Committee Reports::Report - Magazine Item containing Criticism of the Ceann Comhairle::11 March, 1970::Report

TUARASCÁIL

1. De bhun Ordaithe a rinne an Dáil an 9 Nollaig, 1969, scrúdaigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí an mhír a bhí in eisiúint an 12 Nollaig, 1969, den iris, “This Week in Ireland” inar airbheartaíodh faoin gceannteideal, “The Ceann Comhairle is Biased,” tuairisc a thabhairt ar agallamh leis an Teachta Conchubhar Crús Ó Briain.


2. Chinn an Coiste gurb é an sleacht seo a leanas an t-aon áit amháin i gcorp na tuairisce ina bhfuil tagairt don Cheann Comhairle:—


“Is there anything specially that riles you about the Parliament?” I asked him.


“That enslavement to stultifying legislation,” he said, “and, after that, the Ceann Comhairle.”


“Do you think the Ceann Comhairle is unfair to the opposition?”


“I feel that he is subconsciously biased towards his own party.”


3. Á bhreithniú dó an ndearnadh sárú pribhléide thug an Coiste aird ar an Rún a rith Dáil Éireann an 30 Aibreán, 1947 mar a leanas:—


Gurb é tuairim na Dála go bhfuil sé inmhianaithe go míneofaí níos iomláine oblagáidí agus príbhléidí a comhaltaí, agus go ndéanfaí beart cuí chuige sin gan mhoill;


ós rud é ná raibh, sara ndearna an Ceann Comhairle an rialú an 29ú lá den mhí seo, aon riail déanta ná aon rún rite ag an Tigh ná aon rialú déanta ag an gCeann Comhairle á chinneadh gur shárú príbhléide é ag comhalta cáineadh a dhéanamh, lasmuigh den Tigh, ar iompar an Fhir Cheannais, ná haontaíonn an Dáil gur féidir, uime sin, a shuíomh gur shárú den tsórt sin óráid an Aire Rialtais Áitiúil;


go nglacann an Dáil le rialú sin an Chinn Chomhairle, dá dtagartar thuas, agus go gcinneann gur sárú príbhléide é feasta aon cháineadh a dhéanamh, lasmuigh den Tigh, ar iompar an Fhir Cheannais.


4. Chinn an Coiste, trí bhreith tromlaigh, gur sárú pribhléide é úsáid na bhfocal, “I feel that he is subconsciously biased towards his own party” a cuireadh i leith an Teachta Crús Ó Briain.


5. Chinn an Coiste freisin, trí bhreith tromlaigh, gur sárú pribhléide é ag na foilsitheoirí Creation Ltd., úsáid na bhfocal, “The Ceann Comhairle is Biased” ag an iris.


6. Tar éis an Teachta Crús Ó Briain a agallamh agus an míniú a fháil uaidh nach raibh aidhm aige onóir an Cheann Comhairle a chur in amhras molann an Coiste, trí bhreith tromlaigh, nach ndéanfaí a thuilleadh.


7. Tar éis éisteacht le triúr ionadaí d’fhoilsitheoirí na hirise agus tar éis a ndearcadh a shonrú, molann an Coiste nach ndéanfaí a thuilleadh d’ainneoin go raibh na foilsitheoirí ciontach i sárú pribhléide.


(Sínithe) CORMAC UA BREISLEÁIN,


Cathaoirleach.


11 Márta, 1970.