Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::17 November, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 17 Samhain, 1971.

Wednesday, 17 November, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Bhreithnigh an Coiste litreacha* an Choirnéil Uí Eibhrín den 11 agus 14 Samhain 1971 ag freagairt litir* an Choiste den 10 Samhain 1971.


Ordaíodh: go n-ullmhódh an Rúnaí dréacht-fhreagra lena chur faoi bhráid abhcóide (faoi réir cead a fháil ón Aire Airgeadais don chaiteachas ba ghá).


5. Ordaíodh: go n-ullmhódh an Rúnaí dréacht-litir don aturnae do Shéan Ó Ceallaigh, maidir lena chuid iarratas i dtaobh fianaise a tógadh go príobháideach, lena cur faoi bhráid abhcóide.


6. Rinne an Coiste breithniú ar fhoirm de dhréacht-Thuarascáil Deiridh.


7. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6 p.m. go dtí 7.30 p.m. Dé Máirt seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (13).