Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::15 July, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 15 Iúil, 1971.

Thursday, 15th July, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, Mac Bhloscaidh, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Ó Nualláin, Mac Searraigh, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


(Order of Dáil of 1 December 1970).


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1969-70.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1969-70. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin agus Pinsin Ex-Gratia do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, Luach Saothair, Poist agus Telegrafa agus Rialtas Áitiúil.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Cathal Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), P. L. Ó Colmáin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), M. Laighléis (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


(Order of Dáil of 1 December 1970).


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.45 p.m.