Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::05 February, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 5 Feabhra, 1970.

Thursday, 5th February, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Peadar de Barra, Brioscú, Eamonn Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, Pádraig Ó Luineacháin, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin, Industrial Engineering Company Limited, Dún Dealgan, agus Luach Saothair.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Cathal Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.