Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::16 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 16 Feabhra, 1971.

Tuesday, 16 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, Mac Gearailt, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E.P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Ordaíodh: go n-éistfí leis an gCaptaen Ó Ceallaigh, mar a d’iarr sé ó bhéal, ar ghnó atá sceidealta don lá inniú a bheith curtha de láimh.


5. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Breandán Ó Domhnaill faoi mhionn agus ceistíodh é.


7. D’fhág B. Ó Domhnaill an seomra.


8. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Gearóid Mac Eoin faoi mhionn agus ceistíodh é.


9. D’fhág G. Mac Eoin an seomra.


10. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Séamas Ó Brádaigh faoi mhionn agus ceistíodh é.


11. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1 p.m. go dtí 4 p.m. inniu.


12. Chruinnigh an Coiste arís ar 4 p.m.


13. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


14. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar Shéamas Ó Brádaigh a cheistiú.


15. D’fhág S. Ó Brádaigh an seomra.


16. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


17. Ordaíodh: go dtógfaí fianaise go príobháideach ón gCaptaen Ó Ceallaigh i dtaobh cén chúis ar theastaigh uaidh ráiteas a dhéanamh leis an gCoiste.


18. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú i suí príobháideach.


19. Ordaíodh: go leanfaí den Chaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú i suí poiblí agus, ar an gCaptaen Ó Ceallaigh d’aontú leis, go bhfoilseofaí an fhianaise a tógadh uaidh inniu i suí príobháideach.


20. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


21. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú.


22. D’fhág an Captaen Ó Ceallaigh an seomra.


23. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


24. Thug an Coiste chun suntais litir dar dáta an 12 Feabhra 1971* a fuarthas ón Teachta Cathal Ó hEochaidh.


25. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.35 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (11).