Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::17 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 17 Feabhra, 1971.

Wednesday, 17 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Ordaíodh: go gcuirfí fios ar na tuarascálacha dar thagair an tArd-Cheannfort Seán Pléimeann ina chuid fianaise.*


5. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais.


6. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


7. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Páraic Ó hEochaidh faoi mhionn agus ceistíodh é.


8. D’fhág P. Ó hEochaidh an seomra.


9. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


10. Rinne an Coiste breithniú.


11. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


12. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar Pháraic Ó hEochaidh a cheistiú.


13. D’fhág Páraic Ó hEochaidh an seomra.


14. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


15. Rinneadh tairiscint (An Cathaoirleach):


“That, arising from the refusal of Mr. Páraic Haughey to answer questions to which the Committee legally required answers, the Committee certify the offence to the High Court.”


Cuireadh an Cheist.


Rinne an Coiste vótáil:


Tá, 11; Níl 1.


Tá:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), An Teachta S. Baróid, B. Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, G. Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, S. Céitinn, T. Ó Nualláin, S. Ó Treasaigh agus S. Ó Tonnaigh.


Níl:—


An Teachta R. Mac Searraigh.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


16. Ordaíodh: go dtaifeadfaí sna himeachtaí go ndúirt an Teachta Mac Searraigh gur vótáil sé i gcoinne na tairisceana ar an ábhar gur dhiúltaigh sé aontú le glaoch ar bith go dtí cibé tráth a measadh dó nach bhféadfadh an Coiste leanúint dá iniúchadh.


17. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.20 p.m. go dtí 4 p.m. inniu.


18. Chruinnigh an Coiste arís ar 4 p.m.


19. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais.


20. Rinne an Coiste breithniú.


21. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


22. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCoirnéal Ó hEibhrín a cheistiú.


23. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6 p.m. go dtí 7.30 p.m. inniu.


24. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


25. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


26. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCoirnéal Ó hEibhrín a cheistiú.


27. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 9.35 p.m. go dtí 9.50 p.m. inniu.


28. Chruinnigh an Coiste arís ar 9.50 p.m.


29. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


30. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCoirnéal Ó hEibhrín a cheistiú.


31. D’fhág an Coirnéal Ó hEibhrín an seomra.


32. Ordaíodh: go gceanglófaí ar Chathaoirleach agus ar Rúnaí Chumann Croise Deirge na hÉireann bheith i láthair.


33. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10.25 p.m. go dtí 10 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (26).