Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::20 July, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 20 Iúil, 1971.

Tuesday, 20 July, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, Mac Bhloscaidh, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Rinne an Coiste breithniú ar litir* den 19 Iúil ó Eagarthóir chlár RTE “Seven Days”.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Dúnlaing):


“That the following statement be issued by the Committee to the Press and to RTE: ‘The Committee deplore the action of RTE in omitting from their recent “Seven Days” programme a statement on behalf of the Committee which RTE had requested and which had been recorded by the Chairman for inclusion in the programme.”’


Cuireadh an Cheist.


Rinne an Coiste vótáil: Tá, 4; Níl, 3.


Tá:—

An Teachta

S. Ó Dúnlaing

P. Ó hÓgáin (Cathaoirleach)

T. Ó Nualláin

S. Ó Tonnaigh

Níl:—

An Teachta

E. Ó Coileáin

G. Mac Gearailt

S. Ó Treasaigh.

Faisnéiseadh dá reir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


5. Rinne an Coiste breithniú ar litir* den 15 Iúil ón gCaptaen Séamas Ó Ceallaigh i dtaobh saoráidí croscheistiúcháin.


Ordaíodh: (i) go lorgófaí cead an Aire Airgeadais le haghaidh an chaiteachais ba ghá chun comhairle dlí a fháil i dtaobh litir an Chaptaen Uí Cheallaigh; agus (ii) go n-iarrfadh an Cathaoirleach agallamh leis an Aire maidir leis an gcead agus go ndéanfadh sé uiríolla chun an Aire i dtaobh cead a fháil le haghaidh comhairle dlí leanúnach a bheith ar fáil don Choiste.


6. Rinne an Coiste breithniú ar litir an Teachta Uí Mhóráin den 15 Iúil 1971 maidir le comhaid de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus cheadaigh sé foirm litreach** chun an Aire Dlí agus Cirt.


7. Rinne an Coiste breithniú ar litir†† an Choirnéil Uí Eibhrín den 19 Iúil i dtaobh oifig i Muineachán.


Ordaíodh: go scríobhfaí litir go dtí an Roinn Airgeadais i dtaobh an scéil agus go gcuirfí in iúl don Choirnéal Ó hEibhrín†† gur chóir aon fhianaise breise a thaifeadadh faoi mhionn.


(Appropriation Accounts 1969/70).


8. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (23).


* Foscríbhinn 4 (15).


† Foscríbhinn 4 (21).


** Foscríbhinn 4 (14).


†† Foscríbhinn 4 (13).


‡ Foscríbhinn 4 (8) (b).