Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::15 July, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 15Iúil, 1971.

Thursday, 15 July, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10.45 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, Mac Bhloscaidh, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Ó Nualláin, Mac Searraigh, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Beartaithe: (i) go n-aontófaí ráiteas ag an gCathaoirleach ab fhéidir a chraolfaí ó RTE ar an gclár “Seven Days”, (ii) go ndéanfadh an Cathaoirleach é a bheochraoladh, (iii) nach ndéanfaí réamhfhoilsiú air, (iv) nach ndéanfaí aon chros-cheistiú, (v) nach ndéanfadh comhalta ar bith den Choiste aon ráiteas ina dhiaidh sin.


(Appropriation Accounts 1969/70).


5. Chuir an Cathaoirleach in iúl gur iarr RTE an ráiteas a fheiceáil roimh ré agus gur iarr siad go ligfí dóibh leagan eagraithe de a chur isteach lena cheadú. Ordaíodh: nach gceadófaí eagarthóireacht ach go n-aontófaí lena réamhthaifeadadh ach an ráiteas a chraoladh gan briseadh.


(Appropriation Accounts 1969/70).


6. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.45 p.m. go dtí 3.30 p.m. Dé Máirt seo chugainn.