Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::02 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Máirt, 2 Feabhra, 1971.

Tuesday, 2 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Roinne an Coiste breithniú.


5. Thug an Coiste dá aire go bhfuarthas ó Bhanc na Mumhan agus Laighean, Sráíd an Rátha, Íocht. cóipeanna* de litreacha dar dátaí 17, 21 agus 27 Samhain 1969 a sheol Bainisteoir an Bhainc go dtí an National Provincial Bank, Piccadilly, Londain.


6. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


7. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCoirnéal Ó hEibhríin a cheistiú.


8. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 12.30 p.m. go dtí 4 p.m. inniu.


9. Chruinnigh an Coiste arís ar 4 p.m. i suí príobháideach.


10. Ordaíodh: ar na hAoirí do thoiliú leis, go ndéanfadh comhaltaí an Choiste péirí le chéile aon lá a shuífeadh an Coiste.


11. Bhreithnigh an Coiste litir den 2 Feabhra, 1971 a fuarthas ón Lt. Ghinearál Seán Mac Eoin, Ceann Foirne, a bhain inter alia le hordachán an 6 Feabhra 1970.


Ordaíodh: go n-iarrfadh an Coiste an t-ordachán a fheiceáil.


12. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Lt. Ghinearál Seán Mac Eoin, Ceann Foirne, faoi mhionn agus ceistíodh é i suí príobháideach.


13. Ordaíodh: go dtabharfaí caoi don fhinné dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta d’fhonn a fháil amach an gceadódh sé don Choiste ordachán an 6 Feabhra 1970 a fheiceáil.


14. D’fhág an Ginearál Mac Eoin an seomra.


15. Chuaigh an Coiste i gcomhairle leis and Ard-Cheannfort Seán Pléimeann, an Garda Síochána.


16. D’fhág an tArd-Cheannfort Pléimeann an seomra.


17. Chuir an Cathaoirleach in iúl don Choiste gur chuir an Ginearál Mac Eoin i bhfios dó nach raibh an tAire Cosanta tar éis pribhléid a tharraingt siar maidir le hordachán an 6 Feabhra 1970.


18. Ordaíodh: go n-iarrfadh an Cathaoirleach agallamh leis an Taoiseach maidir le hordachán an 6 Feabhra 1970, á dheimhniú dó go mba leor é dá bhféadfadh an Coiste a rá (a) go bhfaca sé an t-ordachán agus (b) go raibh sé sásta nár thug sé aon údarás chun airm a cheannach nó a fháil, agus nach dtagródh an Coiste d’aon ní eile ab fhéidir a bheadh san ordachán.


19. Ordaíodh: go ndéanfaí an sainordú* don chuntas i mBanc na Mumhan agus Laighean, 2 Sráid an Rátha Íocht, Baile Átha Cliath do Choiste Fóirithinte Chiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró a chur á scrúdú ag saincolaí lámhscríbhneoireachta.


20. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6 p.m. go dtí 7.30 p.m. inniu.


21. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


22. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


23. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú.


24. D’fhág an Captaen Ó Ceallaigh an seomra.


25. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


26. Rinne an Coiste breithniú.


27. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10.20 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (2).


† Foscríbhinn 4 (18).


* Foscríbhinn 5 (17).


† Tuarascáil gan foilsiú.