Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::28 May, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé hAoine, 28 Bealtaine, 1971.

Friday, 28 May, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Breithníodh litir den 19 Bealtaine 1971 ón Roinn Airgeadais maidir le litir leath-oifigiúil faoi rún den 21 Bealtaine 1970 ón Roinn Dlí agus Cirt chun na Roinne Airgeadais.


Ordaíodh: go gcuirfí in iúl do Rúnaí na Roinne Airgeadais nach bhféadfadh an Coiste, roimh an litir faoi rún a fháil, gealltanas sainráiteach a thabhairt maidir le ceist a foilsithe nó maidir le tagairt di ina Thuarascáil.


5. Ordaíodh: Go gcuirfí ar ceal srianta maidir le teacht ar fhianaise a tógadh go príobháideach, a forchuireadh le cinneadh an 29 Aibreán 1971.


6. Ó tharla nach raibh Pádraig Ó Doibhlín. M.P., a thoiligh le fianaise a thabhairt inniu, i láthair, ordaíodh go gcuirfí in iúl do na nuachtáin nach raibh a chruinniú poiblí sceidealta ag an gCoiste inniu toisc nár tháinig an finné i láthair.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 8.55 p.m. go dtí 4.15 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn.


† Foscríbhinn 4 (8) (a).