Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::28 June, 1973::Report

AN TUARASCÁIL DEIRIDH

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 25 MEITHEAMH 1971

1. Fuair an Coiste le déanaí tuairimí an Aire Airgeadais ar mhír 81 (a) dá Thuarascáil dar dáta 13 Iúil 1972 agus scrúdóidh sé iad in am tráth. Maidir le mír 81 (b) agus (c) agus míreanna 82-88 den Tuarascáil sin, tugann an Coiste dá aire freagra an Aire Airgeadais ar Cheist Dála Uimh. 47 den 20 Meitheamh 1973 agus fanfaidh sé lena dtarlóidh.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 22 FEABHRA 1961

2. Ina mheamram dar dáta 30 Eanáir 1968 gheall an tAire Airgeadais go dtabharfadh sé scéala don Choiste i dtaobh aon rud a tharlódh maidir le gnóthú íocaíochtaí dúbláide a rinneadh le húdaráis áitiúla áirithe i leith uisce a soláthraíodh d’áitribh leis an Stát. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach ar tugadh an cheist seo chun críche.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 10 MÁRTA 1966

Mír 25.


3. Tugann an Coiste dá aire ráiteas an Aire Airgeadais go raibh an Príomh-Aturnae Stáit ar thóir éileamh £211 a bhí ag dul don Roinn Foraoiseachta agus ba mhaith leis a fháil amach ar gnóthaíodh an tsuim sin agus, murar gnóthaíodh, an bhfuil aon dóchas ann go ngnóthófar í go luath. Ag féachaint don ardú atá ag teacht ar an gcostas a bhaineann leis an éileamh a lorg le tréimhse de bhreis agus deich mbliana agus an laghdú atá tagtha ar luach fíor an airgid i gcaitheamh na haimsire sin tá amhras ar an gCoiste an mbeadh sé ciallmhar a thuilleadh airgead poiblí a chaitheamh ag tóraíocht an éilimh sin feasta.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 27 MEITHEAMH 1968

Mír 17.


4. Tugann an Coiste dá aire, i gcaitheamh na dtrí mbliana dar chríoch 31 Márta 1971, go ndearnadh cros-sheiceáil ar thuairisceáin cánach láimhdeachais in aghaidh cuntais iniúchta a tíolacadh chun críocha cánach ioncaim, agus gur foilsíodh neamhrialtachtaí i dtuairim 2,400 cás. I bhformhór na gcásanna sin ní bhfuarthas ach fíorbheagán fianaise, má fuarthas a leithéid in aon chor, go raibh seachaint ar siúl agus socraíodh iad sin ar an méid a bhí dlite a íoc, maille le hús. Tugann an Coiste dá aire freisin, as 75 cásanna ina bhfuarthas fianaise go raibh seachaint ar siúl, go ndearnadh inchúiseamh le toradh sásúil i gcás 45 acu agus gur socraíodh an 30 eile acu ar an bhforas go n-íocfaí riaráistí cánach maraon le hús agus breis iomchuí i leith pionós.


Is eol don Choiste, ó tugadh isteach an cháin bhreisluacha, nach bhfuil cáin láimhdeachais intobhaigh a thuilleadh agus meabhraíonn sé go rabhthas á éileamh go bhféadfaí, leis na bealaí a bhí ann chun an cháin nua a mhuirearú agus a chruinniú, aon chaoi chun íoc a sheachaint a laghdú go mór. Tá súil ag an gCoiste gur éileamh é sin a bhfuil bonn ceart faoi. Mar sin féin ba mhaith leis a bheith deimhin de go leanfar, nuair is féidir, de chros-sheiceáil d’fhonn a bheith cinnte go bhfaighfear aon neamhrialtachtaí amach láithreach agus go ndéileálfar leo.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 23 IÚIL 1969

Mír 3.


5. Ábhar mór míshuaimhnis don Choiste a fháil amach nach bhfuiltear ag tuar leis go ndéanfar aon ní faoin gceist i dtaobh athbhreithniú parlaiminte ar chomhlachtaí Stát-urraithe go dtí go mbeidh cinneadh déanta i dtaobh na bpríomh-mholtaí atá sa Tuarascáil ó Bhuíon Bhreithnithe Eagrú na Seirbhísí Poiblí maidir leis an tseirbhís phoiblí a atheagrú. I roinnt dá thuarascálacha deireanacha chuir an Coiste béim ar an tábhacht atá le comhlachtaí Stát-urraithe a bheith cuntasach agus sa mheamram uaidh dar dáta 21 Aibreán 1965 agus i roinnt meamram ina dhiaidh sin dheimhnigh an tAire Airgeadais don Choiste go raibh an scéal faoi bhreithniú. Is é tuairim láidir an Choiste go bhfuil sé i bhfad thar am cinneadh a dhéanamh ar an ábhar fíorthábhachtach seo agus ní féidir leo aontú leis gur chóir é a chur ar athló go dtí go mbeidh cinneadh déanta faoi mholtaí na Buíne Breithnithe.


Níl sé ar intinn ag an gCoiste athrá a dhéanamh ar an méid a dúirt sé i dtuarascálacha roimhe seo faoin ábhar sin. Measann sé gur léir go bhfuil gá le beart práinneach a dhéanamh ag féachaint don méid airgid vótáilte atá á chaitheamh ag na comhlachtaí sin, méid atá ag síormhéadú. Mar atá, samhlaítear dó go bhfuil a shaothar á chur ó rath, cuid mhór, toisc nár cuireadh d’iallach ar na comhlachtaí Stát-urraithe sin a bheith faoi réir cuntas poiblí a thabhairt. Iarrann sé arís eile an scéal a chinneadh go luath agus tá áthas air a shonrú go ndúirt an Coiste um Nós Imeachta na Dála a Atheagrú freisin ina Thuarascáil dar dáta 1 Nollaig 1972 go bhfuil géarghá le cinneadh a dhéanamh go luath ar an scéal sin.


Mír 5.


6. Tá an Coiste ar roinnt ócáidí tar éis aird a tharraingt ar na suimeanna móra a íocadh amach as airgead poiblí mar tháillí gairmiúla i ndáil le conarthaí móra tógála agus chuir sé in iúl gur beag an spreagadh a bheadh ann chun tíobhais fad a leanfaí de na táillí sin a thomhas in aghaidh costas in ionad iad a thomhas in aghaidh na hoibre a rinneadh. Moladh a rinne an Coiste i dtuarascáil níos luaithe, is é sin, gur cheart go bhféadfaí táille a réiteach i gcás conartha mhóir, ní raibh fáilte roimhe ag na comhlachtaí gairmiúla atá ag ionadú d’ailtirí, do shuirbhéirí cainníochta agus d’innealtóirí sibhialta.


Ina mheamram dar dáta an 29 Eanáir 1969 luaigh an tAire Airgeadais go ndearnadh tagairt do sholáthar seirbhísí gairmiúla i dTuarascáil na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíochta Tionscail ar LánFhostaíocht i gcomhthéacs cleachtas srianta agus i dtaca leis an moladh sa Tuarascáil sin gur chóir go bhféadfadh an Coimisiún Cóir-Thrádála cleachtais mar sin a athbhreithniú, chuir sé in iúl go raibh an moladh sin faoi bhreithniú maidir leis an Tríú Clár um Fhorbairt Eacnamaíochta. Dúirt sé freisin go mbeadh an cheist i dtaobh táillí gairmiúla go ginearálta le breithniú maidir leis sin.


Tugann an Coiste dá aire go ndéanann an tAcht um Chleachtais Srianta, 1972, foráil faoi fhiosrúchán a dhéanamh i dtaobh na ndálaí atá ann maidir le soláthar aon seirbhíse agus ba mhaith leis go n-inseofaí dó an bhfuil sé beartaithe fiosrúchán mar sin a dhéanamh faoi na dálaí atá ann i leith seirbhísí gairmiúla a sholáthar maidir le conarthaí móra tógála agus, go háirithe, faoi leibhéal na dtáillí gairmiúla a bhaintear amach maidir leis na conarthaí sin.


Mír 11.


7. Sa Tuarascáil uaidh ar na Cuntais Leithreasa do 1966-67 thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste do 1,000 cás inar loic fostaithe tuairisceáin mhíosúla ar Cháin Ioncaim faoin gcóras Íoc-mar-Thuillir a chur isteach. Ábhar sásaimh don Choiste scéala a fháil ón Aire go raibh laghdú go dtí 22 tagtha, faoi Mheitheamh 1971, ar an méid cás acu sin a bhí fós gan socrú. Ba mhaith leis deimhniú a fháil go ndearnadh na bearta is gá chun líon na bhfostóirí a loiceann i gcásanna Íoc-mar-Thuillir a choinneáil ag an bpointe íosta i gcónaí.


Míreanna 24-29.


8. Tugann an Coiste dá aire na bearta atá déanta sna blianta deiridh seo chun na bealaí earcaíochta a fheabhsú don Státseirbhís i gcoitinne agus freisin na scéimeanna speisialta atá ceaptha chun earcaíocht i ngráid áirithe a fheabhsú. Tá súil aige go n-éireoidh leo sin laghdú a thabhairt ar an méid nach beag d’fholúntais atá ann le suim blianta i gcuid de na Ranna móra go háirithe sna gráid iontrála. Ón scrúdú is déanaí a rinne sé ar Oifigigh Chuntais tá sé faighte amach ag an gCoiste go bhfuil na folúntais sin ag tarlú fós cé go mb’fhéidir nach bhfuil siad chomh líonmhar agus a bhí roimhe seo. Cé go mbeadh súil leis ag an gCoiste gur chóir go bhféadfadh bealaí feabhsaithe earcaíochta agus saoráidí traenála speisialta cuid éigin de dheacracht na faidhbe sin a réiteach measann sé nach féidir beag-thábhacht a dhéanamh de leibhéil shásúla tuarastail agus caoi shásúil le hardú céime a fháil. Ba mhaith leis eolas a fháil faoin dul ar aghaidh a dhéanfar i dtaobh réiteach na faidhbe sin.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 12 SAMHAIN 1970

Mír 13.


9. Ba mhaith leis an gCoiste tuilleadh eolais a fháil faoi rialú dúbláide ar ghníomhaíochtaí áirithe sa Roinn Cosanta a luaithe a bheidh an scrúdú ar mholtaí na Buíne Athbhreithnithe maidir leis an Roinn sin críochnaithe.


Mír 15.


Foscríbhinn 25.


10. Tá fáilte ag an gCoiste roimh an deimhniú ón Aire Airgeadais go bhfeidhmíonn an Roinn Sláinte gnáth-mhaoirseacht agus gnáth-riail ar phleanáil, forbairt agus caiteachas i gcás tionscnamh tógála ospidéal a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach as airgead na Roinne. Cuirtear an t-airgead sin ar fáil ar mhodh airgead deontais-i-gcabhair a eisítear ar an gcéad ásc do Bhord Iontaobhais na nOspidéal agus a dháileann an Bord ar údaráis ospidéil.


Tugann an Coiste dá aire go ndéantar le blianta beaga anuas airgead vótáilte a chur ar fáil freisin don Bhord Iontaobhais faoi chomhair easnaimh na n-ospidéal saorálach a ghlanadh. Mhínigh an tOifigeach Cuntais ina fhianaise go mbíodh go leor sa soláthar airgid a chuirtí arfáil roimhe seo don Bhord Iontaobhais as airgead crannchuir le haghaidh an chaiteachais chaipitiúil chun ospidéil nua a thógáil agus na heasnaimh a ghlanadh ach nach leor an soláthar airgid sin a thuilleadh chun fiú easnaimh na n-ospidéal saorálach a ghlanadh. Dá thoradh sin, tá ag méadú ar an gcuid sin de dheontais an Bhoird do na húdáráis ospidéil nach foláir a íoc as airgead an Státchiste. Sna toscaí sin tá sé á mholadh ag an gCoiste gur ceist le breithniú é ar chóir feasta an t-airgead Státchiste sin a eisiúint go díreach do na húdaráis ospidéil as airgead gnáth-mhírchinn in ionad bheith á eisiúint go neamhdhíreach as airgead deontais-i-gcabhair mar atá á dhéanamh faoi láthair. Chuirfeadh athrú mar sin in áirithe go mbeadh an caiteachas faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus faoi réir a athbhreithnithe ag an gCoiste.


Míreanna 22-26.


11. Tugann an Coiste dá aire gurb é barúil saineolaithe agus ailtire na Roinne Talmhaíochta, a scrúdaigh na doiciméid a fuarthas ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i ndáil leis na hoibreacha caipitiúla ar Eastát Lyons agus a d’iniúch na hoibreacha sin, nár bhain aon rabairne le pleanáil na bhfoirgneamh ná le costas iarbhír na hoibre a rinneadh. Níl an Coiste deimhin de amach is amach, áfach, go ndearnadh leor-chúram d’ullmhú na bpleananna agus na meastachán le haghaidh na hoibre forbartha ná de mhaoirseacht na hoibre sin. Ba mhaith leis go n-inseofaí dó cad a thiocfaidh de mheas Mhisiún na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta ar phleananna Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i gcoitinne i leith forbairt na Dáimhe Talmhaíochta ansin agus go háirithe maidir le forbairt Eastát Lyons.


Mír 28.


12. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil rochtain iomlán ag an Roinn Oideachais, faoi na socraíochtaí airgeadias a comhaontaíodh le Córas Iompair Éireann, ar na cuntais agus ar an eolas uile a bhaineann leis an tseirbhís iompair scoile. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó ar bhain oifigigh na Roinne leas as an gceart rochtana sin d’fhonn a bheith deimhin de go bhfuil táillí C.I.E. maidir leis an tseirbhís iompair scoile cóir réasúnach.


Mír 30.


13. Is maith leis an gCoiste a chlos go soláthrófar dó feasta sonraí faoin gcaiteachas reatha ar scoileanna cuimsitheacha. Measann sé gur cheart, freisin, sonraí faoi ioncam, más ann, a chur faoina bhráid agus tá sé á mholadh gur i bhfoirm cuntas fáltas agus íocaíochtaí i leith gach scoile is fearr a fhéadfaí an t-eolas sin a chur ar fáil.


TUARASCÁIL EATRAMHACH DAR DÁTA 22 IÚIL 1973

OIFIG AN AIRE AIRGEADAIS

Iasachtaí coigríche a infheistiú go sealadach lasmuigh den Stát.

Cta. 1-30.


Foscríbhinn 48.


14. Thug an Coiste dá aire gur cuireadh in iúl sa tuairim a luaigh Roinn an Ard-Aighne nach raibh foras ar bith ann le bheith in amhras faoi bhailíocht alt 4 den Acht Leithreasa, 1965, arna leasú, ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta. Tar éis don Choiste an scéal a bhreithniú arís i bhfianaise na dtuairimí breise a luaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina litir dar dáta 28 Iúil 1971 agus na díospóireachta sa Dáil an 4 Lúnasa 1971 tá sé ar an tuairim nach maith an rud in aon chor é go bhfanfadh airgead a tógadh ar iasacht chun críocha Státchiste lasmuigh de Chuntas an Státchiste níos faide ná mar is gá. Ní léir dóaon chúis chóir nach ndéanfaí aon airgead den sórt sin a chreidiúnú ar an bpointe do Chuntas an Státchiste fiú le linn dóibh a bheith infheistithe go sealadach lasmuigh den Stát agus molann sé gur cheart an reachtaíocht leasaitheach is gá a ullmhú.


CUID II—CUNTAIS AR LEITHLIGH

CUNTAS AN CHISTE CAIPITIL

Cta. 14-20.


Foscríbhinn 4.


15. Bunaíodh an Ciste Caipitil faoi alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1956, d’fhonn na suimeanna is ionann agus fáltais an Tobhaigh Speisialta Allmhairithe a ghlacadh. D’fhéadfaí an Ciste a chur chun feidhme chun aon chríocha a ndéantar airgead poiblí a sholáthar ina leith nó faoina gcomhair is críocha a chabhródh le hacmhainní caipitiúla a fhorbairt nó a fheabhsú. Cuireadh deireadh leis an Tobhach Speisialta Allmhairithe amhail ón 1 Aibreán 1959 agus amhail ón dáta sin bhí fáltas an Chiste Chaipitil beag go maith agus is é a bhí ann airgead caipitiúil a aisíocadh mar aon le hús ar airleacain ón gCiste.


Ag tabhairt a chuid fianaise dó gheall an tOifigeach Cuntais don Roinn Airgeadais go mbreithneodh sé moladh go mba ghnó críochnúil é ó thaobh airgeadais de dá gcuirtí deireadh leis an gCiste agus dúirt sé freisin go mb’fhéidir go bhféadfaí réimniú éigin airgeadais a dhéanamh ní hamháin maidir leis an gCiste Caipitil ach maidir le hairgead eile chomh maith. Chuir an tOifigeach Cuntais in iúl don Choiste i nóta uaidh go raibh sé beartaithe socrú a dhéanamh sa chéad Bhille Airgeadais eile le haghaidh foirceannadh an Chiste Caipitil. Dúirt sé freisin nach raibh aon chistí eile faoi rialú an Aire Airgeadais nach raibh tairbhe á bhaint astu.


Tugann an Coiste dá aire go bhfuil foráil in alt 41 den Acht Airgeadais, 1972 le haghaidh foirceannadh an Chiste Caipitil agus tuigtear dó go bhfuiltear tar éis an Ciste a fhoirceannadh ó shin agus an t-iarmhéid a aistriú chun sochair do chuntais an Státchiste. Cé gur maith leis an gCoiste an deimhniú a fháil go bhfuil tairbhe á bhaint i gcónaí as gach uile chiste eile atá faoi rialú an Aire Airgeadais meastar dó go mb’fhéidir go bhféadfaí tuilleadh réimniú airgeadais a dhéanamh i gcás na gcistí iomadúla atá faoi rialú na ranna eile Stáit agus molann sé nár mhiste don Roinn Airgeadais, ós é an príomh-údarás airgeadais é, an scéal sin a bhreithniú.


CUNTAIS COMHLACHTAÍ STÁT-URRAITHE A INIÚCHADH

Cta. 34-47.


Foscríbhinn 5.


16. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird air mar scéal gurbh é féin iniúchóir Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta ó bunaíodh é i 1947, ach go ndearna an comhlacht sin, le toiliú roimh ré ón Aire Airgeadais, rún a rith ag a chruinniú ginearálta bliantúil i Samhain 1949 ag ceapadh iniúchóra eile. Tuigtear don Choiste gur dhiúltaigh an tAire Airgeadais i 1967 rún den sórt céanna ón gcomhlacht sin a cheadú. Cé nár thug Oifigeach Cuntais na Roinne Airgeadais don Choiste fios na bhfáthanna a thug ar an gcomhlacht an togra a chur ar aghaidh arís ná a thug ar an Aire Airgeadais é a cheadú i 1969 dúirt sé nach rud rí-annamh an rud sin a bhí tar éis tarlú i gcás Ghabháltais Cruach na hÉireann Teoranta. Dúirt sé gur socraíodh mar chinneadh polasaí tuairim deich mbliana roimhe sin nach ndéanfadh an tAire a bheadh i gceist aon chur in aghaidh dá bhfaighfí iarratasó cheann ar bith de na comhlachtaí tráchtála Stáit seanbhunaithe iniúchóirí a cheapadh seachas an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


I mír 5 den Tuarascáil seo tá iarratas á dhéanamh arís ag an gCoiste go ndéanfaí cinneadh go luath i dtaobh comhlachtaí Stát-urraithe a bheith cuntasach don phobal. I gcás cuntasacht mar sin, sa chéill is iomláine, theastódh go mbeadh cuntais comhlachta Stáit faoi réir a n-iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus go mbeadh a chuid gníomhaíochtaí faoi réir breithniú parlaiminte. Sna dálaí sin measann an Coiste nach tograí le moladh aon tograí ó chomhlachtaí den sórt sin a n-iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a ligean thar ceal.


OIFIG AN AIRE AIRGEADAIS

Íocaíochtaí leis an gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin (Deontas-i-gCabhair)

Cta. 53-59.


17. Sa Tuarascáil uaidh dar dáta 12 Samhain 1970, chuir an Coiste an tuairim in iúl go mbeadh na deontais agus na hiasachtaí ón gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin oiriúnach ar bhealach do na seirbhísí a bhíonn á soláthar ag an Údarás Forbartha Tionscail. Ina mheamram dar dáta an 25 Meitheamh 1971 dúirt an tAire Airgeadais go mbeadh cosc ar an Údarás Forbartha Tionscail cúnamh a thabhairt do go leor de na tionscnaimh a fhaigheann cabhair ón gCiste toisc nach gceaptar leis an Acht Forbartha Tionscail, 1969, gníomhréim a bheith ag an Ú.F.T. lasmuigh de chúrsaí tionscail ná nach dtugann sé de chumhacht don Údarás iasachtaí a thabhairt. Dúirt sé freisin go dtéitear i gcomhairle go hiomlán leis an Ú.F.T. sula dtugtar cúnamh as an gCiste do thionscnaimh thionscail.


Tháinig an t-ábhar sin os comhair an Choiste fós arís nuair a bhí Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do 1969-70 á bhreithniú aige. Ag tabhairt fianaise dó luaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an deacracht a bhain lena fháil amach cé mhéid cúnaimh Stáit ar fad a deonaíodh do ghnóthas tionscail mar gheall ar na gnéithe éagsúla faoina bhféadfaí an cúnamh sin a thabhairt agus mar gheall ar na gníomhaireachtaí éagsúla a sholáthraíonn é.


Cuireann gníomhaireachtaí ar nós Bord Fáilte Éireann, Gaeltarra Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionscail, Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Fóir Teoranta, Roinn na Gaeltachta, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna agus an Ciste Speisialta Forbartha Réigiúin cúnamh stáit ar fáil chun críocha tionscail, tráchtálá agus sóisialta. Cé go nglacann an Coiste leis go bhfuil limistéar feidhmiúcháin speisialta ag gach gníomhaireacht is ábhar cúraim dó go mb’fhéidir go mbeadh feidhmeanna ag rith isteach ar a chéile. Tá an tOifigeach Cuntais don Roinn Airgeadais tar éis a dheimhniú don Choiste go mbíonn, go ginearálta, teagmháil idir na gníomhaireachtaí éagsúla d’fhonn is nach mbeadh aon dúbláid á dhéanamh i gcúrsaí cúnaimh. Aontaíonn an Coiste leis gur ábhar polasaí é na gnéithe éagsúla cúnaimh Stáit a bheith á n-ionramháil ag gníomhaireachtaí éagsúla atá in inmhe plé leo. Mar sin féin tá iarracht de thuairim aige go mba thairbheach an rud é réimniú éigin a dhéanamh. Tá cuid mhaith costais riaracháin ag baint leis na gníomhaireachtaí éagsúla sin a sheirbhísiú agus ní fhéadfadh gan costas nach beag a bheith ag gabháil le córas éifeachtúil teagmhála eatarthu a chothabháil d’fhonn is nach mbeadh rudaí ag rith isteach ar a chéile. Ba mhaith leis an gCoiste tuilleadh tuairimí a fháil ón Aire ar an ní seo.


IOMPAR AGUS CUMHACHT

Cta. 210-246.


Foscríbhinn 13.


18. I mír 6 dá Thuarascáil ar na Cuntais do 1968-69 thagair an Coiste do na híocaíochtaí móra, darbh iomlán £75,519, a rinneadh i leith breis-ama ón Vóta d’Iompar agus Cumhacht. Níorbh fholáir don Choiste filleadh ar an ábhar seo agus é ag scrúdú na gCuntas Leithreasa do 1969-70, bliain inar mhéadaigh na suimeanna a íocadh ón Vóta sin i leith breis-ama go dtí £105,917. Dúirt an tOifigeach Cuntais ina chuid fianaise go ndearnadh na suimeanna sin a íoc go formhór le radio-oifigigh eitlíochta a bhí ag féachaint i ndiaidh cothabháil agus oibriú trealaimh radio ag na haerfoirt agus go mbeadh sé an-chostasach seirbhís a oibriú ar sheal 24 uaire seacht lá sa tseachtain ar an bhforas nach n-oibreofaí breis-am. Glacann an Coiste leis go mbeidh gá i gcónaí le roinnt éigin breis-ama ach is ábhar cúraim aige a airde a bhí cuid de na híocaíoch a rinneadh.


Bhí an Coiste ag fiafraí freisin cibé acu, i gcásanna a n-íoctar suimeanna cuíosach mór i leith freastal breis-ama, an raibh córas ar bith iniúchta ann chun a fháil amach an raibh gá dáiríre le freastal den sórt sin in aon chor. Taispeánann meabhrán a chuir ionadaí ón Roinn Airgeadais faoi bhráid an Choiste go ndéantar athbhreithniú gach bliain ar an méid breis-ama a tharlaíonn agus, de ghnáth, go dtugtar údarás chun breis-ama le pá a dhéanamh ar an mbonn go bhfuil sé níos saoire nó níos éifeachtaí an obair a dhéanamh ar an gcaoi sin ná trí bhreis foirne a fhostú. Chomh maith leis sin chuir an meabhrán san áireamh, maidir leis an mbreis-am a oibrítear sa Roinn Iompair agus Cumhachta, gur breithníodh cheana an cheist a bhain le breis foirne a fhostú d’fhonn breis-am a chur ar ceal ar fad ach go bhfuarthas amach nach bhféadfaí glacadh le beart mar sin ar fhoras tíobhais. Is eol don Choiste go bhfuil folúntais i ngráid bhreis-ama ina chuid den chúis go mbíonn íocaíochtaí móra breis-ama á ndéanamh le roinnt d’fhoireann an aerfoirt agus tá súil aige go mbeidh toradh ar na hiarrachtaí atá ar bun chun na folúntais sin a líonadh. Molann sé go gcoinneofaí an scéal sin faoi bhreithniú.


ROINN NA GAELTACHTA

Fo-mhírcheann E—Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht

Cta. 690-693.


19. Nuair a bhí sé ag tabhairt fianaise dúirt an tOifigeach Cuntais gur thug Roinn na Gaeltachta deontais darbh iomlán £97,652 do 13 óstlann agus teach aíochta sa bhliain atá faoi athbhreithniú i leith costas feabhsaithe a gcóiríochta. Is deontais iad sin de bhreis ar dheontais chun na críche céanna ó Bhord Fáilte Éireann. Foilsíonn Bord Fáilte Éireann anois ina Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais liosta d’óstlanna agus tithe aíochta a fuair deontais chóiríochta uaidh, ag taispeáint méid an deontais i ngach cás. Molann an Coiste go bhfoilseodh Roinn na Gaeltachta i nóta lena Chuntas Leithreasa eolas faoi na deontais chóiríochta a thug sé.


OIBREACHA AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

Cta. 766-772.


20. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird air mar cheist go rabhthas á cheapadh go mbeadh tuairim £420,000 de chostas ag baint leis an méadú ar an Dánlann Náisiúnta cé go ndearnadh conradh ina leith i suim £296,311. Gan gnáthathrú praghsanna a chur san áireamh (£23,000) cuireadh an méadú costais go formhór i leith meastachán uireasach ar chostas seirbhísí meicniúla agus leictreacha (meastachán £87,000; caiteachas £124,500), soláthar saoráidí bialainne agus cistine, a fágadh ar lár roimhe sin as na pleananna (£16,000), athruithe ar an bhforhalla nár áiríodh sa tsonraíocht bhunaidh (£15,000) agus athruithe tomhaiste eile (£20,000). Chuir an tOifigeach Cuntais in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur de bharr méaduithe faoi chlásail athruithe praghsanna agus de bharr roinnt athruithe agus breiseanna nárbh fholáir a dhéanamh le linn na hoibre a tháinig an méadú ar chostas seirbhísí meicniúla agus leictreacha, is é sin, £37,500 ar mheastachán £87,000. Dhealródh sé gur ina chuid is ina chuid a cuireadh an conradh seo i gcrích agus sin rud a mheasfaí ó na saoráidí bialainne agus cistine a bheith curtha isteach, saoráidí ar soláthraíodh dóibh sna pleananna i gcéaduair ach a fágadh ar lár ina dhiaidh sin, agus ó na hathruithe ar an bhforhalla, athruithe nach ndearnadh aon soláthar dóibh sa tsonraíocht bhunaidh. Chuir an tOifigeach Cuntais in iúl don Choiste go bhfuil béim arís agus arís eile ar an tábhacht atá le cruinneas sna meastacháin agus gur tuigthe sin go maith do na hailtirí go léir ach i gcásanna áirithe, mar an Dánlann Náisiúnta, go bhfuil sé an-deacair na mion-riachtanais go léir a fheiceáil roimh ré. Chuir an Coiste béim, ar roinnt ócáidí, ar a riachtanaí atá sé leorphleanáil a dhéanamh roimh ré, go háirithe maidir le conarthaí móra, agus níl sé sásta go hiomlán gur easpaí sa phleanáil sa chás seo faoi deara an difríocht mhór idir figiúr an chonartha agus an praghas deiridh.


TALMHAÍOCHT

Cta. 946-958.


Foscríbhinn 41.


21. Ceistíodh an tOifigeach Cuntais le linn dó a bheith faoi scrúdú maidir leis an gcéatadán talaimh a tugadh chun míntíreachais le cabhair deontais faoin Scéim Tionscadal Talún agus a chas ar ais go dtí an riocht neamhfhorbartha ina raibh sé ar dtús. I meamram a chuir sé faoi bhráid an Choiste, deir sé go ndearnadh athbhreithiú ar 25,000 scéim, agus díobh siúd a ndearnadh iniúchadh orthu le linn na tréimhse 2 bhliain dar chríoch an 31 Bealtaine, 1972, nach raibh leibhéal cothabhála mar ba mhian ag 692 scéim acu, is é sin timpeall 2.7% díobh. Dúirt an tOifigeach Cuntais freisin nárbh ionann sin is a rá go raibh na tailte a tugadh chun míntíreachais iompaithe ar ais go dtí a gcéad-riocht ach go raibh siad ag meathlú agus dá leanadh an fhaillí chothabhála ar feadh roinnt blianta go bhfillfeadh na tailte diaidh ar ndiaidh ar a riocht bunaidh.


Cé nach léiríonn an meamram atá curtha isteach ag an Oifigeach Cuntais an líon acraí iarbhír a tugadh chun míntíreachais le cabhair deontais faoin Scéim Tionscadal Talún, níl aon amhras ar an gCoiste nach líon acraí ró-mhór é. Meastar gur caitheadh tuairim £55 mhilliún san iomlán as airgead vótáilte faoin dá scéim seo. Maidir le cothabháil na dtailte a tugadh chun míntíreachais bheadh an ráta iomlán faillí 2.7%, mar a léiríodh le linn an athbhreithnithe atá luaite thuas, ina chúis beag-uchtaigh in ndáil leis na bealaí rialaithe agus iarchúraim atá á bhfeidhmiú maidir le hoibreacha na Scéime Tionscadal Talún.


(Sínithe) VIVION de VALERA


Cathaoirleach


28 Meitheamh 1973.