Committee Reports::Report - Magazine Item containing Criticism of the Ceann Comhairle::11 March, 1970::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

16 Iúil, 1969:—Ordaíodh: Go ndéanfar de bhun Buan-Ordú Uimh. 74 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a cheapadh [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


17 Iúil, 1969:—Comhaltaí a ceapadh chun fónamh ar an gCoiste:—Na Teachtaí P. de Búrca, R. de Búrca, de Brochtún, Mac Artúir, Mac Bhloscaidh, Ó Crualaoich, Ó Dúnlaing, Mac Ionnrachtaigh, Easmann, Ó Foghlú, Ó Gallchóir, Stráinse, Ó Murchú, S. Ó Laoghaire, Ó Máille (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh), Ó Riain agus de Uaidheas.


9 Nollaig, 1969:—Tharraing Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh aird ar mhír in iris—This Week in Ireland don tseachtain dar chríoch 12 Nollaig, 1969 —inar airbheartaíodh, faoin gceannteideal “The Ceann Comhairle is Biased,” tuairisc a thabhairt ar agallamh leis an Teachta Crús Ó Briain, agus chuir sé i suim gur tharla sárú pribhléide.


Rialaigh an Ceann Comhairle go raibh an mhír prima facie ina sárú pribhléide.


Ordaíodh: An mhír dar teideal “The Ceann Comhairle is Biased” a foilsíodh in This Week in Ireland don tseachtain dar chríoch 12 Nollaig, 1969, agus a d’airbheartaigh tuairisc a thabhairt ar agallamh leis an Teachta Crús Ó Briain, a chur faoi bhráid an Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].