Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::03 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Céadaoin, 3 Feabhra, 1971.

Wednesday, 3 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Chuir an Cathaoirleach in iúl go raibh agallamh aige leis an Taoiseach mar a treoraíodh dó, go ndúirt an Taoiseach go mba chontúirteach an fasach é an t-ordachán a ligean faoi bhráid an Choiste mar gur dhoiciméad é a bhain le slándáil náisiúnta, nach bhféadfadh sé mar gheall air sin géilleadh don iarratas agus, ar aon chuma, nach raibh ar a chumas an cinneadh a athrú é féin toisc go mba ábhar é don Rialtas le cinneadh.


5. Ordaíodh: go scríofadh an Cathaoirleach chun an Taoisigh á iarraidh air an scéal a chur os comhair an Rialtais*.


6. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


7. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú.


8. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1 p.m. go dtí 4 p.m. inniu.


9. Chruinnigh an Coiste arís ar 4 p.m.


10. Rinne an Coiste breithniú.


11. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


12. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú.


13. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6 p.m. go dtí 7.30 p.m. inniu.


14. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


15. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


16. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú.


17. D’fhág an Captaen Ó Ceallaigh an seomra.


18. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


19. Ordaíodh: go gceanglófaí ar Ailbhe Luykx, ar an Ard-Cheannfort Seán Pléimeann, ar Shéamas Ó Brádaigh, Breandán Ó Domhnaill, Gearóid Mac Eoin agus Páraic Ó hEochaidh bheith i láthair agus doiciméid a chur isteach.


20. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.15 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 4(25).