Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::15 December, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Máirt, 15Nollaig, 1970.

Tuesday, 15 December, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, Ó Nualláin, Mac Searraigh, Ó Treasaigh, agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair.


4. Bhí Séamas Uasal Mac Aogáin, A.S. i láthair chun comhairlithe.


5. Ordaíodh: go dtabharfaí cuireadh don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go dtí cruinnithe an Choiste i gcáil chomhairleach.


6. Cuireadh in iúl don Choiste go ndúirt Cláraitheoir na Príomh-Chúirte Coiriúla nach raibh scríbhinn na fianaise iomchuí a tugadh ag an Triail Arm a bhí ann le gairid ar fáil ach go ndearnadh téipthaifeadadh uirthi.


Ordaíodh: go ndéanfaí scríbhinn na fianaise ar na codanna iomchuí den téipthaifeadadh.


7. Cuireadh in iúl don Choiste gur cheadaigh an tAire Airgeadais caiteachas a thabhú ag fáil comhairle dlíodóra ar an mbonn tuisceana go mbainfeadh an chomhairle leis an nós imeachta a ghlacfadh an Coiste i ndáil leis an Deontas-i-gCabhair a scrúdú ag féachaint don chineál speisialta scrúdaithe.


8. Bhreithnigh an Coiste tuairim an Ard-Aighne maidir le pribhléid agus tuairim abhcóide maidir leis na nósa imeachta lenar ghlac an Coiste 10 Nollaig, 1970.


9. Bhreithnigh an Coiste dréacht de Thuarascáil Eatramhach a thug an Cathaoirleach i láthair, d’aontaigh an Coiste leis an dréacht.


Ordaíodh: tuarascáil dá réir a thabhairt don Dáil.


10. Ordaiodh: gurb é C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais, an chéad fhinné ar a nglaofaí.


11. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 7.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn, 17 Nollaig.