnaigh, M. V. Ó Cadhain, R. Heywood-MacSeoin, D. Ó Riain, T. Ó Crotaigh, J. N. Ó Nualláin agus V. Mac Raghnaill faoi mhionn agus ceistíodh iad.


23. D’fhág na finnéithe an seomra.


24. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.5 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (3).


† Foscríbhinn 4 (3).


‡ Foscríbhinn 4 (6).