Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::02 June, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 2 Meitheamh, 1971.

Wednesday, 2 June, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Baróid, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Searraigh):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy E. Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Ordaíodh: go scríobhfaí go dtí Pádraig Ó Doibhlín, M.P.* á chur in iúl dó go raibh d’fhianaise ag an gCoiste go raibh eolas éigin aige i dtaobh idirbhearta i leith cuntas Shráid an Rátha agus gur mhór ag an gCoiste cabhair a fháil uaidh d’fhonn, inter alia, an t-ábhar a léiriú.


6. Ordaíodh: go meabhrófaí do F agus H gur thug siad gealltanas eolas breise a thabhairt.


7. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


8. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar Chathal Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais, a cheistiú.


9. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


10. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Ó Muireadhaigh.


11. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


12. Bhí an Cathaoirleach i láthair ach ní dheachaigh sé i gCeannas.


13. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.30 p.m. go dtí 4.15 p.m. Dé Máirt 15 Meitheamh 1971.


* Foscríbhinn 4 (7)