Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::11 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 11 Feabhra, 1971.

Thursday, 11 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E.P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú.


6. D’fhág an Captaen Ó Ceallaigh an seomra.


7. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


8. Ordaíodh: go dtabharfaí cuireadh don Chaptaen Ó Ceallaigh aighneacht i scríbhinn a dhéanamh ar aon phointe eile ba mhaith leis a chur i láthair ag an gcéim seo.


9. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Máirt seo chugainn.