|
TUARASCÁIL DEIRIDHCUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTAMeamram ón Aire Airgeadais dar dáta 5 Feabhra, 19701. Fanfaidh an Coiste leis na tuairimí breise ón Aire Airgeadais ar mhír 25 de thuarascáil an Choiste dar dáta 10 Márta 1966 agus ar mhíreanna 5, 11 agus 18 dá thuarascáil dar dáta 23 Iúil 1969. Tuarascáil dar dáta 27 Meitheamh, 19682. Ba mhaith leis an gCoiste go mbeadh eolas le fáil aige ar an dul ar aghaidh atá déanta chun achomaireachtaí na dtuairisceán cánach láimhdeachais a sheiceáil go hiomlán le cuntais iniúchta agus le heolas eile a cuireadh ar fáil chun críocha cánach ioncaim agus ar an méid mírialtachtaí a fuarthas amach. Tuarascáil dar dáta 23 Iúil, 19693. Ábhar caibidle ag an gCoiste ar feadh na mblianta an cheist a bhaineann le cuntais iniúchta comhlachtaí, a fhaigheann cúnamh as airgead vótáilte, a bheith ar fáil ag an gCoiste. Cuireann sé i bhfáth go ndúirt an tAire go bhfuil athmheas á dhéanamh aige ar an gceist a bhaineann le cuntais comhlachtaí Stát-urraithe a thabhairt faoi bhreithniú parlaiminte ag féachaint do na moltaí maidir leis na comhlachtaí sin atá sa tuarascáil a fuarthas ó Bhuíon Bhreithnithe Eagrú na Seirbhísí Poiblí. 4. Le linn na fianaise thug an Coiste dá aire, le buíochas, go ndearna roinnt Oifigeach Cuntasaíochta, mar chúirtéis, cuntais iniúchta comhlachtaí Stát-urraithe áirithe a bhain lena gcuid Ranna féin a chur ar fáil mar eolas don Choiste. Ba mhór an chabhair é sin agus, fad a bheifear ag feitheamh le fuascailt na faidhbe dá bhfuil tagairt sa mhír roimhe seo, ba mhaith leis an gCoiste a leithéid chéanna de chúirtéis a fháil ó gach Oifigeach Cuntasaíochta i gcás cuntais comhlachtaí atá urraithe ag a gcuid Ranna. 5. Is cúram leis an gCoiste amhail mar is cúram leis an Aire iad na deacrachtaí a bhaineann le foireann nua a sholáthar don státseirbhís. Mar a thaispeántar thíos (Míreanna 6 go 9) d’fhill sé ar an ábhar sin ina athbhreithniú ar chuntais 1968-69. Fóscríbhinn 28. 6. Deirtear i nóta a ghabhann le cuntas an Vóta i leith Iompar agus Cumhacht, maidir le luach saothair breise os cionn £100, go bhfuair trí chéad daichead agus ceathair fostaí suimeanna ó £101 go dtí £1,206 i leith freastal breise agus liúntais dualgas oíche. Is é an méid iomlán a íocadh ar bhreis-am £75,519. Ag trácht air gur taibhsíodh dó £1,206 a bheith ina shuim an-mhór le híoc le haon duine áirithe, chuir an Coiste ceisteanna ar an Oifigeach Cuntasaíochta i dtaobh na n-adh-banna foirne áirithe a bhain lena Roinn. Fuair sé amach gur le raidio-oibritheoirí agus raidio-theicneoirí a íocadh formhór an luach saothair bhreise agus go bhfuil sé deacair daoine mar sin a fháil mar gheall ar an gcomórtas atá ann ar thóir foirne cáilithe. Tá sé deacair freisin ailtirí agus innealtóirí a fháil. Ceapann an Coiste go mb’fhéidir gur ghá na nósanna imeachta chun foireann a sholáthar a athscrúdú; go mb’fhéidir nach bhfuil an luach saothair sách maith le foireann a tharraingt; agus go mb’fhéidir gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar shaoráidí traenála, coinníollacha oibre agus atmasféar ginearálta na státseirbhíse. Foscríbhinn 29. 7. De thoradh na tuarascála uaidh in aghaidh 1967-68 ina ndearnadh gearán i dtaobh na moille a bhain le cásanna áirithe a chur de láimh nocht an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste deacrachtaí foirne i mBrainse na Dleachta Eastáit d’Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Rinne an Coiste breithniú cuíosach mion ar fhianaise an Oifigigh Cuntasaíochta agus tugann sé dá aire go ndearnadh atheagrú ar an mBrainse le déanaí trínar thig cionúireacht níos mó de phostanna sinsir ná de phostanna sóisir. Ach níor réitigh sé sin na deacrachtaí i gcás postanna ar cothrom Scrúdóra agus Scrúdóra Cúnta. Sa chéad ásc roghnaítear Scrúdóirí Cúnta de thoradh scrúdú oscailte le haghaidh Oifigeach Feidhmiúcháin sa státseirbhís. Fara le traenáil sa phost, ní foláir d’earcaigh céim dlí a bhaint amach agus ina dhiaidh sin bíonn siad cáilithe le ardú go dtí grád scrúdóra. Ar chúiseanna éagsúla tarlaíonn athruithe go rí-mhinic ar an bhfoirinn shóisearach agus dá thoradh sin tarlaíonn folúntais i ngrád an scrúdóra a bhíonn gan líonadh ar feadh i bhfad. Moladh go mb’fhéidir go bhféadfaí an deacracht a shárú trí fhoireann ghairmiúil a sholáthar go díreach don ghrád scrúdóra go dtí cibé am a bheadh scrúdóirí cúnta ar fáil ach dealraíonn sé nach raibh an tOifigeach Cuntasaíochta ró-thógtha leis mar mholadh. Molann an Coiste go leagfaí amach plean don todhchaí le haghaidh riachtanas foirne Brainse na Dleachta Eastáit agus go mbeadh sa phlean sin tograí lánsonraitheacha chun na lochtaí atá ar an nós imeachta faoi láthair a leigheas. 8. Dúirt Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Poist agus Telegrafa leis an gCoiste go bhfuil sé deacair foireann a sholáthar i ngach uile ghrád beagnach in Oifig an Phoist, nach féidir daoine nua a fháil don fhoirinn nuair a bhíonn siad ag teastáil nó nach féidir iad a choinneáil nuair a bhíonn siad faighte, díreach an scéal céanna atá sa státseirbhís uile. Tá sé sin tar éis brú mór oibre a chur ar an bhfoirinn atá ann faoi láthair agus ina theannta sin tá obair chuntasaíochta áirithe tar éis tuitim i riaráiste agus baol ann go gcaillfear ioncam dá dheasca. Míníodh an modh earcaíochta agus dealraíonn sé go bhfuil freagracht chomhchoitian idir an Roinn agus an Roinn Airgeadais. Níor éirigh go sásúil i gcónaí leis na bearta a rinneadh chun na deacrachtaí a leigheas. Is mór an cás ag an gCoiste nach bhfuil fianaise ar bith go bhfuil polasaí fadtéarmach ceaptha mar leigheas ar an mí-bhail seo. 9. Tabharfaidh na míreanna roimhe seo léargas ar an droch-riocht dochreidte atá tagtha ar chúrsaí soláthair foirne don seirbhís phoiblí. Rinne tuarascáil Devlin tagairt don adhb seo freisin. Is léir, ar mhaithe le héifeachtúlacht agus tíobhas, go bhfuil gá le plean dearfa a bheidh ceaptha chun na deacrachtaí sin a réiteach faoi cheann achar gearr aimsire. Is dóigh leis an gCoiste gur chóir a leithéid de phlean a ullmhú agus a chur faoi umhail an Choiste. CUID II—CUNTAIS AR LEITHLIGHOifig an Aire AirgeadaisÍocaiochtaí leis an gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin (Deontas-i-gCabhair)10. Baineann an Ciste seo le gníomhaíochtaí na bhfoirne forbartha contae a bunaíodh chun forbairt eacnamaíoch a neartú san iarthar sa mhéid nach bhféadfadh aon cheann de na gníomhaireachtaí Stáit ata ann, measadh, forbairt a dhéanamh go hiomchuí nó go héifeachtúil. D’fhéadfadh go ndealraíonn sé go mbainfeadh na hiasachtaí agus na deontais go hiomchuí le seirbhísí a chuireann an tÚdarás Forbartha Tionscail ar fáil ach scéimeanna beaga tríd is tríd ab ea formhór na scéimeanna ar tugadh airgead ina leith trí na foirne forbartha contae agus bhain cuid acu le tionscadail de chineál talmhaíochta, le tithe ósta beaga, le tionscail lámhcheirde agus gnóthais dá samhail nach bhfaighfí airgead ina leith de ghnáth ón Ú.F.T. Gabhann sé de riachtanas leis an sórt seo gníomhaíochta go mbeadh dlúth-bhaint ag na húdaráis áitiúla le caiteachas agus gurb iad a bheadh ar na foirne forbartha bainisteoir contae, innealtóir contae, Príomh-Oifigeach Talmhaíochta, Príomh-Oifigeach Oideachais agus Cathaoirleach na Comhairle Contae atá i gceist. Is é an tAire Airgeadais a riarann an Ciste agus is é a fhostaíonn rúnaithe na bhfoirne. Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil sé míshlachtmhar ó thaobh riaracháin agus b’fhéidir neamhéifeachtach an Roinn Airgeadais a bheith i mbaint le hoibríochtaí a bhfuil a chosúlacht orthu gur mó a bhainfidís le feidhmeanna méadaithe an Údaráis Forbartha Tionscail. Tá an Coiste in amhras freisin, sa mhéid go mbaineann sé le rialú airgeadais, i dtaobh é bheith fóirsteanach deontais a íoc as an gCiste i leith cineál gníomhaíochta a bhaineann go follasach le réim oibre Bhord Fáilte Éireann, ar an ábhar sin amháin go raibh airgead Bhord Fáilte curtha in áirithe go hiomlán sa bhliain atá faoi bhreithniú. Buíon Bhreithnithe Eagrú na Seirbhísí PoiblíFoscríbhinn 6. 11. Tugann an Coiste dá aire gur íocadh £100,000 le comhairleoirí as caiteachas iomlán £124,000 a bhain le gníomhaíochtaí an ghrúpa. Tugann sé dá aire fós, ón meamram a chuir an Roinn Airgeadais ar fáil agus a cuireadh leis an tuarascáil seo, na seirbhísí a thug na comhairleoirí, ach ba mhaith leis a thuilleadh eolais a fháil i dtaobh scála na dtáillí a íocadh leo agus cá fhaid díreach a bhíodar fostaithe. Cosaint12. Tugann an Coiste dá aire gur lú go mór ar caitheadh ná mar soláthraíodh d’airgead i leith cóir iompair mheicniúil, stórais ghinearálta, stórais chabhlaigh agus foirgneamh. Cé gur nglacann sé leis mar mhíniú gur mar gheall ar stailc na n-oibrithe cothabhála a tharla an tsábháil airgid i gcás foirgneamh, ba mhaith leis mioneolas a fháil maidir leis na suimeanna a sábháileadh ar an soláthar i leith ceannach stóras, agus go háirithe maidir le líonmhaireacht na suimeanna a tugadh anonn agus cá mhéid a bhí coinne leo sin nuair a bhí na meastacháin á gceapadh. 13. I rith na fianaise ardaíodh ceist i dtaobh gníomhaíochtaí áirithe de chuid na Roinne Cosanta a bheith faoi rialú dúbailte ag lucht míleata agus sibhialta. Rinneadh tagairt do Thuarascáil Devlin agus do na moltaí atá ann ar an ábhar sin agus ghlac an tOifigeach Cuntasaíochta agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste araon páirt i bplé na ceiste. Is é is príomh-chúram don Choiste éifeachtúlacht agus tíobhas i gcaitheamh airgid phoiblí agus dá réir sin molann sé gur chóir an scéal a iniúchadh féachaint an bhfuil gá leis an gcóras dúbailte i gcúrsaí riaracháin conarthaí, cuntasaíocht stórais agus iniúchóireacht inmheánach d’fhonn a fháil amach an bhféadfaí airgead a shábháil gan dochar d’éifeachtúlacht. Leas SóisialachFoscríbhinn 16. 14. Bhí ró-íocaíochtaí cúnamh shóisialaigh dar mhéid £77,616 gan gnóthú ar an 31 Márta, 1969. D’ionchúisíodh trí dhuine fhichead i gcaitheamh na bliana mar gheall ar chúnamh sóisialach a fháil, nó mar gheall ar thabhairt faoina fháil, go mírialta agus ciontaíodh dhá dhuine fhichead acu. Is cás ró-mhór leis an gCoiste na figiúir sin, agus níl sochair leasa shóisialaigh ar áireamh iontu sin. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta gearrinsint san fhianaise ar na bearta a rinneadh chun calaois a chosc agus ina dhiaidh sin thug sé meamram mioneolais ar an ábhar atá ag gabháil leis an tuarascáil seo. Tugann sé sin breis eolais ar a mhinice a dhéantar éilimh chalaoiseacha agus ar na bearta atá i bhfeidhm agus á meabhrú d’fhonn déileáil leis na mírialtachtaí sin. An fhreagracht a bheith roinnte idir an Roinn Leasa Shóisialaigh agus an Roinn Saothair i gcúrsaí sochair agus chúnamh dhífhostaíochta, is ceataí rómhór é sin ar rialú agus maoirseacht lán-éifeachtach a dhéanamh ar éilimh agus eisíocaíochtaí. Is dóigh leis an gCoiste, ós é an Roinn Airgeadais atá freagrach i leith ord agus rialtacht a bheith ag gabháil leis an airgead poiblí gur chóir don Roinn sin an taobh sin den scéal a iniúchadh agus gur chóir dó freisin na hadhbanna eile a luaitear sa mheabhrán a scrúdú. SláinteFoscríbhinn 18. 15. Tá deontais á n-íoc le roinnt blian d’fhonn cur le hairgead Chiste Iontaobhais na nOspidéal le haghaidh tógála agus is é méid an deontais sa bhliain atá faoi bhreithniú £1 milliún. Ní gá de réir dlí cuntais an Chiste a thíolacadh don Oireachtas ach cuireadh ar fáil don Choiste iad trí chúirtéis na Roinne. Dealraíonn go bhfuil sé de mhortabháil ar an gCiste deontas 100 faoin gcéad a sholáthar de chostas tógála nua-fhoirgnimh Ospidéil Naoimh Uinseann, Páirc na Leamhán, Baile Átha Cliath. Dúradh leis an gCoiste gur críochnaíodh an phríomh-obair thógála go luath i 1969 ach nach mbeadh an t-ospidéal ag obair faoi lán-tseol go dtí deireadh 1970. Dealraíonn sé gur bhain moill leis na cisteanacha, na hamharclanna agus áras na mbanaltraí a chríochnú. Ábhar fiafraithe ag an gCoiste cá mhéid a rinneadh pleanáil agus maoirseacht ar an tionscadal seo agus ba mhaith leis eolas a fháil ar fhreagrachtaí na Roinne sa chás seo agus i gcásanna eile, go háirithe nuair a tugadh cúnamh as airgead vótáilte. I gcoitinne is dóigh leis an gCoiste go bhfuil sé thar a bheith riachtanach i gcás tionscadail chaipitiúla lena mbaineann aonaid a bhíonn ag brath ar a chéile gur chóir bearta a dhéanamh tráth na pleanála a chuirfidh i ndeimhin go mbainfear lán-fheidhm as an infheistiú caipitil trína thabhairt go ndéanfar forbairt chomh eagraithe ar an tionscadal go léir agus go gcríochnófar i dteannta a chéile na haonaid éagsúla. Iompar agus CumhachtFoscríbhinn 26 16. Déantar seiceáil eitilte ar na háiseanna loingseoireachta in aerfoirt an Stáit le heitleáin a fhaigheann an Roinn an fruiliú ó am go ham ó Ghníomhaireacht Eitleoireachta Federálach Mheiriceá i bhFrankfort. Mar mhalairt air sin moladh i 1964 agus arís i 1965 go gceannófaí eitleán ina mbeadh trealamh oiriúnach ar chostas £100,000 agus go n-oibreodh Aerchór an Airm é chun an tseiceáil eitilte a dhéanamh agus freisin chun oibritheoirí radar a thraenáil. Diúltaíodh do na tograí sin ach in Eanáir 1967 fuarthas cead chun eitleán a cheannach le trealamh chun oibritheoirí radar a thraenáil ar chostas measta £60,000. Áiríodh sa tsuim sin £20,000 don eitleán, a rinneadh i 1961 agus a bhí i monarcha an déantóra, £11,000 chun comhpháirteanna a raibh a ré caite a thabhairt suas chun dáta agus tuairim £30,000 le haghaidh uirlisí agus aonad cumhachta breise. Togra a rinneadh ina dhiaidh sin chun trealamh iomlán eitilsheiceála raidiónach a chur isteach ceadaíodh é in Iúil 1967, rud a d’ardaigh an meastachán go dtí £82,000. Sula raibh an obair ar an eitleán críochnaithe, rinneadh leachtú ar na conraitheoirí; £36,000 an tairiscint ab oiriúnaí a fuarthas chun an obair a chríochnú agus d’ardaigh sé sin an costas measta go dtí £100,000. Ardaíodh é sin a thuilleadh, go dtí £140,000 i nDeireadh Fómhair 1968 nuair a rinneadh soláthar le haghaidh aonad eitilsheiceála ar an talamh ag ceanncheathrúin an Aerchóir, rud a measadh an tráth sin a bheith riachtanach má bhíothas leis an eitleán a úsáid go héifeachtúil le haghaidh eitilsheiceáil a dhéanamh ar áiseanna loingseoireachta. Suas go 31 Márta 1969 íocadh amach tuairim £56,000 i leith an tionscadail. Measadh gur £10,000 sa bhliain na costais oibríochta, ar leithligh ó imchóirithe móra, agus bhí súil leis go bhféadfaí timpeall £16,000 sa bhliain a shábháil ar tháillí fruilithe. 17. Bhí amhras ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi thíobhas an tionscadail agus d’fhiafraigh sé cén chúis nár tugadh faoi deara go mbeadh gá le haonad eitilsheiceála ar an talamh nuair a cinneadh in Iúil 1967 trealamh iomlán eitilsheiceála raidiónach a chur isteach san eitleán. Dúirt sé leis an gCoiste gur dhóigh leis go ndeachaigh pleanáil an tionscadail seo ar aghaidh ar chuma neamhchúiseach agus nach raibh an cinneadh a rinneadh i gcéaduair bunaithe ar mheastacháin iomlána. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis go ndearnadh athscrúdú ar an tionscadal go léir, ar iarratas ón Roinn Airgeadais, in Aibreán 1969, agus go raibh sé beartaithe é a chríochnú i dhá chéim. Measadh go mbainfeadh costas £30,000 leis an gcéad chéim trína bhféadfaí an t-eitleán a úsáid chun foireann aerthráchta a thraenáil agus chun tástáil theoranta a dhéanamh ar áiseanna aerloingseoireachta. Measadh go mbainfeadh costas breise £58,000 leis an dara céim, is é sin, an t-eitleán a chóiriú chun go mbeadh sé oiriúnach le haghaidh eitilthástáil iomlán. Maidir le cé acu ab fhearr acu, ceannach nó fruiliú, le haghaidh an sórt sin oibre, tugadh figiúir don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a thabharfadh le tuiscint nach mbeadh mórán difear idir costas fruilithe agus costas faighte, ach dúradh leis nár mhór aird a thabhairt ar rudaí tábhachtacha eile, ar nós go mb’fhéidir nach mbeadh fáil ar eitleán ón nGníomhaireacht Eitleoireachta Federálach nuair a bheadh sé ag teastáil go práinneach. Tugadh d’eolas don Choiste go bhfuil seirbhís eitilsheiceála dá gcuid féin ag formhór tíortha na hEorpa faoi láthair. 18. Rinne an Coiste scrúdú mion go leor ar an ábhar casta seo. Is é is mó is cás dó na tráthanna fada moille a bhain le dul ar aghaidh leis an tionscadal agus go rabhthas ró-mhall ar fad ag déanamh cinneadh, ag féachaint do chaighdeáin na haimsire seo. Mheas sé gur cás spéisiúil é le haghaidh staidéir agus d’iarr sé tuarascáil chroineolaíoch á lua cathain a tharla gach moill agus cén chúis a bhí leis. 19. Sa mheabhrán croineolaíoch a chuir an tOifigeach Cuntasaíochta faoi bhráid an Choiste ina dhiaidh sin, faightear tuilleadh léargais ar an dul ar aghaidh mall a rinneadh ón 5 Eanáir 1967, tráth a dúradh leis an soláthróir go raibh sé ar intinn an t-aerárthach a cheannach, suas go dtí Aibreán, 1970, tráth a bhí na hoiriúnuithe deiridh á ndéanamh agus an trealamh á chur isteach. Tar éis a chur san áireamh go cuí gur tharla deacrachtaí airgid don chonraitheoir bunaidh agus nach raibh sé ábalta a chonradh a chríochnú, ní fheictear don Choiste go bhfuil aon chúis lena bhfuil ráite aige sa mhír roimhe seo a mhaolú. Poist agus Telegrafa20. I 1965 rinneadh conradh ar £70,000 le monaróir Éireannach le haghaidh trealamh áirithe teileachumarsáide a sholáthar agus a chur isteach cé nach uaidh a fuarthas an tairiscint b’ísle fiú tar éis na gnáth-theorainneacha tosaíochta i leith earraí de dhéantús na hÉireann a chur san áireamh. Don ghnólacht céanna is ea tugadh conradh £340,000 i 1966 gan aon chomórtas, agus i 1967 tugadh conradh eile fós dó ar £260,000 cé nach uaidh sin arís fós a fuarthas an tairiscint ab ísle. Nuair a rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste fiafraí ina thaobh sin dúradh leis gur cuireadh an gnáth-nós imeachta de leataobh ar ordú ón Rialtas mar bheart éigeandála d’fhonn fostaíocht a chaomhnú i dtionscal nach raibh rófhada ar bun agus arbh é an t-aon tionscal é a bhí ag déanamh an trealaimh seo agus a dhealraigh a bheith ag brath go mór ar chonarthaí Post-Oifige. Ní hé is cúram ag an gCoiste an cás áirithe seo ach an tionchar a bheadh leis san am le teacht. Is léir nach maith an rud é monaplacht a thabhairt don mhonaróir aonair baile atá ann gan na rialacha ginearálta a bhaineann le teorainneacha tosaíochta a chur i bhfeidhm nó mura gcuirfear ní bheidh cúis ná fonn le go mbainfí praghsanna réasúnta amach. ForaoiseachtFoscríbhinn 32. 21. Fuarthas tuairisc ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste á rá gur íocadh suimeanna dar mhéid £44,000 le Bord Fáilte Éireann i leith costas oibreacha feabhsúcháin lena n-áirítear taitneamhachtaí turasóireachta i bPáirc Foraoise Locha Cé, Mainistir na Búille, Co. Roscomáin. £196,000 ar fad a measadh a chosnódh an tionscadal agus d’aontaigh an Roinn Airgeadais £53,000 a íoc as an Vóta Foraoiseachta i leith gnéithe áirithe a bhaineann le foraiseacht. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh na suimeanna a íocadh as airgead vótáilte iomarcach i ndáil leis an méid oibre a bhí críochnaithe faoin 31 Márta, 1969 agus gurbh é ba chóir a bheith iontu £18,000 in ionad £44,000 agus thug sé dá aire gur aisíocadh an ró-íocaíocht an bhliain ina dhiaidh sin. D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh an ceart ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ó thaobh cuntasaíochta amháin ach ó thaobh caothúlachta nár mheas an Roinn go mba ghá íocaíochtaí a dhéanamh ar bhonn beacht cionúireachta agus go ndearnadh na híocaíochtaí, ar bhealach lenar chomhaontaigh ceachtar páirtí, mar ranníoc in aghaidh airgead a bhí caite maraon le hairgead a bheadh ag teastáil faoi chomhair costas eile a bhí le teacht. Bhain caothúlacht ama leis an socrú seo mar bhí airgead ag an Roinn agus ní raibh ag Bord Fáilte. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta meamram ar fáil mar mhíniú breise ar an méid a bhí ráite aige agus tá an meamram ag gabháil leis an tuarascáil seo. D’ainneoin na n-argóintí atá curtha i láthair thar ceann na Roinne, tuigtear don Choiste nach foláir dó tacú le tuairim an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, is é sin, gur chóir caiteachas a mhuirearaítear ar an vóta a chaitheamh ar dhliteanais lán-aibí i mbliain an chuntais, ach amháin i gcúinsí an-neamhghnácha. Ábhar dímholta aige dá réir sin mar chuathas de leataobh ón ngnáthchleachtadh a luaitear thuas. TalmhaíochtFoscríbhinn 34. 22. In Aibreán 1962 cheadaigh an Rialtais i bprionsabal— (a)An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, do cheannach Diméin agus Teach Lyons i gCill Droichid, Co. Chill Dara, (b)an Coláiste do dhíol maoine i nGlas Noidhean, Baile Átha Cliath, a glacadh ar leás ón Stát i 1926, agus (c)toradh an díola a úsáid maidir leis an bhforbairt chaipitiúil is gá ar Dháimh na Talmhaíochta Ginearálta, agus aon bharrachas a bheidh fágtha tar éis críochnú na forbartha a íoc leis an Státchiste. Fuarthas £442,000 ó dhíol na maoine i nGlas Noidhean. Cé go ndearnadh coinníoll go gcaithfí na foirgnimh agus an trealamh nua feirme, etc., i gCill Droichid a chur ar fáil ar an mbealach ba thíobhasaí ag féachaint do riachtanais oideachais nua-aimseartha, thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste dá aire go raibh thar £500,000 caite ag an Ollscoil ar an 31 Márta, 1967 agus nach raibh na hoibreacha críochnaithe. De bharr tuilleadh fiafraithe fuair sé amach go ndearnadh an meastachán bunaidh ar chostas an tionscadail d’éagmais pleananna mionsonracha; go ndearnadh meastachán cuimsitheach £581,415 a ullmhú i 1965 agus gurb é an meastachán láithreach ar chaiteachas caipitiúil, lena n-áirítear caipiteal oibre, £851,517. Deirtear gurb iad na cúiseanna atá leis na meastacháin bhreise costais breise i gceird na foirgníochta, go háirithe i gCill Droichid, costas ard a ráinig gan choinne ar fhorbairt láithreán agus oibreacha míntíreachais talún, agus soláthar saoráidí breise mar gheall ar mhéadú i líon na mac léinn agus na foirne. 23. Ag tabhairt fianaise dó mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur comhlacht neamhspleách an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus b’éigean don Roinn an ní sin a thabhairt dá aire. Sa bhliain 1969-70 thug an Roinn £48,000 le haghaidh na forbartha, suim ba mhó ná an tsuim a fuarthas de thoradh na maoine i nGlas Noidhean a dhíol. Tá an Roinn faoi láthair ag iarraidh na hadhbanna a thig ón ardú costais a réiteach leis an ollscoil. Tuigeadh dó gur tharla forbairt rí-mhór sna deich mbliana seo caite i gcaighdeán na dtrealamh, etc., a mheas lucht na hollscoile a bhí ag teastáil uathu agus gur de sin, i dteannta na gcúiseanna a luadh roimhe seo, a tháinig gur ghá an meastachán tosaigh a athrú go bunúsach. Nuair a fiafraíodh an ndearnadh iarracht dáiríre chun plean dearfa a cheapadh i gcéaduair nó an go neamhchúiseach a rinneadh é, dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur shíl sé gur idir eatarthu a bhí. 24. Mír lena mbaineann mórchostas go háirithe sa chlár forbartha foirgnimh muc agus eallaigh a sholáthar. Mar is léir ón bhfianaise fuair an Coiste locht go háirithe ar ghnó lenar bhain ró-chaitheamh airgid gan bhonn leis, mar chonacthas dó, agus d’iarr sé tuarascáil speisialta ar an ábhar seo. 25. Tá sé ceaptha de thoradh na forbartha ar eastát Lyons saoráidí a chur ar fáil a thabharfaidh cleachtadh praiticiúil do mhic léinn na ceathrú bliana i ndáimh na talmhaíochta. Tuigeann an Coiste go bhfuil gá leis an gcleachtadh sin, ach is dóigh leis gurb é an chuid is praiticiúla de thraenáil go gcaithfí obair a dhéanamh i gcás nach mbeadh na costais ann míchosúil ar fad leis na costais a bhíonn ar an ngnáth-fheirmeoir. 26. Chuir an Coiste in iúl go láidir sna tuarascálacha uaidh le blianta beaga anuas a thábhachtaí atá sé pleanáil chúramach agus meastacháin ghrinnmheasta a dhéanamh maidir le tionscadail a dtugtar airgead ina gcomhair díreach as airgead poiblí. Is dóigh leis an gCoiste gur chóir feidhm a thabhairt don phrionsabal sin freisin i gcás na gcomhlachtaí sin, dála na n-ollscoileanna, a bhíonn ag brath go han-mhór ar airgead poiblí le haghaidh tionscadail chaipitiúla. Sa chás atá faoi bhreithniú gheall an tOifigeach Cuntasaíochta athmheas a dhéanamh ar na rudaí a dteastódh airgead faoina gcomhair agus go dtabharfadh sé tuarascáil iomlán don Choiste. Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí27. Thug an Coiste dá aire gur thóg an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teo. 450 teach le haghaidh cóiríocht chónaithe do chomhaltaí pósta den Gharda Síochána. Bhí sé ceaptha nuair a thosaigh an scéim seo go gcuirfí tuairim 1,000 teach ar fáil ach tá an scéim ligthe ar lár le tamall go dtí go socrófar polasaí don am le teacht. Glacann an Coiste leis gur maoin Stáit na tithe atá tógtha agus go bhfuil siad uile dílsithe do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí. Tá air fiafraí an bhfuil siad á n-iniúchadh agus á gcothabháil go rialta, agus cad déantar nuair a thagann tithe chun bheith folamh agus nach mbíonn siad ag teastáil ó na Gardaí a thuilleadh. Beidh súil aige le tuarascáil iomlán ar an tionscadal seo. OideachasFoscríbhinn 47 28. Thóg an Coiste fianaise ar oibriú na seirbhísí iompair scoile ag C.I.E. agus ar cheist an chostais agus na cuntasaíochta. Tugadh sonraí dó ar na táillí a áiríodh sna héilimh agus ar an gcomhaontú leis an gcuideachta a bunaíodh ar litreacha a malartaíodh. Déanann gnólacht iniúchóirí a bhfuil an tAre sásta leo na héilimh a iniúchadh agus a dheimhniú agus féadfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad a scrúdú tuilleadh. Glacann an Coiste leis go bhfuil eolas cruinn ar fáil maidir lena bhfuil gafa ag an Roinn uirthi féin agus ba mhaith leis deimhin a fháil go bhfuil na táillí a bhaintear amach cothrom réasúnach ag féachaint don mhonaplacht atá ag C.I.E., don airgead a úsáidtear sa scéim iompair scoile agus go háirithe do chostas riartha na scéime. I ndáil leis sin d’iarr an Coiste eolas ar cé mhéid sa bhreis a chosnódh sé ar C.I.E. ó thaobh riaracháin ghinearálta chun déileáil leis na seirbhísí sin. £300,000 a bhain C.I.E. amach faoin mírcheann seo. 29. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar shuim £2,500 a íocadh le hAcadamh Ríoga na hÉireann agus a háiríodh san fho-mhírcheann i leith costais taistil agus costais fhoghabhálacha toisc go raibh an soláthar a rinneadh sa Deontas-i-gCabhair don chomhlacht sin caite. Is dóigh leis an gCoiste gur cheart an t-idirbheart sin a bheith curtha síos sa Chuntas Leithreasa. Meán-OideachasScoileanna Cuimsitheacha30. £127,748 an caiteachas reatha in aghaidh na bliana a bhain le scoileanna cuimsitheacha. Is í an Roinn a íocann costas iomlán stiúrtha na scoileanna sin ach ní raibh mionchuntais i leith gach scoile áirithe acu ar fáil don Choiste. Ar an ábhar gur seirbhís nua í seo measann an Coiste gur cheart go bhfaigheadh sé cuntais mar eolas. PÁDRAIG Ó hÓGÁIN, Cathaoirleach. 12 Samhain, 1970. |
||||||||||||