Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::05 March, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 5 Márta, 1970.

Thursday, 5th March, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas) na Teachtaí Peadar de Barra, Brioscú, Eamonn Ó Coileáin agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais agus Clárlann na Talún, Clárlann na nGníomhas, Leas Sóisialach, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis agus Rátaí ar Mhaoin Rialtais.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), L. Ó hUanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), S. Gud (Coimisinéir Luachála), P. Mac Guill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Tuarascáil Eatramhach an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a breithnithe.


Aontaíodh an Dréacht-Thuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.