Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::07 January, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 7 Eanáir, 1971.

Thursday, 7 January, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, agus Ó Tonnaigh.


Fuairtheas scéala ón Teachta Ó Treasaigh á rá go raibh aiféala air nach bhféadfadh sé bheith i láthair toisc gan é bheith ar fónamh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Ordaíodh: Géilleadh d’iarratas a fuarthas ó RTE agus ó na nuachtáin fótagraf a thógáil den Choiste roimh thosú na n-imeachtaí go poiblí.


5. Ordaíodh: le linn finnéithe a bheith á scrúdú, go suífeadh Comhaltaí de réir ord aibítre ainmneacha ó láimh chlé an Chathaoirligh agus go gcuirfidís ceisteanna san ord sin.


6. Tugadh chun suntais: meabhrán* den 22 Nollaig 1970 ó Chléireach an tSeanaid á rá go raibh aiféala ar an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a chinneadh nach bhféadfaí seomra an tSeanaid agus cóiríocht a ghaibh leis a chur ar fáil don Choiste.


7. Ordaíodh: go bhféadfaí fianaise a thógáil go príobháideach i gcás cúrsaí slándála náisiúnta a bheith i gceist, i gcás ina ndéanfadh foilsiú fianaise dochar do thuilleadh fiosruithe, agus i gcás ina bhféadfaí finnéithe ó lasmuigh den dlínse a chur i bhfiontar dá mb’fhéidir iad a aithint óna gcuid fianaise.


8. Rinne an Coiste breithniú.


9. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.35 p.m. go dtí 2.30 p.m. inniu.


10. D’athchruinnigh an Coiste ar 2.30 p.m.


11. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


12. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh C. Ó Muireadhaigh, Runaí na Roinne Airgeadais, faoi mhionn agus ceistíodh é (agus A. Ó Fágáin ina theannta).


13. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 4.40 p.m. go dtí 5.15 p.m. inniu.


14. D’athchruinnigh an Coiste ar 5.15 p.m.


15. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


16. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh a cheistiú.


17. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


18. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


19. Ordaíodh: go gceanglófaí ar A. Ó Fágáin, an Roinn Airgeadais, agus ar H. T. Ó Deocáin, Liam Breathnach agus T. Ó Mórdha, Banc na Mumhan agus Laighean, teacht i láthair os comhair an Choiste agus doiciméid a chur isteach agus go dtabharfaí cuireadh dóibh réamhráitis a chur isteach.


20. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 7.35 p.m. go dtí 2.30 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn.


* Foscríbhinn 4(24).