Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::09 November, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 9 Samhain, 1971.

Tuesday, 9 November, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin. Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, Mac Searraigh. Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


4. Bhí an tUasal T. Mac Gabhann, B.L. agus an tUasal M. Ó Mearáin, aturnae, i láthair mar chomhairleoirí don Choiste le linn an Captaen Ó Ceallaigh a bheith á chros-cheistiú.


5. Rinne an tUasal A. Ó hIceadha, A.S. agus an tUasal A. Ó Flatharta, B.L. (faoi theagasc an Phríomh-Aturnae Stáit), an Captaen Séamus Ó Ceallaigh a chroscheistiú thar ceann an Ard-Cheannfoirt Seán Pléimeann, agus an tArd-Cheannfort Pléimcann féin i láthair.


6. D’fhág An tUasal Ó hIceadha, An tUasal Ó Flatharta, an Captaen Ó Ceallaigh agus an tArd-Cheannfort Pléimeann an seomra.


7. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


8. Cuireadh in iúl don Choiste gur chuir an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh i bhfios nach bhféadfadh sé aontú leis an nóta a shín sé isteach chun an Choiste an 22 Aibreán 1971 a thaispeáint don Choirnéal Ó hEibhrín.


9. Bhreithnigh an Coiste litir* den 7 Samhain ón gCoirnéal Ó hEibhrín ag freagairt litreach* den 4 Samhain ón gCoiste á chur in iúl dó go n-éistfí leis inniu.


Beartaíodh: foirm an fhreagra a cheadú.*


10. Insíodh don Choiste nach bhfuarthas aon scéala ón Uasal H ó tugadh tuairisc don Choiste an tseachtain seo caite.


11. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (13).