Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::09 March, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 9 Márta, 1971.

Tuesday, 9 March, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Thug an Coiste chun suntais ráiteas béil an Teachta Brioscú nach raibh sé faoi cheangal ag gealltanas a thug sé don Choiste ar an 24 Feabhra nach bpléifeadh sé le tuairisceoirí nuachtán an chúis a bhí aige le tarraingt siar ó imeachtaí seo an Choiste, ag féachaint d’alt a bhí san fhoilseachán Hibernia, alt nach bhféadfadh a bheith bunaithe ar aon ní, dar leis an Teachta Brioscú, ach ar eolas a bhí tugtha ag comhaltaí den Choiste.


5. Chomhaontaigh an Coiste, ar mholadh an Teachta Mhic Gearailt, nach gcaithfeadh an Teachta Mac Gearailt vóta, i gcás vótálanna a bheith ann, d’fhonn cothrom a choinneáil mar gheall ar asláithreacht an Teachta Brioscú.


6. Ordaíodh: maidir le meabhrán* an 8 Márta, 1971 ó Chléireach na Dála i dtaobh fruiliú tuairisceoirí, go gcuirfí in iúl don Chléireach gurbh é rún ginearálta an Choiste suí nuair ba ghá ar laethanta suíonna Dála toisc go mba cheataí an-mhór don Choiste teacht le chéile ar laethanta seachas iad sin agus go dtuigtear dó, i gcás nach bhféadfadh an Ceann Comhairle go leor foirne a sholáthar chun a chumasú


don Choiste suí agus na dualgais atá curtha air a chomhlíonadh amhlaidh, go gcuirfeadh sé é sin in iúl don Dáil.


7. Bhreithnigh an Choiste litir den 5 Márta, 1971 ó A. Bléine.*


Ordaíodh: go gceanglófaí ar A. Bléine teacht i láthair Dé Máirt, 23 Márta, 1971.


8. Ordaíodh: go ndéanfaí socruithe chun finanaise a thógáil ó A, B, C, D agus E agus ó ionadaí ó Choiste Athlonnaithe Teifeach Bhéal Feirste.


9. Ordaíodh: go gceanglófaí ar Choimisinéir an Gharda Síochána agus ar an Teachta M. Ó Móráin teacht i láthair.


10. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.5 p.m. go dtí 4.15 p.m. inniu.


11. Chruinnigh an Coiste arís ar 4.15 p.m.


12. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le Peadar Ó Béara.


13. D’fhág an tUasal Ó Béara an seomra.


14. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.40 p.m. go dtí 5 p.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (3).


* Foscríbhinn 4 (6).