Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::17 December, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 17 Nollaig, 1970.

Thursday, 17 December, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Ó Nualláin, Mac Searraigh, Ó Treasaigh, agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Ordaíodh: dá dtagadh don Choiste chun bheith sásta go ndeachaigh an t-airgead de chabhair ar lucht fulaingthe de bharr na corraíola sna Sé Chontae, nach mbeadh sé riachtanach gach duine a fuair cuid den airgead a cheistiú, agus go bhféadfaí gach cás a bhreithniú ad hoc.


5. Ordaíodh: gan abhcóide a fhruiliú le suí leis an gCoiste, agus go n-athbhreithneofaí an cinneadh sin nuair a dhlífeadh iomthosca é.


6. Ordaíodh: go n-iarrfaí ar C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais, a bheith i láthair 7 Eanáir 1971.


7. Ordaíodh: a iarraidh ar C. Ó Muireadhaigh, (i) go gcuirfeadh sé chuig an gCoiste a luaithe is féidir 20 cóip d’aighneacht, de fhorlíonadh ar aighneacht an 9ú Nollaig, ina mbeidh cibé eolas breise atá tagtha faoina chumhacht nó faoina rialú, (ii) go gcuirfeadh sé chuig an gCoiste, faoi 30 Nollaig, 20 cóip de cibé doiciméid is gá de thaca leis na haighneachtaí, (iii) go gcuirfeadh sé chuig an gCoiste, a luaithe is féidir 20 cóip den chuid sin de na doiciméid sin is déanaí a luaitear agus nach meastar a chuirfeadh daoine i bhfiontar, (iv) go dtabharfadh sé leis go dtí an cruinniú nóta ag insint na ndaoine dá dtagraítear i nóta (i) dá aighneacht dar dáta 9 Nollaig, 1970.*


8. Ordaíodh: go n-iarrfaí ar Chumann Croise Deirge na hÉireann 20 cóip de chuntais iniúchta an Chumainn don tréimhse Iúil, 1969, go Nollaig, 1970, a chur, a luaithe is féidir, chuig an gCoiste.


9. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 11.30 a.m. 7 Eanáir 1971.


* Foscríbhinn 10.


† Foscríbhinn 5 (13).