Committee Reports::Report - Dublin Cemeteries Committee Bill, 1969 [Private]::17 June, 1970::Report

TUARASCÁIL.

1. Tuairiscíonn an Comhchoiste gur scrúdaigh sé Réamhrá an Bhille, go ndearna sé leasuithe áirithe ar a dhréachtadh agus gur cruthaíodh chun a shástachta a bhfuil líomhnaithe ann.


2. Chuaigh an Coiste tríd an mBille agus rinne sé roinnt leasuithe air.


3. Le linn don Choiste an Bille a bhreithniú cuireadh os a chomhair, agus bhreithnigh sé, fianaise a tugadh ar aird agus aighníochtaí ó abhcóidí thar ceann na dtionscnóirí, agus tuarascálacha ón Roinn Dlí agus Cirt agus ó Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla. Níor ghlac an Coiste leis na moltaí ón Roinn a bhain le foirceannadh nó díscaoileadh an Choiste atá beartaithe agus le fíordheimhniú an tséala. Chonachtas dó nár ghá foráil a dhéanamh faoi fhoirceannadh nó díscaoileadh agus gur leor a bhfuil foráilte sa Bhille faoi fhíordheimhniú an tséala. Amach ón dá ní sin glacadh leis na moltaí a bhí sa dá thuarascáil agus leasaíodh an Bille dá réir sin.


VIVION DE VALÉRA,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


17 Meitheamh, 1970