Committee Reports::Report - Dublin Cemeteries Committee Bill, 1969 [Private]::17 June, 1970::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

2 Nollaig, 1969—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Choiste Reiligí Bhaile Átha Cliath, 1969, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do bhunú comhlacht corpraithe chun na feidhmeanna a ghabháil de láimh agus a chur i gcrích atá gafa de láimh agus á gcur i gcrích faoi láthair ag an “Dublin Cemeteries Committee” agus do mhéadú agus do leathnú na bhfeidhmeanna sin.


4 Nollaig, 1969:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun an Bille um Choiste Reiligí Bhaile Átha Cliath, 1969, a bhreithniú.


10 Feabhra, 1970:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Seán Ó Ceallaigh, Eoin Ó Riain agus Liam Sheldon.


10 Feabhra, 1970:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Vivion de Valéra.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

3 Nollaig, 1969:—Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 2ú lá de Nollaig, 1969, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Choiste Reiligí Bhaile Átha Cliath, 1969, a bhreithniú.


5 Nollaig, 1969:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um Choiste Reiligí Bhaile Átha Cliath, 1969, a bhreithniú.


11 Feabhra, 1970:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Saerbhreathach Céitinn, Micheál Ó Cinnéide agus Risteard Ó Riain.


11 Feabhra, 1970:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Vivion de Valéra.