Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::13 January, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Céadaoin, 13 Eanáir, 1971.

Wednesday, 13 January, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Rinne an Coiste breithniú.


5. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais, a cheistiú agus A. Ó Fágáin ina theannta.


7. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 4.30 p.m. go dtí 5 p.m. inniu.


8. Chruinnigh an Coiste arís ar 5 p.m.


9. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


10. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh a cheistiú (agus A. Ó Fágáin ina theannta).


11. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


12. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.30 p.m. go dtí 7.30 p.m. inniu.


13. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


14. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh a cheistiú i suí príobháideach (agus A. Ó Fágáin ina theannta).


15. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


16. Rinne an Coiste breithniú.


17. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10.30 p.m. go dtí 10 a.m. amárach.