Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::18 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 18 Feabhra, 1971.

Thursday, 18 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCoirnéal Ó hEibhrín a cheistiú.


6. D’fhág an Coirnéal Ó hEibhrín an seomra.


7. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


8. Rinne an Coiste breithniú.


9. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.10 p.m. go dtí 2.30 p.m. inniu.


10. D’athchrom an Coiste ar a ghnó ar 2.30 p.m.


11. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


12. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Leslie Bean de Barra, Cathaoirleach Cumann Croise Deirge na hÉireann, faoi mhionn agus ceistíodh í (agus Máire Ní Mhurchadha, Rúnaí, Cumann Croise Deirge na hÉireann, ina teannta).


13. D’fhág Bean de Barra an seomra.


14. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Máire Ní Mhurchadha, Rúnaí, Cumann Croise Deirge na hÉireann, faoi mhionn agus ceistíodh í (agus Leslie Bean de Barra ina teannta).


15. D’fhág Máire Ní Mhurchadha an seomra.


16. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


17. Ordaíodh: go gceanglófaí ar an Teachta Cathal Ó hEochaidh, an Teachta Niall Bléine agus Seán Ó Ceallaigh bheith i láthair.


18. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le D. Breathnach, Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus le D. Ó Coigligh, Oifig an Ard-Aighne.


19. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.50 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn.