|
IMEACHTAI AN CHOISTEProceedings of the CommitteeDéardaoin, 26 Feabhra, 1970.Thursday, 26th February, 1970.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Eamonn Ó Coileáin, Aodh Mac Giobúin, Pádraig Ó Luineacháin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69. Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Rialtas Áitiúil, Gnóthaí Eachtracha agus Comhar Idirnáisiúnta. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh M. Laighléis (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), A. Mac Canna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), P. Mac Guill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn. |
||||||||||||