Committee Reports::Report - Dublin Cemeteries Committee Bill, 1969 [Private]::22 April, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 22 Aibreán, 1970.

Wednesday, 22nd April, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


An Teachta de Valéra (i gCeannas), na Teachtaí Céitinn agus Ó Cinnéide, na Seanadóirí Ó Ceallaigh agus Sheldon.


3. Láithriú thar ceann na dTionscnóirí.


Láithrigh T. Vincent Davy, S.C., Francis Murphy, S.C., agus Messrs. Maxwell Weldon & Co., Gníomhairí Parlaiminte thar ceann na dTionscnóirí, Coiste Reiligí Bhaile Átha Cliath.


4. Tuarascálacha ar an mBille.


Léadh tuarascálacha ón Roinn Dlí agus Cirt agus ó Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn.


5. Tacaíocht leis an Réamhrá.


Éisteadh T. Vincent Davy, S.C. agus Francis Murphy, S.C. ag tacú le Réamhrá an Bhille agus ghlaoigh siad ar fhinnéithe.


6. Ceistiú Finnéithe.


Rinneadh James R. C. Green, Cathaoirleach, agus Edward A. Maguire, Rúnaí, Coiste Reiligí Bhaile Átha Cliath, a chur faoi mhionn agus a cheistiú.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athlá ar 12.50 p.m.