|
TUARASCÁIL EATRAMHACHTá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus chomhaontaigh sé ar an Tuarascáil eatramhach seo a leanas:— Tuairiscíonn an Coiste gur tharla, i gcaitheamh na bliana dar chríoch 31 Márta, 1969, gur tabhaíodh caiteachas de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas faoin Vóta a luaitear anseo ina dhiaidh seo. RÁITEAS AR AN mBREIS Ráiteas ar an tsuim is gá a vótáil d’fhonn breis ar an Vóta a luaitear a shlánú.
Beidh ceadú an Oireachtais ag teastáil i leith na suime atá leagtha amach i gcolún (6). Is é cúis atá leis an gcaiteachas breise go raibh easnamh sna Leithreasaí i gCabhair a gnóthaíodh. Tharla an t-easnamh sin go formhór toisc nach bhfuarthas roimh an 31 Márta 1969 íocaíochtaí i leith cuntas a bhí amuigh in aghaigh earraí monaraithe a sholáthraigh na príosúin. Ní léir don Choiste aon chúis le nach soláthrófaí an tsuim seo le vóta breise. PÁDRAIG Ó hÓGÁIN, Cathaoirleach. 5 Márta, 1970 |
||||||||||||||||||||||||||||||