Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::23 November, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 23 Samhain, 1971.

Tuesday, 23 November, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Ó Nualláin agus Ó Treasaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Rinne an Coiste breithniú ar thuairim abhcóide ar fhoirm an fhreagra ar litreacha* an Choirnéil Uí Eibhrín den 11 agus 14 Samhain 1971.


Ordaíodh: (i) go bhfiafrófaí den Aire Talmhaíochta agus Iascaigh an raibh an nóta a shín sé isteach an 22 Aibreán le linn a chuid fianaise cosanta go sonrach ag an Acht um Rúin Oifigiúla (ii) go


gcuirfí an fhiafraí chéanna ar Choimisinéir an Gharda an tUasal Wymes,* agus ar an gCoimisinéir Cúnta an tUasal Ó Maoileoin maidir le fianaise a thug siad go príobháideach agus (iii) go gcuirfí in iúl don Choirnéal Ó hEibhrín go raibh cead tugtha dó an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh a chros-cheistiú.


5. Athchromadh ar fhoirm dréacht-Thuarascála Deiridh a bhreithniú.


6. Ordaíodh: go n-iarrfaí ar Aer Lingus an sonra a thabhairt ar aird a bhain leis an íocaíoch ar £166.12.0. i leith táillí fillte Bhaile Átha Cliath-Londain.††


7. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10 p.m. go dtí 4 p.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (13).


† Foscríbhinn 4 (10).


* Foscríbhinn 4 (26).


† Foscríbhinn 4 (19).


‡ Foscríbhinn 4 (13).


†† Foscríbhinn 4 (1).