Committee Reports::Report No. 02 (1971) - Statutory Instruments [6]::28 January, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 28 Eanáir, 1970.

Wednesday, 28th January, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Ceallaigh, Mac Giolla Dhuinn agus Mac Síthigh-Sceimhealtún.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach do réir Ordú an 14 Eanáir, 1970, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháilteachta) (Tíortha a Ghlactha) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 211 de 1969].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iv) den Rún Tagartha:—


Rialacháin Acht na Leanaí, 1941 (Alt 21), 1969 [I.R. Uimh. 216 de 1969].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an tríocha ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Ullmhóidí Leighis (Aimfeitimín a Rialú), 1969 [I.R. Uimh. 244 de 1969].


An tOrdú um Bord Ospidéal Sir Patrick Dun (Modhnú), 1969 [I.R. Uimh. 118 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Banghaol Forordaithe), 1969 [I.R. Uimh. 268 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 262 de 1969].


An tOrdú Taighde Tionscail agus Caighdeán (Alt44) (Fearais Leictreachais), 1969 [I.R. Uimh. 222 de 1969].


Na Rialacha Maoine Tionscail (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 190 de 1969].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le hAllmhairiú Cré-Earraí), 1969 [I.R. Uimh. 137 de 1969].


An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Srian le hAllmhairiú Cré-Earraí) (Leasú), 1970. [I.R. Uimh. 6 de 1970].


Ordú na mBannaí Talún (Uimh. 3), 1969 [I.R. Uimh. 225 de 1969].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntas agus Costais Chothabhála d’Oifigigh) (Leasú) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 203 de 1969].


An Barantás Leasaithe Teileagraf (Teileagraim Scríofa Intíre) (Uimh. 10), 1968 [I.R. Uimh. 277 de 1968].


An tOrdú Feithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 205 de 1969].


An tOrdú Rialtais Áitiúil (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1969.


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Printíseacht agus Oideachas) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 110 de 1969].


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Bia, Dí agus Tobac), 1969 [I.R. Uimh. 260 de 1969].


Na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 (Alt 103) (Cionta) (Leasú), 1970 [I.R. Uimh. 4 de 1970].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 217 de 1969].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithclí) (Leasú), (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 138 de 1969].


Barántas Leasaithe an Phoist Intíre (Uimh.15), 1969 [I.R. Uimh. 153 de 1969].


Barántas Leasaithe an Phoist Choigríche (Uimh. 10), 1969 [I.R. Uimh. 152 de 1969].


An tOrdú Iascaigh Mhara (Saothrú Réasúnach Iascaigh), 1969 [I.R. Uimh. 259 de 1969].


An tOrdú Feola (Allmhairiú a Rialú), 1969 [I.R. Uimh. 108 de 1969].


An tOrdú um Ollscoil na hÉireann (Seanad), 1969.


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Suimitheoir) (Cnuas-Linn), 1969 [I.R. Uimh. 104 de 1969].


Na Rialacha i dtaobh Coistí Gairmoideachais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 3 de 1969].


An tOrdú Rialtais Áitiúil (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1969 [I.R. Uimh. 117 de 1969].


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Iascaireacht a Fhionraí), 1969.


An tOrdú fán Acht um Eiseachadadh, 1965 (Cuid 11) (Uimh. 5), 1969 [I.R. Uimh. 151 de 1969].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhiniú na hionstraime:—


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlithe a Leathnú) (Uimh. 3), 1969 [I.R. Uimh. 127 de 1969].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, 1969 [I.R. Uimh. 214 de 1969].


5. Athlá.


Chuaigh an Choiste ar athló ar 5 p.m.