Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::15 June, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 15 Meitheamh, 1971.

Tuesday, 15 June, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Tugadh chun suntais litir* den 14ú lá den mhí seo ó Phádraig Ó Doibhlín, M.P. ag diúltú fianaise a thabhairt.


5. Tugadh chun suntais litreacha den 10ú agus 11ú Meitheamh ón Teachta Micheál Ó Móráin maidir lena fhreastal inniu.


6. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 5.15 p.m. go dtí 7.30 p.m. inniu.


7. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


8. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


9. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh An Teachta Micheál Ó Móráin faoi mhionn agus ceistíodh é.


10. D’fhág an Teachta Ó Móráin an seomra.


11. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


12. Ordaíodh: go gcuirfí litir chun an Aire Dlí agus Cirt á iarraidh air comhaid ar ar thrácht an Teachta Ó Móráin ina fhianaise inniu a chur isteach.


13. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


14. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an Teachta Ó Móráin a cheistiú.


15. D’fhág an Teachta Ó Móráin an seomra.


16. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.10 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (7).


† Foscríbhinn 4 (21).


‡ Foscríbhinn (14).