Committee Reports::Report - Magazine Item containing Criticism of the Ceann Comhairle::17 December, 1969::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 17 Nollaig, 1969.

Wednesday, 17th December, 1969.

1. Tionóladh an Tríú cruinniú den Choiste ar 7.30 p.m. i Seomra 91.


2. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí de Brochtún, Pádraig de Búrca, Risteard de Búrca, Mac Artúir, Mac Bhloscaidh, Ó Crualaoich, Ó Dúnlaing, Mac Ionnrachtaigh, Ó Foghlú, Ó Gallchóir, Stráinse, Ó Murchú, Seán Ó Laoghaire, Ó Riain agus de Uaidheas.


3. Pribhléid (Lochtú ar an gCathaoir).


De bhun an Ordaithe a rinne an Dáil an 9 Nollaig, 1969, bhreithnigh an Coiste an mhír a bhí san eisiúint den iris “This Week in Ireland” don tseachtain dar chríoch 12 Nollaig, 1969, inar airbheartaíodh, faoin gceannteideal, “The Ceann Comhairle is Biased”, tuairisc a thabhairt ar agallamh leis an Teachta Crús Ó Briain.


Rinneadh tairiscint (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh):


“That the use of the words, ‘I feel that he is subconsciously biased towards his own party’, attributed to Deputy Cruise O’Brien constitutes a breach of privilege.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 9; Níl, 6.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Pádraig de Búrca, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Ó Dúnlaing, Ó Foghlú, Ó Gallchóir, Seán Ó Laoghaire agus de Uaidheas.


Níl:—Na Teachtaí de Brochtún, Risteard de Búrca, Mac Ionnrachtaigh, Stráinse, Ó Murchú agus Ó Riain.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Rinneadh tairiscint (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh):


“That the use of the words, ‘The Ceann Comhairle is Biased’, on the part of the magazine, ‘This Week in Ireland’, constitutes a breach of privilege by the publishers of the magazine, Creation Ltd.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 12; Níl, 3.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí de Brochtún, Pádraig de Búrca, Risteard de Búrca, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Ó Dúnlaing, Ó Foghlú, Ó Gallchóir, Ó Murchú, Seán Ó Laoghaire agus de Uaidheas.


Níl:—Na Teachtaí Mac Ionnrachtaigh, Stráinse agus Ó Riain.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


4. Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.15 p.m.