Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::19 February, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 19 Feabhra, 1970.

Thursday, 19th February, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), ná Teachtaí Eamonn Ó Coileáin, Mac Gearailt, Aodh Mac Giobúin, Pádraig Ó Luineacháin, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Cosaint, Arm-Phinsin, Roinn na Gaeltachta agus An Dánlann Náisiúnta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Cearnaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta), L. Toibín (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. R. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 2.10 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.