Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::13 July, 1972::Report

TUARASCÁIL DEIRIDH

CUID I

NÓS IMEACHTA AGUS CUMHACHTAÍ

Ordú ón Dáil an 1 Nollaig 1970

1. Ar an 1 Nollaig 1970 d’ordaigh Dáil Éireann mar a leanas:—


“Go ndéanfaidh an Coiste um Chuntais Phoiblí scrúdú speisialta ar Chostais an Deontais-i-gCabhair le haghaidh Faoisimh i dTuaisceart Éireann a eisíodh as Fo-Mhírcheann J, Vóta 16 (Costais Ilghnéitheacha) do 1969-70 agus aon airgid a d’aistrigh Cumann Croise Deirge na hÉireann go cuntas bainc ar taisceadh nó a bhféadfadh sé gur taisceadh airgead as an Vóta seo ann agus go dtabharfaidh sé tuarascáil ar leith ar an gcostas sin a luaithe is féidir.”


2. Ba é seo an chéad uair a d’iarr Dáil Éireann ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí mionscrúdú a dhéanamh ar chaiteachas Deontais-i-gCabhair, rud már ghá go dtí sin i bhformhór na gcásanna ach a bheith deimhnithe don Choiste ag an Oifigeach Cuntasaíochta Roinne iomchuí.


Cruinnithe den Choiste

3. Tionóladh 92 cruinniú den Choiste d’fhonn an scrúdú a dhéanamh a bhí ordaithe ag an Dáil. Tá an gnó a rinneadh ag na cruinnithe sin ar taifead in Imeachtaí an Choiste (Leath. 70 go 178).


Finnéithe

4. Tógadh fianaise go poiblí ó sheacht bhfinné is tríocha ag trí chruinniú is tríocha. Tá na Miontuairiscí Fianaise neamhcheartaithe foilsithe cheana féin i bhfoirm leabhráin—ceann amháin in aghaidh gach cruinnithe in ar tógadh fianaise. Ceadaíodh do fhinnéithe agus do Chomhaltaí ceartuithe ar an bhfianaise chlóbhuailte a chur isteach. Tá na ceartuithe a fuarthas leagtha amach i bhFoscríbhinn 1. Tógadh fianaise go príobháideach (féach mír 13 thíos) ag aon chruinniú dhéag ó thrí fhínne dhéag. Ina theannta sin, chuaigh an Coiste i gcomhairle go príobháideach le ocht nduine. I bhFoscríbhinn 2 tá ainmneacha na ndaoine uile ar tógadh a bhfianaise go poiblí mar aon le tagairtí do na leabhráin iomchuí. Tá liosta i bhFoscríbhinn 2 freisin, de réir códlitreach nó uimhreach i roinnt cásanna, de na daoine ónar tógadh fianaise phríobháideach agus de na daoine lena ndeachthas i gcomhairle go príobháideach.


Réamhráitis

5. Thug an Coiste cuireadh do fhinnéithe réamhráitis a thabhairt. Tá na réamhráitis a fuarthas i bhFoscríbhinn 3.


Comhfhreagras

6. Tá comhfhreagras an Choiste i bhFoscríbhinn 4.


Doiciméid

7. Doiciméid a cuireadh chun an Choiste (seachas doiciméid a bhaineann leis an “Leabhar Bándearg” agus doiciméid faoi rún—(féach mír 8 thíos) tá siad i bhFoscríbhinn 5. Na doiciméid a bhaineann leis an “Leabhar Bándearg” agus a foilsíodh i dtosach oibre an Choiste tá siad athchlóite, ar mhaithe le háisiúlacht, i bhFoscríbhinn 10.


8. Cuireadh doiciméid áirithe, ar nós tuarascálacha Garda, ar fáil don Choiste ar an mbonn gur faoi rún a bhí siad á gcur faoi bhráid an Choiste. In aon chás, toisc nach raibh foilsiú na ndoiciméad sin riachtanach do Thuarascáil an Choiste, chinn an Coiste gan iad a bheith ar áireamh na ndoiciméad atá á bhfoilsiú. Chinn an Coiste freisin gan doiciméid áirithe a fhoilsiú a bhain le daoine lasmuigh den dlínse. Déanfar cóip amháin de gach doiciméad dá dtagraítear sa mhír seo a thaisceadh le Cléireach na Dála lena slánchoimeád.


Cumhachtaí an Choiste

9. I dtosach a scrúdaithe bhain deacrachtaí don Choiste i dtaobh cá mhéid a bheadh feidhm ag pribhléid Bhunreachtúil leis na ráitis a dhéanfadh a chuid comhaltaí agus finnéithe sa Choiste, agus lena chuid doiciméad agus le doiciméid a chuirfí chuige. Bhí éiginnteacht ann freisin i dtaobh na gcumhachtaí a bhí aige chun iallach a chur ar dhaoine teacht i láthair ar ghá a gcuid fianaise chun go bhféadfadh sé an dualgas a bhí curtha air ag an Dáil a chomhlíonadh.


10. Rinne an Coiste tuarascáil ar na nithe sin don Dáil i dTuarascáil Eatramhach an 15 Nollaig 1970. Ar an 16 Nollaig thug an tAire Airgeadais isteach sa Dáil an Bille fán gCoiste um Chuntais Phoiblí Dháil Éireann (Príbhléid agus Nós Imeachta), 1970, a achtaíodh tar éis don Dáil agus don Seanad é a bhreithniú.


11. D’fhorordaigh an tAcht seo (Uimhir 22 de 1970) na pribhléidí agus na díolúintí a bhainfeadh le comhaltaí, finnéithe agus doiciméid. Shonraigh sé cumhachtaí an Choiste maidir le finnéithe a thoghairm agus doiciméid a iarraidh. D’fhoráil sé freisin, inter alia, dá mainneodh finné freastal os comhair an Choiste, nó dá ndiúltódh sé aon cheist a fhreagairt a cheanglódh an Coiste go dlíthiúil air freagairt, go bhféadfadh an Coiste cion an duine sin a dheimhniú don Ard-Chúirt agus go bhféadfadh an Ard-Chúirt, tar éis cibé fiosrúchán a dhéanamh ba chuí léi, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun go bpionósófaí é ionann is dá mba i ndíspeagadh ar an Ard-Chúirt a bhí sé ciontach.


Nósanna Imeachta an Choiste

12. Ghlac an Coiste le roinnt nósanna imeachta atá leagtha amach i bhFoscríbhinn 3 a ghabhann lena Thuarascáil Eatramhach. Socraíodh, inter alia, go bhféadfadh abhcóidí, aturnaetha nó comhairleoirí a bheith i dteannta finnéithe. Ní raibh cead aon abhcóidíocht dlíthiúil ar mhodh cros-cheistiú nó aitheasc don Choiste a dhéanamh. D’fhéach an Coiste air féin mar chomhlacht chun fíorais a fháil amach agus é de chúram air tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann agus ní mar chomhlacht nó binse dlíthiúil. Shíl sé nár ghá gurbh iad na docht-rialacha nós imeachta Cúirte a bhaineann le himeachtaí breithiúnacha an sórt ab oiriúnaí do chomhlacht arbh é a bhun-ghnó fiosrú a dhéanamh. Athghlaodh finnéithe lena scrúdú de réir mar a mheas an Coiste ba ghá. Tugadh cóip chlóbhuailte dá fhianaise focal-ar-fhocal do gach finné. Bhí finnéithe i dteideal aighneachtaí a chur ar aghaidh agus ceadaíodh dóibh fianaise a thabhairt fúthu, agus aighneachtaí ó bhéal nó i scríbhinn a dhéanamh le linn na n-imeachtaí. Níor ceanglaíodh ar aon fhinné é féin a ionchoiriú, agus tugadh lán-saoráid do gach finné aon fhianaise roimhe sin a shárú nó a bhréagnú nó tuairimí a thabhairt air.


Fianaise phríobháideach

13. Le linn an fhiosraithe, bhain de dheacracht don Choiste, i gcás na ndaoine (a) lenar íocadh cuid den airgead d’fhonn é a dháileadh mar fhóirithint ar dhaoine a fágadh in éagmais a dteaghlaigh nó a bhí i gcruachás mar gheall ar chorraíl shibhialta i dTuaisceart Éireann agus (b) i gcás cuid de na daoine a d’oibrigh na banc-chuntais a soláthraíodh go díreach nó go hindíreach ón Deontas-i-gCabhair, agus a mbeadh an Coiste ag súil le fianaise uathu, go raibh na daoine sin lasmuigh de dhlínse an Stáit. D’fhonn is nach gcuirfí na daoine sin i mbaol agus ar mhaithe leis an slándáil náisiúnta, agus d’fhonn an fhianaise ab iomláine a fháil, mheas an Coiste é a bheith riachtanach suíonna príobháideacha a thionól, agus úsáid a bhaint as cód-ainmneacha dóibhsean a bhí lasmuigh den dlínse. Tá na dálaí sin á gcur san áireamh sa Tuarascáil seo. Déanfar cóipeanna de gach ceann de na leabhráin ar an bhfianaise a tógadh go príobháideach a thaisceadh le Cléireach na Dála lena slánchoimeád.


Deacrachtaí maidir le fianaise

14. Ba cheataí don Choiste ó thosach (a) fianaise dhoiciméadach a bheith millte nó gan fáil a bheith air (b) cónaí lasmuigh de dhlínse an Stáit a bheith ar roinnt finnéithe tábhachtacha, (c) finnéithe laistigh den dlinse do dhiúltú fianaise a thabhairt ar an bhforas go gcuirfí daoine éigin lasmuigh den dlínse i gcontúirt, agus (d) gan comhoibriú a fháil ó roinnt finnéithe. Go leor den fhianaise a fuarthas níor bhain sé le hábhar, nó ní raibh ann ach clostrácht nó tuairim phearsanta. Dealraíonn sé go ndearna an “Arm-Thriail” agus ar lean é tabhairt ar chuid de na finnéithe tuairimí agus seasamh ar leith a ghlacadh dá chionn.


CUID II

BREITHEANNA NA hARD-CHÚIRTE AGUS NA CÚIRTE UACHTARAÍ

An Ard-Chúirt

Fianaise 17


Feabhra 1971.


15. D’fhreastail Páraic Ó hEochaidh mar fhinné an 17 Feabhra 1971. Contrártha d’fhorálacha fho-alt (4) (b) d’alt 3 den Acht fán gCoiste um Chuntais Phoiblí Dháil Éireann (Pribhléid agus Nós Imeachta), 1970, dhiúltaigh sé ceisteanna a fhreagairt ar cheangail an Coiste go dleathach freagraí a thabhairt orthu, agus de réir fho-alt 4 d’alt 3 dheimhnigh an Coiste don Ard-Chúirt go raibh cion faoin Acht déanta ag an Uasal Ó hEochaidh. Fuair an Ard-Chúirt an tUasal Ó hEochaidh ciontach sa chion.


An Chúirt Uachtarach

16. Rinne an tUasal Ó hEochaidh achomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne ordú na hArd-Chúirte. I mbreithiúnas a tugadh an 24 Meitheamh 1971 rialaigh an Chúirt Uachtarach go raibh Airteagal 38 den Bhunreacht á shárú ag fo-alt (4) d’alt 3 den Acht, ina raibh na forálacha faoina ndearnadh an cion a dheimhniú don Ard-Chúirt, agus go raibh sé neamhbhailí dá bhrí sin. D’fhág an breithiúnas sin an Coiste gan aon chumhachtaí éifeachtúla i gcás finné do dhiúltú teacht i láthair, doiciméid a thabhairt ar aird nó ceisteanna a fhreagairt.


Imeachtaí an Choiste 29 Meitheamh 1971.


17. Rialaigh an Chúirt Uachtarach freisin gur chóir go mbeadh socrú i nósanna imeachta an Choiste le haghaidh abhcóide do dhéanamh cros-cheistiú agus aitheasc i gcúinsí áirithe. Rinne an Coiste socrú iomchuí láithreach ina nósanna imeachta. De thoradh vóta, áfach, dhiúltaigh an Coiste do thairiscint chun leasú a lorg ar an Acht ionas go dtabharfaí ar ais don Choiste cumhachtaí chun finné a dheimhniú do na cúirteanna dá ndiúltódh sé freastal, doiciméid a thabhairt ar aird nó fianaise a thabhairt.


Fianaise 17


Feabhra 1971.


Foscríbhinn 4. (12, 16, 7).


18. Bhí roinnt daoine, mar shampla, Páraic Ó hEochaidh, Seán Ó Ceallaigh, Pádraig Ó Doibhlín, M.P., ar fhéach an Coiste orthu mar fhinnéithe tábhachtacha, nár scrúdaigh an Coiste nó, i gcásanna áirithe, nár scrúdaigh an Coiste a thuilleadh ag féachaint don seasamh a ghlac siad os comhair an Choiste nó i gcomhfhreagras leis an gCoiste. Tá an fhianaise a ghlac an Coiste neamhiomlán mar gheall air sin.


Fianaise 4 agus 5 Lúnasa, 3, 9 agus 30 Samhain 1971.


Foscríbhinn 4 (10).


19. Bhí de thoradh ar chinneadh na Cúirte Uachtaraí go ndearna roinnt finnéithe a bhí ann cheana saoráidí cros-cheistiúcháin a éileamh agus rinne an Coiste iarracht freastal orthu. Dhiúltaigh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, an Teachta Séamus Mac Giobúin, a bhí tar éis fianaise a thabhairt cheana féin an 21 agus 22 Aibreán, 1971, teacht i láthair ar dhá ócáid ina dhiaidh sin chun dul faoi chros-cheistiú.


CUID III

TIONSCNAMH AN DEONTAIS-I-gCABHAIR

Cinneadh an Rialtais

Foscríbhinn 10, leath. 352 (1).


20. Chinn an Rialtas ag cruinniú an 16 Lúnasa 1969 “gur chóir suim airgid—arb é an tAire Airgeadais a chinnfeadh a mhéid agus bealach a íoctha—a chur ar fáil as an Státchiste d’fhonn cúnamh a sholáthar do na daoine dar bhain leatrom de dheasca na corraíola sna Sé Chontae faoi láthair.”


Íocaíochtaí ag an Roinn Airgeadais

21. Rinne an Roinn Airgeadais íocaíochtaí mar a leanas agus cuireadh muirear na n-íocaíochtaí sin ar chuntas fionraí sa Vóta do Chostais Ilghnéitheacha:—


Foscríbhinn 10, leath. 352-7.


1969

 

£

s.

d.

(1)

20 Lúnasa: Banc na Mumhan agus Laighean,

 

 

 

 

Sráid an Dama, do shochar chuntas an Uasail A

1,000

0

0

(2)

20 Lúnasa: Banc na hÉireann, dréacht do shochar

 

 

 

 

an Uasail B

..

..

..

..

..

5,000

0

0

 

Costas an dréachta

..

..

..

..

 

10

0

(3)

26 Lúnasa: Banc na Mumhan agus Laighean, do

 

 

 

 

shochar an Uasail C

..

..

..

..

500

0

0

(4)

26 Lúnasa: An Banc Náisiúnta, Faiche an

 

 

 

 

Choláiste, do shochar an Uasail D, Béal Feirste

500

0

0

(5)

9 Meán Fómhair: An Coirnéal M. Ó hEibhrín

100

0

0

(6)

15 Meán Fómhair: Risteard Ó Murnáin

..

166

12

0

(7)

3 Deireadh Fómhair: An Coirnéal M. Ó hEibhrín

500

0

0

(8)

8 Deireadh Fómhair: Banc na hÉireann, do

 

 

 

 

shochar an Uasail E

..

..

..

..

1,000

0

0

 

Táille Bainc

..

..

..

..

..

 

1

0

(9)

9 Deireadh Fómhair: Cumann Croise Deirge na

 

 

 

 

hÉireann

..

..

..

..

..

..

20,000

0

0

(10)

15 Deireadh Fómhair: Cumann Croise Deirge na

 

 

 

 

hÉireann

..

..

..

..

..

..

5,000

0

0

(11)

15 Deireadh Fómhair: An Coirnéal M. Ó hEibhrín

500

0

0

(12)

30 Deireadh Fómhair: Cumann Croise Deirge na

 

 

 

 

hÉireann

..

..

..

..

..

..

5,000

0

0

(13)

10 Samhain: Cumann Croise Deirge na hÉireann

7,500

0

0

(14)

21 Samhain:        „          „           „     „      „

2,000

0

0

(15)

28 Samhain:        „          „           „     „      „

3,500

0

0

(16)

19 Nollaig:          „          „           „     „      „

5,000

0

0

(17)

24 Nollaig:          „          „           „     „      „

10,000

0

0

1970

 

(18)

29 Eanáir: Banc na Mumhan agus Laighean do

 

 

 

 

shochar an Uasail A

..

..

..

..

1,000

0

0

(19)

30 Eanáir: Cumann Croise Deirge na hÉireann

3,000

0

0

(20)

12 Feabhra:        „          „           „     „      „

12,000

0

0

(21)

3 Márta:             „          „           „     „      „

4,000

0

0

(22)

24 Márta:           „          „           „     „      „

12,732

17

0

An tIomlán

 

£100,000

0

0

Foscríbhinn 10, leath. 358 (40) agus 364 (4).


Cta. 156, 596, 3110, 9126, 9196-7, 9331, 9341-2.


22. Dúirt oifigigh na Roinne Airgeadais go ndearna an tAire Airgeadais a bhí ann san am, an Teachta Cathal Ó hEochaidh, gach uile íocaíocht a údarú ar leithligh, go pearsanta, i scríbhinn nó de bhriathra béil maidir lena méid agus an duine ar leis a íocfaí í, agus glacann an Coiste leis gurb amhlaidh a bhí.


Meastachán Forlíontach

Tuairiscl Oifigiúil Iml. 245_col. 622-3.


23. Ar an 18 Márta 1970 rith an Dáil meastachán forlíontach le haghaidh Vóta do Chostais Ilghnéitheacha a sholáthraigh inter alia suim £100,000 ar mhodh Deontais-i-gCabhair do Chaiteachas Fóirithinte Thuaisceart Éireann, gan sonraí an chaiteachais as an Deontas-i-gCabhair a bheith faoi réir a n-iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ní dhearna an tAire aon tagairt don Deontas-i-gCabhair sin nuair a bhí an Meastachán Forlíontach sin á chur os comhair na Dála ná ní dhearnadh an chuid sin den Mheastachán Forlíontach a phlé sa Dáil.


CUID IV

ÍOCAÍOCHTAÍ LE DAOINE AONAIR

An tUasal A

Foscríbhinn 10, leath. 352 (5), 356 (28) agus 389-90.


Cta. 98, 347, 3111-5, 10957-64.


24. Rinneadh dhá íocaíocht de £1,000 an ceann ar mholadh an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh a bhí ann san am, an Teachta Niall Bléine, chun sochar chuntas an Uasail A, ceann an 20 Lúnasa 1969 agus an ceann eile an 29 Eanáir 1970. Ní raibh an tUasal A ar fáil chun fianaise a thabhairt don Choiste ach thug duine de na príomh-dhaoine a bhí ag gabháil d’obair fhóirithinte i nDoire fianaise thar a cheann go príobháideach á rá gur úsáideadh formhór an airgid sin chun bia a sholáthar do mhuintir Thaobh an Bhogaigh agus gur úsáideadh an iarmhéid, tuairim £150, chun teach an Uasail A, a úsáideadh mar phríomh-ionad fóirithinte, a athchóiriú.


An tUasal B

Foscríbhinn 10, leath. 352 (6) agus 391-2.


Cta. 231-4, 3116.


25. Íocadh £5,000 leis an Uasal B an 20 Lúnasa 1969 de thoradh ar agallamh pearsanta idir an Uasal B agus an tAire Airgeadais a bhí ann san am, an Teachta Cathal Ó hEochaidh. Dúirt an tUasal B i bhfianaise phríobháideach os comhair an Choiste gur úsáideadh an t-airgead sin go léir ag fóirithint ar theifigh ó Thuaisceart Éireann i Londain. Dúirt sé nár choimeád sé aon chuntais ar leithligh i dtaobh eisíocaíochtaí an airgid ach go ndeachaigh an méid iomlán airgid a d’imdháil a eagraíocht i bhfad thar an £5,000 a fuarthas as airgead vótáilte. Thug sé ina dhiaidh sin don Choiste liostaí fada (nár foilsíodh) d’ainmneacha agus seolta teifeach ó Thuaisceart Éireann a fuair, a dúirt sé, cúnamh óna eagraíocht.


An tUasal C

Foscríbhinn 10, leath. 352 (7) agus 393-4.


Cta. 235, 390-1, 3117-8.


26. Íocadh £500 leis an Uasal C an 26 Lúnasa 1969 ar mholadh an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh a bhí ann san am, an Teachta Niall Bléine. Mhínigh an tUasal C i bhfianaise phríobháideach go ndearna sé féin agus roinnt daoine áitiúla eile ina limistéar i mBéal Feirste gach cás a tugadh os a gcomhair a scrúdú agus gur chaith siad an t-airgead sin agus airgead eile a bhí ar fáil acu chun éadach, troscán agus riachtanais eile a sholáthar do dhaoine a bhí ina ngá.


An tUasal D

Foscríbhinn 10, leath. 352 (7) agus 393-4.


Cta. 235, 390-1, 3117-8.


27. Íocadh £500 leis an Uasal D an 26 Lúnasa 1969 ar mholadh an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh a bhí ann san am, an Teachta Niall Bléine. Dúirt an tUasal D i bhfianaise phríobháideach gur úsáid sé é chun cúnamh a thabhairt do 12 teaghlach ina limistéar i mBéal Feirste.


An Coirnéal Ó hEibhrín agus an Captaen Ó Ceallaigh

Foscríbhinn 10, leath. 353 (8, 10, 14), 366-370 agus 404.


Foscríbhinn 3 (8).


Cta. 430-2, 2933, 4102, 4208-24.


28. Íocadh trí shuim leis an gCoirnéal Micheál Ó hEibhrín, an Stiúrthóir Faisnéise san Arm ag an am sin, £100 an 9 Meán Fómhair 1969, £500 an 3 Deireadh Fómhair 1969, agus £500 an 15 Deireadh Fómhair 1969. Thug an Coirnéal Ó hEibhrín an chéad £500 don Chaptaen Séamus Ó Ceallaigh, a oifigeach foirne pearsanta. I Nollaig 1970, tar éis deireadh a bheith le stailc na mBanc a thosaigh an Bhealtaine roimhe sin, d’aisíoc an Coirnéal Ó hEibhrín suim £350 leis an Roinn Airgeadais.


Risteard Ó Murnáin

Foscríbhinn 10, leath, 353 (9), 370 agus 407.


Cta. 152, 246-8, 2922, 9044-55, 9178-81.


Foscríbhinn 4 (1).


29. Íocadh £166 12. 0. le Risteard Ó Murnáin an 15 Meán Fómhair 1969. Dúirt an tUasal Ó Murnáin i bhfianaise phríobháideach gur thaistil sé féin agus ceathrar eile, eadhon, Páraic Ó hEochaidh, an tUasal Taoiling, Deasún Próinséis agus Éamonn Próinséis, go Londain an 17 Lúnasa 1969 ar thicéid a fuair an tUasal Ó Murnáin ó Aer Lingus in ainm Chathail Uí Eochaidh. D’fhill duine acu ar Bhaile Átha Cliath an lá céanna agus d’fhill an ceathrar eile an 18 Lúnasa 1969. Dúradh gurbh é fáth a dturais teagmháil le daoine agus eagraíochtaí i Londain ab fhéidir a chabhródh le fóirithint sa Tuaisceart agus dúirt an tUasal Ó Murnáin go ndearna siad teagmháil den sórt sin. Ina dhiaidh sin chuaigh beirt den bhuíon, eadhon, Páraic Ó hEochaidh agus an tUasal Taoiling, ar an dara turas go Londain. Fuair an Coiste cóipeanna de sheacht gcúpón Aer Lingus a bhain leis an gcuntas ar £166 12. 0. Baineann dhá chúpón acu sin le Páraic Ó hEochaidh agus leis an Uasal Taoiling agus tá 22 Lúnasa 1969 mar dháta orthu. Baineann an chuid eile leis an gcéad turas go Londain dar tagraíodh cheana. Dúirt an tUasal Ó Murnáin go bhfuair sé an íocaíocht ar £166 12. 0d. ón Roinn Airgeadais mar aon le hiarratas go n-íocfadh sé a chóiméid de shuim le hAer Lingus, rud a rinne sé.


An tUasal E

Foscríbhinn 10, leath. 353 (11) agus 395-7.


Cta. 250-6, 386.


30. Íocadh £1,000 leis an Uasal E i Sasana an 8 Deireadh Fómhair 1969. Dúirt an tUasal E leis an gCoiste i bhfianaise phríobháideach gur mhol a eagraíocht i Sasana dó dul i dteagmháil leis an Roinn Airgeadais do lorg cúnamh ag déileáil le teifigh ó Thuaisceart Éireann ina limistéar. Chabhraigh sé le tuairim 80 teaghlach ar fad, ag soláthar bia, éadaigh, agus dídine dóibh ar chostas iomlán ó £3,000 go tuairim £4,000. D’íoc sé féin an t-airgead uile amach agus ní raibh sé in aon amhras ach gur íocadh é go huile ag fóirithint ar theifigh ó Thuaisceart Éireann.


CUID V

ÍOCAÍOCHTAÍ LE CUMANN CROISE DEIRGE NA hÉIREANN

Feidhm an Chumainn

Foscríbhinn 10, leath. 352 (3) agus 362 (2, 4).


Cta. 310, 443-6, 8719-21, 8827-42.


31. Ar an 21 Lúnasa 1969 d’fhógair Buró Eolais an Rialtais gurb é Cumann Croise Deirge na hÉireann go formhór a riarfadh an t-airgead le haghaidh fóirithint ar anró sa Tuaisceart. Ní fhéadfadh Cumann Croise Deirge na hÉireann oibriú go díreach i dTuaisceart Éireann gan toiliú Chumann Croise Deirge na Breataine agus diúltaíodh an toiliú sin i ndeireadh Lúnasa 1969. Thug an Cumann suimeanna, áfach, do dhaoine nó do chomhlachtaí i dTuaisceart Éireann as airgead a fuair sé ar shlí seachas tríd an Deontas-i-gCabhair.


Coiste Athlonnaíochta Teifeach Bhéal Feirste

Foscríbhinn 10, leath. 353 (13) agus 398-401.


Foscríbhinn 3 (16).


Cta. 385, 2750, 8700-5.


Cta. 10416-83.


32. Chuaigh Coiste Athlonnaíochta Teifeach Bhéal Feirste i dteagmháil leis an Aire Airgeadais a bhí ann san am, an Teachta Cathal Ó hEochaidh, ag lorg cúnaimh le haghaidh aththithiú na dteifeach agus ar threoir uaidhsean íocadh £20,000 an 9 Deireadh Fómhair, 1969 le Cumann Croise Deirge na hÉireann, a chomhaontaigh an tsuim sin a aistriú chun an Choiste. D’aistrigh Cumann Croise Deirge na hÉireann an tsuim sin chun an Choiste an 9 Deireadh Fómhair, 1969 trí thaisceadh i mBanc na Mumhan agus Laighean, an tSráid Ard, Béal Feirste. Thug ionadaí ón gCoiste sin, Séamas Mac Giolla Phádraig, fianaise agus thug sé ar aird cóip de chuntas bainc an Choiste (nár foilsíodh) agus de ráiteas (nár foilsíodh) ag tabhairt sonraí faoi na daoine go léir dar tugadh cúnamh agus méideanna na n-íocaíochtaí ar leithligh. Rinne an Coiste íocaíochtaí dar mhéid £53,000 san iomlán as a chuid acmhainní féin agus bhí ar áireamh sa tsuim sin, ar leithligh ón £20,000 as an Deontas-i-gCabhair, £25,000 a thug Cumann Lúth-Chleas Gael don Choiste agus deontas freisin ón gCairdinéal Ó Connmhaigh. Dhaingnigh an tUasal Mac Giolla Phádraig gur caitheadh an t-airgead go léir a fuair a Choiste ag fóirithint ar anró.


Cuntas Chluain Eois

Foscríbhinn 10, leath. 353 (12, 15, 16), 364 (1-4), 365 (5), 371, 397, 402 agus 403.


Foscríbhinn 3 (4, 16).


Cta. 1721-4, 1875-82, 2749, 8699, 8706-8, 9327-48.


Foscríbhinn 10, leath. 354 (17).


Cta. 1725, 1736-1862, 1905-35.


Foscríbhinn 10 leath. 355 (21) agus 359 (nóta).


Foscríbhinn 10, leath. 355 (21) agus 359 (nóta).


Ct. 9391.


33. I nDeireadh Fómhair, 1969, ar mholadh an Aire Airgeadais a bhí ann san am, an Teachta Cathal Ó hEochaidh, d’aistrigh Cumann Croise Deirge na hÉireann £5,000 dá n-airgead féin go dtí cuntas, Cuntas Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró, i mBanc na hÉireann, Cluain Eois (dá ngairtear cuntas Chluain Eois ina dhiaidh seo) in ainmneacha thriúr saoránach de Thuaisceart Éireann, na hUaisle F, G agus H. Íocadh dhá shuim breise £5,000 an ceann leis an gCumann nó tríd an gCumann as an Deontas-i-gCabhair an 15 agus an 30 Deireadh Fómhair, 1969, suimeanna a chomhaontaigh sé a aistriú go dtí an cuntas i gCluain Eois (maidir le foras na n-íocaíochtaí sin agus íocaíochtaí eile dá dtagraítear ina dhiaidh sin mar íocaíochtaí a íocadh leis an gCumann nó tríd an gCumann, féach míreanna 64 go 68). Shocraigh Antoin Ó Fágáin, an Roinn Airgeadais, an dá íocaíocht seo ar threoracha an Aire Airgeadais a bhí ann san am, an Teachta Ó hEochaidh. Tarraingíodh suimeanna £2,000 an ceann in airgead as an gcuntas seo an 10, 17 agus 24 Deireadh Fómhair agus an 6 Samhain. Tarraingíodh £2,500 in airgead as an gcuntas an 10 Samhain, 1969 agus osclaíodh cuntas, cuntas Ann O’Brien, i mBanc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha Íocht., (féach mír 37), le suim dá chóimhéid sin an 14 Samhain. Dealraíonn sé gur úsáideadh an £2,500 a tarraingíodh as cuntas Chluain Eois chun cuntas Ann O’Brien a oscailt. Mar an gcéanna dealraíonn sé gur úsáideadh £4,450 a tarraingíodh as cuntas Chluain Eois mar chuid den taisceadh tosaigh a rinneadh an 14 Samhain, 1969 do chuntas, cuntas George Dixon, i mBanc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha Íocht., (féach mír 36). Níor baineadh úsáid as cuntas Chluain Eois tar éis lár na Samhna agus ghnóthaigh an Roinn Airgeadais iarmhéid £49 1. 8. (i.e. £49 11. 8. lúide 10/- de tháille bainc) a bhí fágtha.


Príomh-chuntas Shráid an Rátha

Foscríbhinn 10, leath. 354 (19, 20), 355 (21, 22), 360, 372, 374, 376-80.


Fhoscríbhinn 3 (14, 19).


Cta. 1105, 2794-7, 3151-58, 3178, 4058, 4596-4602, 4828.


Cta. 2877-84, 2913-5, 3110, 3255, 3837-8.


Foscríbhinn 3 (16).


Foscríbhinn 10, leath. 354 (19), 372-74, 376, 377 agus 379 84.


Foscríbhinn 10, leath, 365 (27) agus 378.


Foscríbhinn 5 (1, 8).


Cta. 435-7, 580-9, 1284-92, 2870-1.


34. Ar an 11 Samhain, 1969 osclaíodh cuntas i mBanc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha Íocht., Baile Átha Cliath, in ainmneacha John White, John Loughran agus Roger Murphy, “Coiste Fóirithinte Chiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró”, dá ngairtear príomhchuntas Shráid an Rátha anseo ina dhiaidh seo. Tá tuairiscí éagsúla tugtha ar an gcuntas sna doiciméid a bhaineann le haistriú airgid, mar atá, “Ciste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró” “Coiste Fóirithinte Chiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró”, “Ciste Fóirithinte Bhéal Feirste”, “Cuntas Cúnaimh Bhéal Feirste”, “Fóirithint na Sé Chontae”, “Gnáth-Chuntas Cúnaimh Bhéal Feirste”, agus “Ciste Cúnaimh Teifeach Bhéal Feirste”. D’ainneoin na doiléire agus na gcontrárthachtaí a bhaineann le go leor den fhianaise maidir le hoscailt an chuntais agus d’ainneoin gur shéan an Captaen Ó Ceallaigh go raibh sé freagrach ina oscailt, dhealródh sé ó fhianaise na n-oifigeach bainc agus an Uasail Uí Fhágáin agus Iníon Uí Mhuirgheasa ón Roinn Airgeadais, go raibh an Captaen Ó Ceallaigh ina shiocair leis an gcuntas sin a oscailt. Glacadh fianaise ag taispeáint córas taiscthe an airgid sa chuntas. Ba é seo go ndéanadh an Captaen Ó Ceallaigh, ar a raibh aithne ag an Uasal Ó Fágáin mar Oifigeach Airm ag gabháil d’obair fhaisnéise a bhain le Tuaisceart Éireann agus mar liaison idir an Roinn Airgeadais agus coiste Bhéal Feirste, é a chur in iúl don Uasal Ó Fágáin ó am go ham go raibh suimeanna sonracha ag teastáil. Dhéanadh an tUasal Ó Fágáin socrú ansin le húdarás an Aire go n-eiseodh an Roinn Airgeadais na suimeanna ceadaithe. Eisíodh na suimeanna sin do Chumann Croise Deirge na hÉireann agus d’aistríodh sé sin láithreach suimeanna ar cóimhéid leo i ngach cás chun sochair an chuntais i Sráid an Rátha. Aistríodh £59,000 ar an mbealach sin ón Roinn Airgeadais trí Chumann Croise Deirge na hÉireann chun an chuntais sin sa tréimhse 12 Samhain 1969 go dtí 9 Aibreán, 1970. Seic ar 12,000 dollar a fuair an tAire Airgeadais a bhí ann san am, an Teachta Cathal Ó hEochaidh, ón Institiúid Éireannach, Nua-Eabhrac, le haghaidh fóirithint do Thuaisceart Éireann chuir an tUasal Ó Fágáin í an 5 Eanáir, 1970 ar threoir ón Aire a bhí ann san am lena thaisceadh do chuntas Chiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró. Rinneadh a thoradh, £4,993.10.0, a thaisceadh don chuntas agus chomhlánaigh na hoifigigh bainc an duillín taisce in ainmneacha John White, John Loughran agus Roger Murphy, ach sa chomhdhuille taisce a cuireadh ar ais chun na Roinne Airgeadais ba é ainm a bhí luaite don chuntas “Coiste Chiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró”.


Foscríbhinn 10, leath. 354 (19).


Cta. 2764-5, 2794-7, 2838, 3168.


Cta. 2758, 3047, 8790-8800.


Foscríbhinn 10, leath. 354 (20).


Cta. 765, 900, 2837, 3284, 4873-84.


Foscríbhinn 5 (17).


Foscríbhinn 3 (13).


Cta. 2006-23.


Foscríbhinn 5 (2).


35. Fad a bhí na hidirbhearta sin ar siúl, chreid an tUasal Ó Fágáin gur mhar a chéile an cuntas i Sráid an Rátha agus an cuntas i gCluain Eois, gurbh iad an triúr céanna a bhí á oibriú agus gur ar mhaithe le háisiúlacht agus sin amháin a rinneadh an t-athrú go Sráid an Rátha. Fuair sé dearbhú sa chéill sin ón gCaptaen Ó Ceallaigh agus dhaingnigh an Captaen Ó Ceallaigh ina fhianaise gur mar sin a bhí. Chreid Cumann Croise Deirge na hÉireann freisin gur mhar a chéile an cuntas cé go ndealraíonn sé go mb’fhéidir nár insíodh dó ainmneacha sealbhóirí an chuntais i Sráid an Rátha. Níor tháinig sé chun eolais go dtí go raibh an t-airgead caite gurbh ainmneacha bréige John White, John Loughran agus Roger Murphy, agus gur ceapadh iad de réir dealraimh chun nach n-aithneofaí cérbh iad sealbhóirí chuntas Chluain Eois. Dúirt na hUaisle F agus H i bhfianaise phríobháideach gur shínigh siad an sainordú agus chuir an tUasal G in iúl don Choiste gur shínigh sé foirm a nglactar leis gurbh é an sainordú é. Síníodh an sainordú leis an trí ainm bhréige agus d’údaraigh sé an t-airgead a tharraingt le seic ar an gcuntas in aon dá ainm acu sin. Tá fianaise ann gurbh é an tUasal F a thíolaic an sainordú don bhanc.


Dúirt na huaisle F agus H freisin i bhfianaise phríobháideach go raibh na seiceanna a tairgeadh ar an gcuntas sínithe sna trí ainm bhréige sin ag daoine éagsúla, agus iad féin san áireamh. Measann an Coiste go bhfuil fianaise éigin ann á chruthú sin sna difríochtaí i gcuid de na sínithe. Tá an Roinn Airgeadais tar éis iarmhéid £2,842.17.6 a bhí fágtha sa chuntas a ghnóthú ó shin.


Cuntas George Dixon

Foscríbhinn 10, leath. 355 (21, 22), 357 (35) agus 361.


Cta. 937, 1020-9, 3788-9, 4842-5, 7124-9, 9386-95 9414-20.


Cta. 3341 (n)-2, 5108, 6627-32 7027.


Cta. 913, 929, 1512, 2112, 2538, 2596, 9435, 9526, 9531.


36. Osclaíodh cuntas in ainm “George Dixon” i mBanc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha Íocht., an 14 Samhain 1969 le taisceadh £11,450 arbh é a bhí ann, de réir dealraimh, £4,450 a tarraingíodh as cuntas Chluain Eois (mír 33) agus £7,000 a tarraingíodh as príomhchuntas Shráid an Rátha. Aistríodh suimeanna eile darbh iomlán £30,000 as an bpríomh-chuntas chun an chuntais sin i rith Eanáir, Feabhra agus Márta 1970. Dhealródh sé ón bhfianaise go raibh an Captaen Ó Ceallaigh bainteach le hoscailt an chuntais sin. Ní féidir a rá cérbh é George Dixon. Dúirt an Captaen Ó Ceallaigh i bhfianaise go raibh a fhios aige cérbh é George Dixon ach ní déarfadh sé cérbh é féin. Ní fhéadfadh na hoifigigh bainc a rá cérbh é féin. Tá an Roinn Airgeadais tar éis iarmhéid £200 a bhí fágtha sa chuntas sin a ghnóthú ó shin.


Cuntas Ann O’Brien

Foscríbhinn 10, leath. 355 (21, 22), 357 (35) agus 361.


Cta. 937, 3788-9, 4845-6, 9396.


Cta. 3748, 3771-5, 5107-9, 6644, 7104-5.


Cta. 716, 913, 926-9, 1230, 2066, 2537, 2596, 9440, 9527, 9531, 9546.


37. Osclaíodh cuntas in ainm “Ann O’Brien” i mBanc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha Íocht., an 14 Samhain 1969 le taisceadh £2,500 a tarraingíodh, de réir dealraimh, as cuntas Chluain Eois (mír 33). Aistríodh trí shuim de £1,000 an ceann as cuntas George Dixon chun an chuntais sin, dhá shuim acu i Nollaig 1969 agus ceann i mí Feabhra 1970. Taisceadh £1,000 eile sa chuntas sin i Márta 1970 agus dhealródh gur chuid í sin de £4,000 a tarraingíodh as príomh-chuntas Shráid an Rátha. Dhealródh sé ón bhfianaise go raibh an Captaen Ó Ceallaigh bainteach le hoscailt an chuntais sin. Ní féidir a rá cérbh í Ann O’Brien. Dúirt an Captaen Ó Ceallaigh i bhfianaise go raibh a fhios aige cérbh í Ann O’Brien ach ní déarfadh sé cérbh í féin. Ní fhéadfadh na hoifigigh bainc a rá cérbh í féin. Tá an Roinn Airgeadais tar éis iarmhéid £49.13.9 a bhí fágtha sa chuntas sin a ghnóthú ó shin.


CUID VI

AN tAIRGEAD GO LÉIR A CAITHEADH

Taifeach ar Ghluaiseachtaí trí na Cuntais

38. Tá taifeach i bhFoscríbhinn 6 ar mar ghluais an t-airgead, a cuireadh ar fáil le haghaidh fóirithint ar anró, trí na cuntais atá luaite.


Achoimre ar an Airgead a Caitheadh

39. Taispeánann na míreanna roimhe seo gur mar seo a leanas a rinneadh suas méid iomlán an airgid a caitheadh:—


 

 

£

s

d

 

Íocaíochtaí ag an Roinn Airgeadais

..

..

100,000

0

0

 

12,000 dollar ó S.A.M.

..

..

..

..

4,993

10

0

 

Íocaíocht ag Cumann Croise Deirge na hÉireann

5,000

0

0

 

 

£109,993

10

0

 

Lúide

 

Suimeanna a gnóthaíodh

£

s

d

 

 

 

 

An Cornéal Ó hEibhrín

..

350

0

0

 

 

 

 

Cumann Croise Deirge na

 

 

 

 

 

 

 

hÉireann

..

..

..

732

17

0

 

 

 

 

Cuntas Chluain Eois

..

..

49

18

0

 

 

 

 

Príomh-Chuntas Shráid an

 

 

 

 

 

 

 

Rátha

..

..

..

..

2,842

17

6

 

 

 

 

Cuntas George Dixon

..

200

0

0

 

 

 

 

Cuntas Ann O’Brien

..

..

49

13

9

 

 

 

 

Táilli Bainc*

..

..

..

2

14

4

 

 

 

 

 

4,227

4

3

 

 

£105,766

5

9

CUID VII

MAR A MHEASTAR MAIDIR LE hAIRGEAD A CAITHEADH GO DEARFA AG FÓIRITHINT AR ANRÓ

Airgead a caitheadh go dearfa ag fóirithint ar anró

40. As an tsuim sin £105,766.5.9 is iad na méideanna, agus is iad sin amháin, ar féidir leis an gCoiste a rá go lán-dearfa ina leith, ar fhoras fianaise béil agus scríbhinne, gur caitheadh iad ag fóirithint nó i ndáil le fóirithint ar anró ná £20,000 a chaith Coiste Athlonnaíochta Teifeach Bhéal Feirste (mír 32), £9,000 a chaith na hUaisle A, B, C, D agus E (míreanna 24-27, 30) agus £166.12.0d a caitheadh ar sheacht n-aertháille fillte idir Baile Átha Cliath agus Londain (mír 29). £29,166.12.0 iomlán na suimeanna sin.


CUID VIII

AIRGEAD EILE A CAITHEADH

Suimeanna lena ndéileáiltear sa Chuid seo

41. Fágann sin go bhfuil sé le fáil amach cad a tharla don iarmhéid £76,599.13.9 atá déanta suas mar a leanas:—


 

 

£

s

d

 

Luaite i mír

 

An Coirnéal Ó hEibhrín

..

..

250

0

0

 

28

 

An Captaen Ó Ceallaigh

..

..

500

0

0

 

28

 

Cuntas Chluain Eois

..

..

8,000

0

0*

 

33

 

Príomh-Chuntas Shráid an Rátha

23,150

0

0*

 

34, 35

 

Cuntas George Dixon

..

..

38,249

13

9*

 

36

 

Cuntas Ann O’Brien

..

..

6,450

0

0

 

37

 

 

£76,599

13

9

 

 

Íocaíochtaí leis an gCoirnéal Ó hEibhrín

Foscríbhinn 3 (8).


Cta. 430-2, 2933, 4208-11, 4212-24, 9138-43.


Foscríbhinn 4 (8), leath. 253.


Foscríbhinn 4 (13), leath. 266.


Ct. 4217.


42. Mar atá ráite i mír 28, as an tsuim iomlán £1,000 a íocadh leis an gCoirnéal Ó hEibhrín i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 1969, thug sé £500 don Chaptaen Ó Ceallaigh agus i Nollaig 1970 d’aisíoc sé £350 leis an Roinn Airgeadais mar shuim nár caitheadh. Dúirt sé gur úsaideadh an glanfharasbarr £250 ag seoladh oifige i Muineachán ina ndéantaí teifigh ón Tuaisceart a agallamh agus ráitis a thógáil síos uathu. Dúirt sé freisin go ndeachaigh an oifig sin i léig tuairim deireadh Dheireadh Fómhair nó tús na Samhna 1969.


Íocaíocht leis an gCaptaen Ó Ceallaigh

Foscríbhinn 3 (8).


Cta. 2933, 4102, 4225-9, 9000-6, 9144-8, 9788-95.


43. Tugadh suim £500 don Chaptaen Ó Ceallaigh d’fhonn íoc, mar a réitíodh leis an Aire Airgeadais a bhí ann san am sin, as costais cruinniú nó cruinnithe, ag a raibh daoine ó Thuaisceart Éireann le bheith i láthair, agus a bhí socraithe nó le socrú ag an gCaptaen Ó Ceallaigh.


Doiciméadú agus Deacrachtaí eile maidir leis na Cuntais Bainc

Foscríbhinn 10, leath. 354 (20) agus 355 (22).


Foscríbhinn 3 (13).


Cta. 2822-7, 2845-50.


Cta. 751-4, 1011, 1069-74, 1095, 1105, 1344-6, 1374, 1477, 1999, 2073, 2151.


Cta. 2794, 2803-17, 2836, 3042-5, 3053.


Foscríbhinn 3 (19).


Cta. 663-8, 738-43, 810, 894, 959-66, 1063-68, 1118, 1123, 1276, 1322, 1331, 1557, 1704, 2619-20.


44. Bhí nótaí ar na leatháin chuntais go léir i mbanc Shráid an Rátha á rá gan aon chomhfhreagras a chur amach agus go raibh gach uile fhiafraí le cur go dtí Antoin Ó Fágáin. Dúirt an tUasal Ó Fágáin i bhfianaise nach raibh eolas dá laghad aige go raibh na nótaí sin ar na leatháin chuntais agus go ndearnadh iad gan aon údarás uaidh agus nach bhfuair sé aon chomhfhreagras ná doiciméid ón mBanc. Ní fhéadfadh na hoifigigh bainc é a thabhairt chun cuimhne gur chuir siad comhfhreagras nó doiciméid chuige agus dealraíonn sé óna bhfianaise gur mar eolas inmheánach bainc a rinneadh na nótaí. Dúirt an tUasal Ó Fágáin go raibh roinnt comhráite teileafóin aige le hoifigigh de chuid an Bhainc ach dealraíonn nár tugadh riamh le tuiscint dó go raibh níos mó ná cuntas amháin sa Bhanc. Níl aon fhianaise shoiléir ann ó na hoifigigh bainc i dtaobh cé acu ar tagraíodh do níos mó ná cuntas amháin sna comhráite sin.


Foscríbhinn 3 (13).


Cta. 709-12, 2024-36, 2051-3, 2359-61, 2544, 9519, 9537-8.


Foscríbhinn 3 (11).


Cta. 7503-5, 7515-6, 7562-70.


Foscríbhinn 5 (2).


Cta. 2024-36, 2051-3, 10202-5, 10281-93, 10316-9.


45. Ainmneacha bréige i ngach uile chás ab ea ainmneacha sealbhóirí na gcuntas (mír 35) agus níor éirigh leis na hoifigigh bainc éinne a bhí ag plé leis na cuntais a aithint ach amháin an Captaen Ó Ceallaigh agus beirt eile—Gearóid Mac Eoin agus an tUasal F. Dúirt an tUasal Mac Eoin i bhfianaise go ndúirt an tUasal F, a raibh aithne aige air, go ndúirt sé leis i ndeireadh mí Aibreáin 1970 gur theastaigh uaidh seic ar £1,200 a bhriseadh, go raibh na bainc dúnta agus go raibh an t-airgead ag teastáil uaidh go práinneach le haghaidh fóirithint sa Tuaisceart. Bhí sé ar chumas an Uasail Mhic Eoin £1,000 a thabhairt don Uasal F. Faoi cheann lae nó dhó shóinseáil sé an tseic sa bhanc agus thug sé an t-iarmhéid don Uasal F. Níor chuimhin leis cé shínigh an tseic ná cé mhéid daoine a shínigh í ná ní raibh aon eolas aige ar an gcuntas. An chóip den seic a chuir an Banc i bhfianaise is le haghaidh £1,200 í agus sin a bheith iníoctha in airgead agus tá na síniúcháin John Loughran agus Roger Murphy uirthi. Ghlac an tUasal F le fianaise an Uasail Mhic Eoin san ábhar sin, ach níor chuimhin leis féin an tseic. Thug oifigeach bainc fianaise freisin gur íoc sé airgead leis an Uasal F ar scór seic ar £1,000 ar an 17 Aibreán 1970 a tarraingíodh ar phríomh-chuntas Shráid an Rátha. Dúirt oifigigh eile bainc, ina theannta sin, gur shóinseáil siad seiceanna don Uasal F ach nach bhféadfadh siad a bheith sonrach i dtaobh na n-imthosca.


Cta. 1165-72, 2230-76, 2277-2308.


Foscríbhinn 5 (1, 2, 4, 5, 17, 21, 22).


Cta. 3221-33.


Cta. 4431-33.


46. Tugadh amach seiceanna íoctha agus cóipeanna de na bancráitis do dhaoine éigin nár aithníodh i gcás phríomh-chuntas Shráid an Rátha agus chuntas George Dixon an 22 Eanáir 1970 agus arís i leith na dtrí chuntas an 16 Márta 1970. Níl na doiciméid sin ar fáil cé gur cuireadh na banc-ráitis bhunaidh ar fáil don Choiste. Dúirt an Captaen Ó Ceallaigh i bhfianaise go bhfuair sé doiciméid bainc ó dhuine ar dhiúltaigh sé a rá cérbh é, duine a dúirt sé a ghlac na doiciméid sin ón mbanc. Dúirt an Captaen Ó Ceallaigh go raibh sé tar éis na doiciméid sin a dhíothú.


Foscríbhinn 10, leath. 356 (34) agus 360.


Cta. 7054-9.


Foscríbhinn 10, leath. 356 (34) agus 360.


Foscríbhinn 10, leath. 357 (36) agus 361.


Cta. 7594-6.


47. Tarraingíodh formhór na seiceanna in aghaidh airgid agus dá bhrí sin níl aon taifead ar na híocaithe le fáil ón mBanc sna cásanna sin. Ach tarraingíodh seic amháin ar phríomh-chuntas Shráid an Rátha i bhfabhar “J. J. Kelly” ar £2,000, tarraingíodh ceann eile ar £4,000 ar an gcuntas céanna i bhfabhar airgid (an tUasal F) agus tarraingíodh trí cinn darbh iomlán £1,900 ar chuntas Ann O’Brien i bhfabhar Shéamais Uí Bhrádaigh.


Foscríbhinn 10, leath. 405.


Ct. 131.


48. Tugadh fianaise phríobháideach don Choiste go ndearnadh na páipéir agus na doiciméid go léir i mBéal Feirste a bhain le fóirithint ar anró ag na hUaisle F, G agus H, na sealbhóirí cuntais i gCluain Eois, agus ag na daoine a bhí i bpáirt leo, a dhíothú “ar chúiseanna slándála”, mar a dúradh.


Aistarraingtí ó chuntas Chluain Eois agus ó phríomh-chuntas Shráid an Rátha

Foscríbhinn 10, leath. 359-60.


Cta. 10465-83.


49. Sa tréimhse 29 seachtain idir 10 Deireadh Fómhair 1969—an lá tar éis cuntas Chluain Eois a oscailt—agus 28 Aibreán 1970—dáta na haistarraingte deiridh ó phríomh-chuntas Shráid an Rátha, rinneadh fiche aistarraingt darbh iomlán £31,150, eadhon, £8,000 ó chuntas Chluain Eois agus £23,150 ó phríomh-chuntas Shráid an Rátha. Déantaí na haistarraingtí sin tuairim uair sa tseachtain (ach go raibh bearna mhór amháin 7 seachtaine) agus bhíodh suimeanna iontu idir £1,000 go dtí £2,000 ach i gcás dhá cheann nach raibh iontu ach £500 agus £650. Tugadh fianaise phríobháideach don Choiste i dtaobh méid agus minicíocht íocaíochtaí a dúradh a rinneadh i mBéal Feirste as na haistarraingtí sin agus a dúradh a bhí á ndéanamh le haghaidh fóirithint ar anró. Ach de réir na fianaise a thig ó fhoinsí eile a raibh fóirithint i mBéal Feirste mar chúram acu ní bhfuarthas aon daingniú go raibh obair fhóirithinte á dhéanamh ann chomh mór agus a bhíothas ag thabhairt le fios. Ina theannta sin, mar gheall ar dhíothú na ndoiciméad níl aon fhianaise dhoiciméadach ar fáil ag an gCoiste a dhaingneodh gur caitheadh iarbhír an tsuim sin £31,150 chun fóirithint ar anró.


Fianaise ar chaiteachas as cuntas George Dixon

Cta. 3277, 3778-80.


Cta. 6689, 6728-48, 7240.


Cta. 3779, 6712, 6724-25.


Cta. 6414, 6719-22.


Foscríbhinn 4 (2).


Cta. 6731, 6737-38, 6743-44.


50. Dúirt an Captaen Ó Ceallaigh ina fhianaise gur le haghaidh ceannach arm go formhór a caitheadh airgead a tarraingíodh as cuntas George Dixon. As an £38,249.13.9 ar tugadh cuntas ina thaobh go díreach tríd an gcuntas (mír 41), luaigh an Captaen Ó Ceallaigh suimeanna dar mhéid £32,500 a dúirt sé a úsáideadh chun airm a cheannach sa Ghearmáin, agus a ndúirt sé gur íocadh ó £26,000 go £28,000 de ar airm, agus an chuid eile mar chostais. Is eol don Choiste freisin go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an Roinn Airgeadais oiread agus is féidir a ghnóthú den airgead a íocadh le déileálaí arm san Iar-Ghearmáin (féach freisin mír 81b). Dúirt an Captaen Ó Ceallaigh freisin gur úsáideadh £849.13.9 chun íoc as turas go dtí na Stáit Aontaithe do lorg cabhair ghinearálta agus airm, agus £1,600 le haghaidh ceannach arm, nár éirigh leis, sa Bhreatain. Maidir leis an tsuim dheiridh sin, chuir ionadaithe Bhanc na Mumhan agus Laighean in iúl don Choiste ar deireadh (mír. 72) go ndearna an National Provincial Bank, Piccadilly, Londain, seiceanna in ainm George Dixon a bhí tarraingthe ar chuntas George Dixon ar £1,500 agus £100 a shóinseáil ar scór nóta faisnéise a chuir Banc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha Íocht., chun an bhainc sin. As an £3,300 a bhí fágtha de chuntas George Dixon, mheas an Captaen Ó Ceallaigh go bhféadfadh gur úsáideadh £200 le haghaidh costais agus go mb’fhéidir gur cuireadh £3,100 ó Thuaidh. Ar an ábhar gur tarraingíodh cuid den £3,100 sin le linn tréimhse nach raibh na gnáth-tharraingtí seachtainiúla á ndéanamh ar phríomh-chuntas Shráid an Rátha d’fhéadfadh gur úsáideadh cuid de sa tslí chéanna agus a úsáideadh na gnáth-tharraingtí seachtainiúla sin.


Fianaise ar chaiteachas as cuntas Ann O’Brien

Cta. 3777, 6459.


Foscríbhinn 3 (3).


Foscríbhinn 10, leath. 357 (36), 363 (2, 3, 4), 384-6.


Cta. 6459-6761, 7583, 7594-6.


Cta. 5143, 6459-6761.


51. Dúirt an Captaen Ó Ceallaigh i bhfianaise gur úsáideadh an t-airgead a tarraingíodh as cuntas Ann O’Brien go formhór chun airgead a chur ar fáil do chur amach agus leathantas an pháipéir “The Voice of the North” ag Séamas Ó Brádaigh. Ar bhonn fianaise an Chaptaen Uí Cheallaigh agus an Uasail Uí Bhrádaigh dealraíonn sé gur íocadh £4,500 as an gcuntas leis an Uasal Ó Brádaigh i ndáil le “The Voice of the North”, suim ar aistríodh £1,900 di le seic go dtí an tUasal Ó Brádaigh. (Ina theannta sin fuair an tUasal Ó Brádaigh £600 in airgead ón gCaptaen Ó Ceallaigh an 6 nó an 7 Samhain, 1969). I dteannta an £2,600 a dúradh a tarraingíodh in airgead don Uasal Ó Brádaigh tá suimeanna eile darbh iomlán £1,950 a aistarraingíodh as cuntas Ann O’Brien nár tugadh cuntas ina leith, ach dúirt an Captaen Ó Ceallaigh gur tarraingíodh as an gcuntas sin le haghaidh caiteachais i ndáil le turais chun na Gearmáine, agus tráth amháin gur aistarraingíodh £600 as an gcuntas agus gur cuireadh ó Thuaidh í. Níl aon fhianaise ann go bhfuil baint ag an £600 sin leis an £600 a fuair an tUasal Ó Brádaigh ón gCaptaen Ó Ceallaigh.


CUID IX

MAR A MHEASTAR A CAITHEADH CUID EILE DEN AIRGEAD

Suimeanna lena ndéileáiltear sa Chuid seo

52. Is féidir meas an Choiste i dtaobh mar caitheadh an £76,599.13.9 a luaitear i mír 41 a chur i láthair anois.


“The Voice of the North”

53. Ar fhoras na fianaise ó bhéal agus ó dhoiciméid is é a mheas go ndearnadh na suimeanna darb iomlán £4,500 a dúradh a íocadh le Séamas Ó Brádaigh as cuntas Ann O’Brien a chaitheamh in ndáil le “The Voice of the North” ach nach féidir a áireamh gur ar fhóirithint anró a caitheadh iad.


Iarmhéid an chaiteachais

54. Maidir leis an £72,099.13.9 atá fágtha ní raibh ar fáil ag an gCoiste fianaise, lena n-áirítear doiciméid, de chineál a chuirfeadh ar a chumas teacht ar mheas cinnte ina thaobh.


55. Sna himthosca sin ní féidir ach tuairim a thabhairt i dtaobh na suime sin agus is é tuairim an Choiste (1) ar bhonn a bhfuil curtha síos sna míreanna atá sonraithe, go bhféadfadh gur caitheadh i mBéal Feirste an tsuim a luaitear i mír 49, eadhon £31,500, arb é atá ann £8,000 ar chuntas Chluain Eois agus £23,150 ar phríomh-chuntas Shráid an Rátha, suim £3,100 (dá dtagraítear i mír 50) ar chuntas George Dixon agus suim £600 (dá dtagraítear i mír 51) ar chuntas Ann O’Brien, ach ar an bhfianaise atá ar fáil aige ní féidir leis an gCoiste a rá ar caitheadh aon chuid den airgead sin ar fhóirithint anró, (2) go ndearnadh an tsuim £250 a dúirt an Coirnéal Ó hEibhrín a úsáideadh le haghaidh costais oifige i Muineachán a chaitheamh chun críocha a mb’fhéidir go raibh baint acu le fóirithint anró agus (3) nach ar fhóirithint anró a caitheadh £36,999.13.9 arb é atá ann £500 a íocadh leis an gCaptaen Ó Ceallaigh, £35,149.13.9 ar chuntas George Dixon agus £1,350 ar chuntas Ann O’Brien (déileáltar i mír 53 leis an iarmhéid de £4,500 ar an gcuntas sin).


CUID X

ACHOIMRE AR AN MEAS I DTAOBH CAITEACHAIS

Achoimre ar an meas i dtaobh caiteachais

56. Féadfar an meas atá luaite i gCuid X agus i mír 40 a achoimriú anois trína rá, maidir leis an £105,766.5.91 a caitheadh, gur caitheadh £29,166.12.02 ar fhóirithint ar anró, go bhféadfadh gur caitheadh £34,8503 i mBéal Feirste, ach gur chun críocha nár cinneadh a caitheadh é, gur caitheadh £250 chun críocha a mb’fhéidir go raibh baint acu le fóirithint ar anró, agus nach ar fhóirithint anró a caitheadh £41,499 13.94.


TÁBLA


 

Tagairtí do mhíreanna

£

s

d

£

s

d

Caite ag fóirithint ar anró

 

 

 

 

 

 

 

ABCDE

24-27, 30, 40

9,000

0

0

 

 

 

Coiste Athlonnaíochta

 

 

 

 

 

 

 

Teifeach Bhéal Feirste

32, 40

20,000

0

0

 

 

 

R Ó Murnáin

29, 40

166

12

0

 

 

 

 

 

 

 

 

29,166

12

0

D’fhéadfadh gur caitheadh i mBéal Feirste ach chun críocha nár cinneadh

 

 

 

Cuntas Chluain Eois

33, 49, 55

8,000

0

0

 

 

 

Príomh-Chuntas Shráid

 

 

 

 

 

 

 

an Rátha

34, 35, 49, 55

23,150

0

0

 

 

 

Cuntas George Dixon

36, 50, 55

3,100

0

0

 

 

 

Cuntas Ann O’Brien

37, 51, 55

600

0

0

 

 

 

 

 

 

 

 

34,850

0

0

D’fhéadfadh gur bhain le fóirithint ar anró

 

 

 

 

 

 

An Coirnéal Ó hEibhrín

28, 42, 55

250

0

0

 

 

 

 

 

 

 

 

250

0

0

Níor caitheadh ar fhóirithint ar anró

 

 

 

 

 

 

An Captaen Ó Ceallaigh

28, 43, 55

500

0

0

 

 

 

Cuntas George Dixon

36, 50, 55

35,149

13

9

 

 

 

Cuntas Ann O’Brien—

 

 

 

 

 

 

 

Voice of the North

37, 51, 53, 55

4,500

0

0

 

 

 

Iarmhéid an chuntais

51, 55

1,350

0

0

 

 

 

 

 

 

 

 

41,499

13

9

 

 

 

 

 

£105,766

5

9

CUID XI

TUAIRIMÍ AR RUDAÍ A THIG DEN SCRÚDÚ

Á chur i gcás go ndearnadh malartú

Foscríbhinn 10, leath. 405.


57. I ráiteas a thug beirt de shealbhóirí cuntas Chluain Eois don Roinn Airgeadais ar an 12 Nollaig 1970 thar ceann Choiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró dúradh go bhfuair Coiste Bhéal Feirste tuairim £72,250 ón Deontas-i-gCabhair agus gur caitheadh é sin ag fóirithint ar anró i limistéar Bhéal Feirste.* Tá sé ceaptha don tsuim sin a bheith ina chuntas, faoi nó thairis, ar an airgead go léir a aistríodh go cuntas Chluain Eois agus príomh-chuntas Shráid an Rátha as an Deontas-i-gCabhair. Dá bhrí sin ar thaobh amháin deirtear go ndearnadh an tsuim go léir a bhí ar fáil do Choiste Bhéal Feirste a chaitheamh ag fóirithint ar anró ach ar an taobh eile dealraíonn gur caitheadh breis agus a leath chun críocha eile.


Cta. 3257-58, 3413, 6577, 6605, 7288.


58. Cuireadh faoi umhail an Choiste go bhféadfaí an dá ráiteas a thabhairt le chéile ar an bhforas go mb’fhéidir gur tharla rud ar a dtugtar “malartú” airgid, is é sin, cé go bhféadfadh gur ar shlí seachas fóirithint a caitheadh an t-airgead a aistríodh go cuntais George Dixon agus Ann O’Brien, go bhféadfadh go ndearnadh a chóimhéid sin d’airgead a shlánú do Choiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró as airgead eile a bhí ar fáil i dTuaisceart Éireann. Ní bhfuair an Coiste aon bhun-eolas gur tharla malartú, áfach. Fiú dá ndéantaí an t-airgead a aistríodh go dtí cuntais George Dixon agus Ann O’Brien a shlánú do Choiste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró as cistí lasmuigh de dhlínse an Stáit ní bheadh baint iomchuí aige sin le hairgead a bheith á chaitheamh as an Deontas-i-gCabhair, ná ní fhéadfadh sé rud dleathach a dhéanamh d’airgead a bheith á chaitheamh as chun críocha seachas iad sin a bhí ar intinn ag an Dáil.


Freagracht na Dála

59. Sa bhliain 1969-70 rinneadh 120 Deontas-i-gCabhair, a bhain le £54 milliún de chaiteachas, agus astu sin rinneadh mion-chuntasú don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i leith caoga deontas a bhain le £47 milliún de chaiteachas ach go ginearálta ní raibh siad faoi réir a scrúdaithe ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí. Bhí seacht gcás ann de dheontais nár sonraíodh an deontaí ina leith agus lenar bhain caiteachas iomlán £230,000. Ina thuarascáil ar Chuntais Leithreasa 1969-70 dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ag tagairt d’Fho-mhírcheann J de Vóta 16, ina raibh soláthar don £100,000:


“Vótáiltear deontais-i-gcabhair de ghnáth do dheontaithe sonraithe ach sa chás seo níor ainmníodh na deontaithe. Mar a thaispeántar i Leabhar na Meastachán i gcóir na Seirbhísí Poiblí ní raibh sé dlite go dtabharfaí mionchuntas dom ar chaitheamh suimeanna a eisíodh as an deontas-i-gcabhair sin”.


I gcás an £100,000, níor ainmníodh aon duine ná daoine áirithe sa ráiteas ón Rialtas i Lúnasa 1969 go gcuirfí an t-airgead ar fáil. Mar a dúradh i mír 21 thuas, ba é an nós imeachta teicniúil lenar glacadh cuntas fionraí a oscailt sa Roinn Airgeadais. I dtús báire íocadh roinnt suimeanna go díreach le daoine aonair. Ansin ar an 21 Lúnasa d’fhógair an Rialtas gurb é Cumann Croise Deirge na hÉireann go formhór a riarfadh an t-airgead agus tuairim an ama sin treoraíodh airgead trí Chumann na Croise Deirge go dtí Banc na Mumhan agus Laighean, An tSráid Ard, Béal Feirste, tráth níos déanaí go dtí Banc na hÉireann i gCluain Eois agus ar deireadh go dtí Banc na Mumhan agus Laighean i Sráid an Rátha.


60. Sa díospóireacht a rinneadh sa Dáil an 18 Márta 1970 ar an Meastachán Fhorlíontach do Vóta 16 ní dhearnadh aon lua ar an bhfo-mhírcheann nua a rinne soláthar don Deontas-i-gCabhair; ba é sin an mhír ba mhó de cheithre mhír sa Mheastachán Forlíontach faoi fho-mhírcheann J agus bhí cuid mhór de caite ag an am sin. Mar a tharla, an caitheamh ar £100,000 a thosaigh i bhFómhar 1969 agus a bhí beagnach críochnaithe in Earrach 1970 toilíodh leis go cúlghabhálach, gan vótáil, sa Dáil (a) gan oiread agus tagairt shonrach amháin don mhírcheann a dhéanamh ag an Aire, (b) gan plé ná ceist sa Dáil, (c) i bhfoirm Deontais-i-gCabhair do dheontaithe nár sonraíodh agus (d) gan bheith lena iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


61. Féadfar a thabhairt chun suntais freisin i dtaobh Meastacháin Fhorlíontacha, a raibh breis agus 50 díobh ann i 1969-70, go gcuirtear timpeall iad go dtí Teachtaí tréimhsí éagsúla sula dtagann siad faoi bhreithniú, agus nach ndéantar iad a athchur timpeall go dtí na Teachtaí tráth na díospóireachta. Ina theannta sin, i gcás ina dtugtar isteach níos mó ná Meastachán Forlíontach amháin i leith an Vóta chéanna, ní dhéantar na Meastacháin Fhorlíontacha éagsúla sin a idirdhealú ó chéile—cleachtas a thug, i gcás an Mheastacháin Fhorlíontaigh do Vóta 16 in a raibh an fhoráil don Deontas-i-gCabhair, gur tharla earráid sa tuarascáil neamhcheartaithe de na Díospóireachtaí Dála don lá atá i gceist, eadhon, 18 Márta 1970, inar cuireadh síos gur cheadaigh an Dáil Meastachán Forlíontach roimhe sin do Vóta 16 a bhí iarbhír ceadaithe cheana féin in Iúil 1969 in ionad a chur síos gur ceadaíodh an dara Meastachán Forlíontach ina raibh an fhoráil don Deontas-i-gCabhair.


Nithe a bhaineann le híocaíochtaí le cuntas Chluain Eois agus le príomh-chuntas Shráid an Rátha

Foscríbhinn 10, leath. 372-4, 376-84.


Foscríbhinn 5 (7, 8, 9).


62. Thuig an Roinn Airgeadais ón gCaptaen Ó Ceallaigh (mír 35) go mbeadh cuntas Shráid an Rátha sa trí ainm chéanna agus bhí cuntas Chluain Eois, eadhon, na hUaisle F, G agus H agus gurbh é a bhí i gceist an cuntas a aistriú. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh nár chuir siad ainmneacha sealbhóirí an chuntais in iúl go sonrach do Chumann Croise Deirge na hÉireann ach ní féidir aon rud a rá go dearfa ina thaobh sin ón bhfianaise (mír 35). Níl aon tagairt don trí ainm sna scríbhinní a bhaineann leis na socruithe chun airgead a thaisceadh i Sráid an Rátha. Chreid an Cumann, áfach, gurbh iad na hUaisle F, G agus H na sealbhóirí.


63. Dáiríre, níorbh aistriú a bhí san athrú go Sráid an Rátha ach oscailt cuntais nua (mír 34) agus tháinig an t-airgead chun bheith taiscthe i gcuntas, “Ciste Bhéal Feirste chun Fóirithint ar Anró” i dtrí ainm bhréige.


64. Maidir leis an ngné sin den scéal ní foláir aird a thabhairt ar fhreagrachtaí na Roinne agus an Chumainn faoi seach. Mar a deirtear i mír 31, is é an Coiste go formhór a bhí leis an gciste a riaradh. Tagann dá chionn sin fiafraí an ndearnadh go teicniúil an t-airgead a íoc leis an gCumann i bhfoirm cúnamh faoi alt 2 den Acht Croise Deirge, 1938, agus sa chás sin is ar an gCumann a bheadh an fhreagracht féachaint chuige go gcaithfí é i gceart de réir cuspóirí an Chumainn. Más rud é, ar an láimh eile, nach raibh sa chumann ach bealach, is ar Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne a bheadh sé de fhreagracht a chinntiú go ndeachaigh an t-airgead go dtí cuntas in ainmneacha na ndaoine ar tuigeadh don Roinn gurbh iad sealbhóirí an chuntais iad, eadhon, na hUaisle F, G agus H.


Ct. 8767.


Cta. 8780-1.


65. Dúirt Cathaoirleach an Chumainn i dtús báire nach é an Cumann a riaraigh an t-airgead, ach dúirt sí ina dhiaidh sin gur i bhfoirm cúnaimh faoi Alt 2 a íocadh an t-airgead iarbhír.


66. Is é is féidir a dhéanamh amach ón méid sin nár léir don Chumann cén fheidhm díreach a bhí ceaptha dó ag an Aire agus dáiríre ní dhearna an Cumann ach déanamh de réir mar a d’iarr an Roinn Airgeadais air agus suimeanna a chur ar aghaidh go dtí Banc Shráid an Rátha. Is é a dúradh sna hiarratais i scríbhinn (mír 62) maidir le príomh-chuntas Shráid an Rátha ná go mbeadh na suimeanna iníoctha leis an mBanc nó le cuntas an Chiste sa Bhanc.


67. Is é a mheasann an Coiste gurbh é toradh a bhí ar na cúrsaí go léir atá luaite thuas nárbh eol don Roinn ná don Chumann nach ndearnadh an cuntas i gCluain Eois a aistriú agus go ndearnadh ina ionad cuntas nua a oscailt i mBanc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha, ná ní raibh aon chúis acu lena fháil amach go raibh an dá fho-chuntas ann. De thoradh ainmneacha bréige a úsáid tharla mar shocrú (mír 35) go raibh sé ar chumas daoine éagsúla seiceanna a shíniú sna hainmneacha sin agus tháinig den socrú sin arís go bhféadfaí airgead a tharraingt as an gcuntas agus nár ghá go mbeadh an fios sin, dá mbeadh fios faoi in aon chor, ag na hUaisle F, G agus H agus an t-airgead a thaisceadh i gcuntais George Dixon agus Ann O’Brien a úsáideadh ansin chun críocha seachas fóirithint ar anró.


68. Sna míreanna roimhe seo (62 go 67) níl cúrsaí na haimsire curtha san áireamh. D’iarr Cumann Croise Deirge na hÉireann cead chun oibriú díreach i dTuaisceart Éireann agus diúltaíodh sin dó. Dá dhroim sin bhí gá le bealach éigin eile a cheapadh chun airgead a sholáthar go práinneach chun fóirithint ar an anró a tharla mar gheall ar achrann sibhialta agus corraíl i dTuaisceart Éireann agus é sin a dhéanamh chomh héasca agus lena laghad foirmiúlachta agus ab fhéidir. Níor mhór cosaint a bheith ann freisin in aghaidh aon dainséir ab fhéidir a tharlódh do shaoránaigh de Thuaisceart Éireann a bhí toilteanach bheith ina sealbhóirí cuntais don Chiste. Is é tuairim an Choiste go bhféadfadh na cúinsí neamhghnácha sin a mhíniú conas mar tharla an cor a thuairiscítear thuas. Caithfear a rá, áfach, dá mbeadh feidhm an tráth sin ag na moltaí atá déanta ag an gCoiste (mír 81), nach dtarlódh cor dá leithéid.


Ráiteas Dála an 14 Bealtaine, 1970

Cta. 202-7, 347, 410-23, 484-529, 559-60, 572-6, 600.


69. Chuir Rúnaí na Roinne Airgeadais foirm focal faoi bhráid an Taoisigh an 14 Bealtaine, 1970 a fhéadfadh an Taoiseach a úsáid mar fhreagra ar fhiafraí arbh fhéidir gur úsáideadh airgead poiblí chun airm a cheannach. Ba é seo an fhoirm focal:—


“I am perfectly satisfied as a result of inquiries which I have made that every penny of State funds has been spent for the purpose for which it was voted by the Dáil”.


Foscríbhinn 10, leath. 373, 375, 402.


Cta. 516-20, 544-554.


Cta. 290, 318-21, 562.


Tugadh an dearbhú glan sin mar mholadh don Taoiseach tar éis an tUasal Ó Muireadhaigh do scrúdú an chomhaid. Thaispeáin an comhad go ndearnadh ar thrí ócáid airgead a eisiúint as an Deontas-i-gCabhair don Chrois Dhearg ar chomhairle (an Chaptaen) Uí Cheallaigh a raibh a ainm luaite go poiblí i rith na seachtaine roimhe sin leis an iarracht a dúradh a rinneadh chun airm a allmhairiú. Bhí tagairtí sa chomhad do “mhuintir Uí Cheallaigh” agus do “chairde Shéamais Uí Cheallaigh”. Dealraíonn sé ó fhianaise an Uasail Uí Mhuireadhaigh gur nathanna cainte na habairtí sin a úsáideadh d’aon ghnó chun nach n-aithneofaí daoine i dTuaisceart Éireann a bhí ag gabháil don obair fhóirithinte. Ina theannta sin, de réir an eolais a bhí ar fáil aige san am sin, bhí an cuntas bainc, ina raibh na híocaíochtaí sin á dtaisceadh, á shealbhú in ainmneacha triúr cónaitheoirí measúla ó Thuaisceart Éireann; níor thaispeáin an comhad, áfach, go raibh an cuntas bainc sin á shealbhú in ainmneacha bréige agus go raibh fo-chuntais ann.


70. Ní mar a chéile ar fad na focail a d’úsáid an Taoiseach sa Dáil agus iad sin a mhol an tUasal Ó Muireadhaigh:—


“I do not think the House could expect nor could I give any more information about the disposal of Secret Service funds. However, I want to add that I made specific inquiries as to whether any moneys could have been voted or could have been paid out of Exchequer funds or out of any public funds in respect of a consignment of arms of the size we have been dealing with and I am assured that there was not nor could not have been.” (Díospóireachtaí Dála (Neamh-Cheartuithe), 14 Bealtaine, 1970, Iml. 246, colún 1757).


Cta. 439-40, 4007.


Mar sin féin, is deimhin leis an gCoiste go raibh bonn cirt ag an Taoiseach, san fhoirm focal a moladh dó, leis an méid a dúirt sé agus gur de mheon macánta a labhair an Taoiseach nuair a thug sé an dearbhú don Dáil ach ní dóigh leis an gCoiste go raibh bonn cirt le téarmaí an dearbhaithe a moladh don Taoiseach. Measann an Coiste thairis sin, nuair a dúisíodh amhras gairid ina dhiaidh sin go mb’fhéidir gur as an gciste a fuarthas airgead chun airm a cheannach, gur cheart go dtarraingeofaí aird an Taoisigh ar an gciall a bheadh leis sin sa mhéid a bhain sé leis an dearbhú a tugadh don Dáil.


Cta. 10799-10807.


71. Caithfear a rá freisin, dá n-insíodh Aire Cosanta an ama sin, an Teachta Séamus Mac Giobúin, don Taoiseach, an 30 Aibreán nó díreach ina dhiaidh, an t-eolas i dtaobh an soláthar airgid don all-mhuiriú beartaithe arm a bheith ag teacht as an gciste sin, eolas a fuair sé an lá sin ón gCaptaen Ó Ceallaigh, ní bheadh an Taoiseach curtha sa chor go dtabharfadh sé go neamhthoiliúil eolas mícheart ar an ábhar sin don Dáil an 14 Bealtaine, 1970.


Banc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha Íocht., Baile Átha Cliath

Cta. 1162-72, 2230-2308.


72. Thug oifigigh Bhanc na Mumhan agus Laighean ráitis bainc agus seiceanna amach do dhaoine nárbh fhéidir gur chuir siad iad féin in aithne mar shealbhóirí na gcuntas mar is in ainmneacha bréige iarbhír a bhí na cuntais. Mar gheall air sin a dhéanamh thug na hoifigigh go raibh gnó an Choiste ina rud a bhí beagnach dodhéanta. Ina theannta sin bhí an fhianaise a tugadh thar ceann an bhainc sin míshásúil agus ní bhfuair an Coiste ón mbanc sin an cúnamh lena raibh sé ag súil de cheart ag rianú an airgid a chuaigh trí na cuntais sin.*


An Captaen Ó Ceallaigh agus Airgead na nArm

Cta. 3467, 4512-9, 4925, 5161-3, 5261, 5287-95, 6263, 7470-82, 7827.


Cta. 3164-6, 3671-74, 4459-66, 4639-55, 5175-83, 6196, 6312, 6398-6403, 7200-3.


73. Mar a dúradh roimhe seo (mír 50) ba é an Captaen Ó Ceallaigh an t-aon fhinné amháin a d’admhaigh aon bhaint a bheith aige le húsáid an airgid sin don iarracht ar airm a cheannach nó do sholáthar a dhéanamh do “The Voice of the North”. Rinne sé iarracht ar bhonn cirt a thabhairt dá bhearta maidir leis an airgead sin, sa mhéid go ndealraíonn go bhfuil sé ag éileamh go raibh údarás aige ina leith ó na daoine a bhí i gceannas air, eadhon, an Coirnéal Ó hEibhrín agus an tAire Cosanta a bhí ann san am sin, an Teachta Mac Giobúin. D’éiligh sé freisin go raibh sé ag gníomhú mar oifigeach liaison le daoine i dTuaisceart Éireann do Coiste Thuaisceart Éireann den Rialtas nó don bheirt chomhalta aonair de sin a casadh air, eadhon, an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh a bhí ann san am sin, an Teachta Niall Bléine, agus an tAire Airgeadais a bhí ann san am sin, an Teachta Cathal Ó hEochaidh. Mar gheall ar an gcuma inar thug sé fianaise chaith an Coiste cuid mhór ama ag iarraidh a fháil amach cén sórt éilimh a bhí á ndéanamh aige agus cén bonn a d’fhéadfadh bheith leo. Mar gheall ar na héilimh sin a bheith á ndéanamh ag an gCaptaen Ó Ceallaigh ba ghá glaoch ar an gCoirnéal Ó hEibhrín agus an triúr Teachta a bhí i gceist. Sula mbreithneofar ina uain cén bhaint a bhí aige leis na daoine sin ní foláir a chur in iúl go soiléir nach raibh ag éinne acu, agus nach raibh éinne acu á rá go raibh aige, aon údarás chun aistarraingtí airgid as Sráid an Rátha a údarú, is cuma cá mhéid a bhí sé á cheapadh ag an gCaptaen Ó Ceallaigh gur ar a mhalairt de chuma a bhí an scéal.


An Captaen Ó Ceallaigh agus an Coirnéal Ó hEibhrín

Cta. 8083-4.


Cta. 5161-3, 5287-95.


Cta. 3467, 4512, 5151-61, 5187-93, 5286-7, 6242, 6908-21.


Foscríbhinn 8, tagairtí 14 go 22.


Foscríbhinn 8, tagairt 4.


74. Bhí fianaise an Choirnéil Uí Eibhrín maidir lena eolas ar an gciste sin agus ar an mbaint leis a bhí ag an gCaptaen Ó Ceallaigh míshásúil.* Ach cé go ndealródh sé ó chuid dá fhianaise go raibh eolas ag an gCoirnéal Ó hEibhrín i dtaobh an Captaen Ó Ceallaigh a bheith ag úsáid airgid as an gciste chun airm a cheannach, agus cé go ndúirt an Captaen Ó Ceallaigh i dtéarmaí ginearálta go raibh údarás aige ón Stiúrthóir Faisnéise sa ní sin, níor tugadh aon fhianaise don Choiste ná níor thug fiú an Captaen Ó Ceallaigh féin aon fhianaise, gur tionscnaíodh an obair sin ar údarás nó ar ordú ón gCoirnéal Ó hEibhrín, ná, dar leis an gCoiste, níor thug a mhionchuntas ar a chumarsáidí leis an gCoirnéal Ó hEibhrín bonn cirt dá ráiteas go raibh údarás aige sa ní sin ón gCoirnéal Ó hEibhrín. Ina theannta sin, féadfar é a thabhairt chun suntais go ndúirt an Coirnéal Ó hEibhrín sa chúirt go ndúirt an Captaen Ó Ceallaigh leis-sean go raibh sé ag gníomhú, ag “tabhairt isteach” na n-arm dó, i bhfios do bheirt Aire Rialtais agus le cead uathu, an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh a bhí ann san am sin, an Teachta Niall Bléine, agus an tAire Airgeadais a bhí ann san am sin, an Teachta Cathal Ó hEochaidh agus nach raibh aon orduithe á dtabhairt aigesean (an Coirnéal Ó hEibhrín) dó i dtaobh an ghnó sin.


An Captaen Ó Ceallaigh agus Airí a bhí ann roimhe seo

Cta. 3671-4, 4459-65.


Foscríbhinn 8. tagairtí 28-31.


Cta. 5168, 5278.


Cta. 4891-5, 6197-6237, 6883, 7019-21.


75. Bhí sé á éileamh ag an gCaptaen Ó Ceallaigh go raibh sé ag obair mar oifigeach liaison idir an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh a bhí ann, an Teachta Niall Bléine, agus an tAire Airgeadais a bhí ann, an Teachta Cathal Ó hEochaidh, mar chomhaltaí de Choiste Thuaisceart Éireann den Rialtas, agus daoine i dTuaisceart Éireann (mír 73). Dúirt sé go raibh an obair sin ar siúl ó Dheireadh Fómhair ach ina dhiaidh sin d’athraigh sé é sin go dtí Lúnasa nó Meán Fómhair. San fhianaise a thug sé sa chúirt d’ainmnigh an tAire Airgeadais a bhí ann an Captaen Ó Ceallaigh mar dhuine a raibh baint aige le ceangal a dhéanamh idir é féin (an tAire) agus a chomhaltaí Rialtais agus “na daoine sa Tuaisceart”. Shéan an Captaen Ó Ceallaigh, áfach, go raibh sé faoi ordú acu agus, cé go ndealraíonn go ndeir sé go raibh sé ag gníomhú i bhfios dóibh, ní dúirt sé gur iarr sé orthu ná go bhfuair sé uathu údarás chun airgead a íoc amach as na cuntais Bainc chun airm a cheannach nó chun soláthar don “Voice of the North”.


An Captaen Ó Ceallaigh agus an tAire Cosanta a bhí ann san am

Cta. 11053-6, 11196-11205.


Cta. 6518-20.


Ct. 10799.


Foscríbhinn 3 (6).


76. Maidir le hAire Cosanta an ama sin, an Teachta Séamus Mac Giobúin, níor tharla teagmháil tosaigh an Chaptaen Uí Cheallaigh leis go dtí mí Márta 1970, sin roinnt mí tar éis tarraingt an airgid as an gcuntas le haghaidh arm do thosú. Is léir, dá bhrí sin, nach raibh aon cheist ann i dtaobh na n-aistarraingtí sin a bheith údaraithe i dteagmháil díreach leis an gCaptaen Ó Ceallaigh ag an Uasal Mac Giobúin, a dúirt i bhfianaise gur ar an 30 Aibreán a chuala sé i gcéaduair i dtaobh na gcuntas agus ní dúirt an Captaen Ó Ceallaigh rud ar bith i dtaobh é a bheith údaraithe amhlaidh.


An Captaen Ó Ceallaigh agus an tAirgead do “The Voice of the North”

77. Maidir leis na suimeanna dar mhéid £4,500 a íocadh le Séamus Ó Brádaigh do “The Voice of the North” as cuntas Ann O’Brien, níor chuir an Captaen Ó Ceallaigh aon fhianaise dhearfa i láthair á chur in iúl go raibh údarás—ná fiú toiliú—aige chucu sin ó Airí nó óna oifigeach uachtarach.


An Captaen Ó Ceallaigh agus Údarás—Achoimre

78. D’fhéadfadh gur ghlac an Captaen Ó Ceallaigh leis go raibh toiliú aige ó dhuine nó ó dhaoine éigin in údarás a mb’fhéidir eolas a bheith aige ar allmhairiú na n-arm ach, gan amhras, fiú dá mbeadh toiliú den sórt sin tugtha, ní fhéadfadh sé údarás a thabhairt do tharraingt airgid as Shráid an Rátha, airgead nach raibh urlámh ag éinne air ach sealbhóirí an chuntais. San am céanna ní dúirt an Captaen Ó Ceallaigh é féin tráth ar bith le linn a chuid fianaise gur loirg sé toiliú ó aon duine in údarás le haghaidh airgead as Shráid an Rátha a úsáid chun airm a cheannach. Ní féidir a fhágáil as an áireamh, áfach, go bhféadfadh nár theastaigh ón gCaptaen Ó Ceallaigh duine nó daoine éigin in údarás laistigh den dlínse agus/nó duine nó daoine éigin lasmuigh den dlínse lena raibh sé i dtadhall ag an tráth áirithe a cheangal leis na cursaí seo agus go raibh éifeacht aige sin ar a chuid fianaise.


Mainneachtain ag an gCoirnéal Ó hEibhrín agus ag Airí beart a dhéanamh

Cta. 4133-5, 8076-84.


Cta. 11553-60, 11065-69.


Cta. 9071, 11068-70, 11154, 11259-74.


Cta. 10923-7, 11052, 11134, 11220-43.


Foscríbhinn 3 (6).


79. Caithfear a rá freisin, dá ndéanadh an Coirnéal Ó hEibhrín beart cuí nuair a fuair sé amach ón gCaptaen Ó Ceallaigh i dtaobh é a bheith beartaithe airm a allmhairiú agus i dtaobh an airgid a tharraing sé as an gcuntas, go bhféadfadh nach gcuirfí cuid mhaith den airgead chun mí-chríche. Dá ndéanadh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh a bhí ann, an Teachta Niall Bléine, agus an tAire Airgeadais a bhí ann, an Teachta Cathal Ó hEochaidh, agus Aire Cosanta an ama sin, an Teachta Séamus Mac Giobúin, a n-amhras nó a n-eolas ar an allmhairiú beartaithe arm a chur in iúl don Taoiseach d’fhéadfadh nach gcuirfí chun mí-chríche cuid den airgead is eol anois a bheith caite ar airm.


Íocaíocht £500 leis an gCaptaen Ó Ceallaigh

Foscríbhinn 5 (15).


Cta. 4434-35, 4891-3, 5026-32, 6820-4.


80. Maidir leis an £500 a íocadh leis an gCaptaen Ó Ceallaigh (míreanna 28, 43) níl an Coiste sásta go raibh bonn cirt, faoi théarmaí an Chiste, le cinneadh an Aire Airgeadais a bhí ann, an Teachta Cathal Ó hEochaidh, an tsuim sin a chur ar fáil as an gCiste. Ina theannta sin, níor éirigh leis an gCoiste cuntas sásúil ar chaitheamh na suime sin a fháil ón gCaptaen Ó Ceallaigh.


CUID XII

MOLTAÍ

(a) Deontais-i-gCabhair

Foscríbhinn 9.


81. Tar éis dó na treoracha nua i dtaobh Deontais-i-gCabhair a eisíodh le hordú ón Aire Airgeadais a thabhairt ar aird, molann an Coiste:—


(1) Nach ndéanfar, ar leithligh ó airgead a bheidh ar fáil don Chiste Teagmhais, aon airgead a chaitheamh ar sheirbhísí nua sula mbeidh siad vótáilte ag Dáil Éireann agus roimh aon vóta den sórt sin go dtabharfaidh an tAire iomchuí ráiteas iomlán i dtaobh conas a bheidh an t-airgead le caitheamh.


(2) I gcás ina ndéanfar foráil chun airgead vótáilte a eisiúint do dhuine nó comhlacht ar bith, go ndéanfaidh Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne a bheidh freagrach bearta is leor chun a áirithiú go dtaiscfear na suimeanna a bheidh i gceist do chuntas an duine nó an chomhlachta a bheidh sonraithe sa vóta nó go n-íocfar iad go díreach leis an duine nó leis an gcomhlacht sin.


(3) I gcás ina n-eiseofar airgead do dhuine nó do chomhlacht, gur cheart d’Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne lena mbainfidh é a chur in iúl don duine nó don chomhlacht sin cad chuige a bhfuil an t-airgead á eisiúint agus cad iad na coinníollacha a ghabhann lena eisiúint d’fhonn agus go mbeadh léargas iomlán ag an duine nó an comhlacht ar an bhfreagracht a bhainfidh le caitheamh an airgid sin ina dhiaidh sin.


(4) Go ndéanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach uile Dheontas-i-gCabhair a scrúdú d’fhonn a chinntiú dó féin gur chun na críche a bhí ar intinn na Dála a caitheadh an t-airgead.


(5) Go mbeidh de cheart ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh a dhéanamh ar leabhair aon duine nó comhlachta a gheobhaidh Deontas-i-gCabhair mura mbeidh ráiteas soiléir dá mhalairt sa Mheastachán a tugadh don Dáil agus ar aontaigh an Dáil leis.


(b) Airgead a ghnóthú

Molann an Coiste, nuair a bheidh na bearta tugtha chun críche ag an Roinn Airgeadais atá ar siúl aige chun oiread agus is féidir a ghnóthú d’airgead a íocadh le déileálaí arm san Iar-Ghearmáin (mír 50), gur cheart don Aire Airgeadais tuarascáil iomlán ina thaobh a thabhairt don Dáil.


(c) Ginearálta

De dhroim gur tuigthe ón bhfianaise a tugadh don Choiste gur bhain doiléire le cúrsaí freagrachta agus gur bhain iomrall le ceisteanna údaráis sna Seirbhísí Poiblí, agus na Fórsaí Cosanta a áireamh, molann an Coiste go ndéanfaidh an Rialtas an scéal sin a scrúdú agus aon bhearta a dhéanamh is gá chun é a leigheas.


Obair an Choiste

82. Measann an Coiste freisin gur cheart dó roinnt pointí a lua a thig de dhroim a bheith ag gabháil don obair seo. Is inmhianaithe go gcinnfeadh an Dáil ar mhodh oibre iomchuí do Choistí den sórt seo, faoin mBunreacht.


83. Shocraigh an Coiste oiread fianaise agus ab fhéidir a éisteacht go poiblí. Creideann sé gur nós imeachta ar mhaithe le leas an phobail é sin mar go mb’fhéidir, dá ndéanadh an Coiste a chuid oibre go léir go príobháideach, nach bhféadfaí iontaoibh an phobail a choimeád suas go raibh an fiosrú b’iomláine ab fhéidir á dhéanamh aige go hinniúil toilteanach. Mar sin féin, is follas gur bhain impleachtaí leis an gcinneadh sin nár léir ag an am. Mheas finnéithe áirithe go mba lochtú orthu féin fianaise a tugadh ina dtaobh i seisiún poiblí, agus d’éirigh fadhbanna dlíthiúla agus bunreachtúla dá bharr sin.


84. Lochtaíodh san Cúirteanna an tAcht faoina raibh an Coiste ag iarraidh a cheangal ar fhinnéithe fianaise a thabhairt, agus fuarthas go raibh cuid de in aghaidh an Bhunreachta (míreanna 15 go 17). Ba cheataí don Choiste gur dhiúltaigh roinnt finnéithe fianaise a thabhairt agus freisin nach gcomhoibreodh roinnt finnéithe.


85. Tá gá le tuilleadh breithniú a dhéanamh ar cá mhéid ba cheart ceangal a bheith ar choiste fiosraitheach den sórt seo ag rialacha fianaise na gCúirteanna Breithiúnais, nó cá mhéid ba cheart cumhacht a bheith aige a rialacha féin a leagan síos de réir prionsabail ghinearálta an cheartais aiceanta.


Foscríbhinn 4 (8), leath 251.


86. Theastaigh comhairle shaineolach ón gCoiste ó am go ham ar chúrsaí dlíthiúla. De réir an chleachtais atá ann, níor mhór don Choiste, ar gach ócáid den sórt sin, ceadú ar leithligh a fháil ón Aire Airgeadais le haghaidh an chaiteachais a bhain leis, agus ba ró-throm agus ba mhíshásúil an nós imeachta é sin.


Foscríbhinn 4 (6).


Diospóireachtaí Dála Imleabhar 251, colúin 735-6.


87. Fuair an Coiste é bheith deacair freisin dóthain seirbhísí luathscríbhneoireachta a fháil. Nuair ab éigean d’údaráis na Dála tráth amháin bearta a dhéanamh chun foireann bhreise luathscríbhneoireachta a fháil toisc nár leor an méid foirne a bhí ar fáil de ghnáth le haghaidh obair na Dála, an tSeanaid agus an Choiste, tháinig de go ndearnadh lochtú go mícheart ar an gCoiste sa Dáil.


88. Is dóigh leis an gCoiste gur cheart scrúdú a dhéanamh láithreach ar na nithe sin go léir agus ba chóir don Dáil na forálacha a shocrú do Choistí den sórt seo. Ina theannta sin, fad agus a dhéanfar san am céanna cearta saoránach a chosaint agus go gcuirfear in áirithe go gcaomhnófar prionsabail an cheartais aiceanta, ba chóir bearta a dhéanamh chun cibé reachtaíocht a thabhairt isteach is gá chun go n-oibreodh Coistí mar é go sásúil. Air sin ba chóir go n-áireofaí reachtaíocht á chumasú do Choistí mar é a cheangal go bunreachtúil ar fhinnéithe freastal agus doiciméid a thabhairt ar aird.


Admháil

89. Ba mhaith leis an gCoiste mórbhuíochas a ghabháil le E. P. Sutail, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, as ucht é do fhreastal i gcáil chomhairleach agus i dtaobh comhairle shaineolach a thabhairt don Choiste.


90. Ba mhaith leis an gCoiste a mhórmheas a chur in iúl ar ábaltacht agus ar shaothar a Rúnaí, Seán Tóín. Thug sé cúnamh agus comhairle rí-luachmar don Choiste agus ní fhéadfadh an Coiste a ghnó a thabhairt chun críche go feidhmiúil mura mbeadh an fhial-chabhair a fuair sé uaidh féin agus ó Phroinsias Ó Muirí, a chabhraigh leis chomh hábalta sin. Tá ár mbuíochas ag gabháil freisin do Shiobhán Ní Mheachair, a rinne obair chlóscríbhneoireachta uile an Choiste, mar aon le dualgais go leor eile.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


13 Iúil, 1972.


*Cionroinnte i mír 56.


*Glansuimeanna iad sin, is é sin, na méideanna a taisceadh i ngach cuntas lúide suimeanna a aistríodh agus iarmhéideanna. Tá mionsonraí ar na suimeanna sin a aistríodh agus ar na hiarmhéideanna sin tugtha sa taifeach i bhFoscríbhinn 6.


1. Móide táillí bainc £2.14.4.


2. Móide táillí bainc 11.0.


3. Móide táillí bainc 17.8.


4. Móide táillí bainc £1.5.8.


* Gheofar freisin i bhFoscríbhinn 7 Tuarascáil ó Rúnaí na Roinne Airgeadais ar chuairt go Béal Feirste maidir leis an ábhar sin.


Foscríbhinn 3 (5). Foscríbhinn 5 (1, 2, 4, 5, 7, 8, 9, 17, 21, 22).


Foscríbhinn 3 (7).


Cta. 2644-7.


Cta. 2611-3.


Foscríbhinn 4 (2).


Ct. 9474.


Ct. 9511.


Foscríbhinn 4 (2).


*Is léiriú ar dheacrachtaí an Choiste sa ní sin ceist na seiceanna darbh iomlán £1,600 a sóinseáladh sa National Provincial Bank, Piccadilly, Londain (mír 50). D’airbheartaigh bainisteoir Bhanc Shráid an Rátha, tar éis don Choiste na doiciméid iomchuí go léir a thabhairt ar aird, na cuntais, na duillíní agus na dearbháin iomchuí go léir ina sheilbh a thabhairt ar aird don Choiste an 14 Eanáir, 1971. Níor dhoiciméid bhunaidh, ach fótastatanna, na doiciméid sin. Ina measc bhí fótastat de chuntas George Dixon ar dhealraigh sé go raibh scríofa air “cashed NPB 21/11/69”. Dúirt ráiteas i scríbhinn ó oifigeach eile don Bhanc faoi dháta 20 Eanáir, 1971 gur treoraíodh dó glaoch teileafóin a chur go dtí an National Provincial Bank i Londain á iarraidh air seiceanna suas go dtí £6,000 ar a mhéid a shóinseáil do George Dixon má ba ghá ar dháta áirithe. Ar an gCoiste dá iarraidh sin thug an banc an cuntas bunaidh ar aird agus bhí lorg lámhscríbhneoireachta nárbh fhéidir a dhéanamh amach ar an doiciméad sin nár léir a bheith ar an gcóip fótastat. Chuir an Coiste faoi deara tástáil theicniúil a dhéanamh ar an doiciméad bunaidh agus taispeánadh dá thoradh sin, i measc nótaí lámhscríbhneoireachta eile a tháinig chun léire, agus tagairt do “Kelly” a áireamh, an nóta seo a leanas, eadhon,“note sent to NPB Piccadilly for £11,450”. Tar éis don Bhanc scrúdú a dhéanamh ar a chomhfhreagras ar an gCoiste dá iarraidh sin, tugadh ar aird don Choiste ar an 1 Feabhra cóipeanna de litreacha a cuireadh go dtí an Bainisteoir, National Provincial Bank, Piccadilly. Thaispeáin siad sin gur iarraidh ar bhanc Phiccadilly an 17 Samhain, 1969 saoráidí a thabhairt do George Dixon trína sheiceanna a shóinseáil suas go £11,450 ar a mhéid an 18 Samhain, tréimhse a fadaíodh trí litir den 21 Samhain go dtí an tseachtain ina dhiaidh sin. Dúradh sa tríú litir den 27 Samhain nach raibh saoráidí ag teastáil a thuilleadh ón gcliant. Ar an 2 Márta nuair a fiafraíodh de Bhainisteoir bhanc Shráid an Rátha ar sóinseáladh seic i mbanc Phiccadilly d’fhreagair sé: “Ní dóigh liom é. Measaim go ndeir an litir dheireannach ‘ní theastaíonn saoráidí uaidh a thuilleadh’ agus dealraíonn sé dá réir sin nár sóinseáladh aon tseic ann”. D’iarr an Coiste ansin go bhfaighfí na litreacha bunaidh. Fuarthas iad sin an 15 Márta. Ar chúl na chéad litreach (dár dháta 17 Samhain, 1969) a bhí sínithe ag Bainisteoir Bhanc Shráid an Rátha, bhí na taifid seo a leanas agus inisileacha leo:—


 

“19.11.69

1,500

 

 

21 Nov. 69

100”

 

Foscríbhinn 4 (2).


Ar an 14 Aibreán, 1971 cuireadh litir den 6 Aibreán, 1971 ó Bhanc Phiccadilly go dtí Banc Shráid an Rátha ar aghaidh chun an Choiste á dhaingniú gur bhain an dá dháta agus an dá shuim le híocaíochtaí a rinneadh.


Measann an Coiste gur cheart go mbeadh de thoradh ar an iarratas tosaigh uaidh chun bainisteoir an bhainc go ndéanfadh an banc a chuid páipéar uile a scrúdú go lánchruinn agus dá dhroim sin na fíorais go léir a thabhairt don Choiste tráth a thosaigh sé ar na hoifigigh bainc a cheistiú.


Ct. 4126.


Ct. 4127.


Ct. 8074.


*Tráth amháin dúirt sé nár tuigeadh dó go raibh an t-airgead á tharraingt agus á lóisteáil ag an gCaptaen Ó Ceallaigh, agus nárbh eol dó go bhféadfadh an Captaen Ó Ceallaigh dul isteach le seic, é a shíneadh thar cuntar agus teacht amach le hairgead ina phóca, ach ina dhiaidh sin dúirt sé gurbh eol dó go raibh rochtain ar an gcuntas sin ag an gCaptaen Ó Ceallaigh agus gur tharraing sé airgead as agus gur thug sé é do “na daoine sa Tuaisceart”.