|
ORDUITHE TAGARTHA16 Iúil 1969:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh. 17 Iúil, 1969:—Ainmnaíodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Dáithí Mac Aindriú, Peadar de Barra, Beircheart Brioscú, Éamonn Ó Coileáin, Gearóid Mac Gearailt, Aodh Mac Giobúin, Pádraig Ó hÓgáin, Saerbhreathach Céitinn, Pádraig Ó Luineacháin, Tomás Ó Nualláin, Seán Ó Treasaigh agus Séamus Ó Tonnaigh. 4 Feabhra 1970:—Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta, 1969, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh]. 19 Bealtaine 1970:—Ceapadh an Teachta Soilbheastar Baróid in ionad an Teachta Pádraig Ó Luineacháin a fuair bás, agus an Teachta Réamann Mac Searraigh in ionad an Teachta Dáithí Mac Aindriú a urscaoileadh. |
||||||||||||