Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::03 March, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 3 Márta, 1971.

Wednesday, 3 March, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCoirnéal Ó hEibhrín a cheistiú.


6. D’fhág an Coirnéal Ó hEibhrín an seomra.


7. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


8. Rinne an Coiste breithniú.


9. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.35 p.m. go dtí 4 p.m. inniu.


10. D’athchrom an Coiste ar a ghnó ar 4 p.m.


11. Rinne an Coiste breithniú.


12. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


13. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an Ard-Cheannfort Seán Pléimeann a cheistiú.


14. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Tonnaigh):


“That Deputy E. Collins be the Chairman until the return of the Chairman.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


15. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an Ard-Cheannfort Seán Pléimeann a cheistiú.


Chuaigh an Teachta Ó hÓgáin i gCeannas arís.


16. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


17. Chuaigh an Coiste i gcomhairle leis an Ard-Cheannfort Pléimeann.


18. D’fhág an tArd-Cheannfort Pléimeann an seomra.


19. Rinne an Coiste breithniú.


20. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.40 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Máirt seo chugainn.