Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::14 January, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 14 Eanáir, 1971.

Thursday, 14 January, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais, a cheistiú i suí príobháideach, agus A. Ó Fágáin ina theannta.


5. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh a cheistiú.


7. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 11.40 a.m. go dtí 12.5 p.m. inniu.


8. Chruinnigh an Coiste arís ar 12.5 p.m.


9. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


10. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh a cheistiú.


11. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


12. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


13. Rinne an Coiste breithniú.


14. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.15 p.m. go dtí 2 p.m. inniu.


15. D’athchrom an Coiste ar a ghnó ar 2 p.m.


16. Rinne an Coiste breithniú.


17. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


18. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh a cheistiú.


19. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


20. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


21. Ordaíodh: go gceanglófaí ar B. Ó Gliasáin, D. Ó Cearbhaill, M. de Paor agus P.Ó Muirgheasa, Banc na Mumhan agus Laighean agus ar an gCoirnéal Ó hEibhrín, teacht i láthair.


22. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


23. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Liam Breathnach, Banc na Mumhan agus Laighean, faoi mhionn agus ceistíodh é (agus E. Ó Conchúir, Aturnae, ina theannta).


24. D’fhág L. Breathnach an seomra.


25. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


26. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána.


27. D’fhág Coimisinéir an Gharda Síochána an seomra.


28. Ordaíodh: go gceanglófaí ar J. H. Raghait, Bainistcoir, Banc na hÉireann, Cluain Eois, teacht i láthair.


29. Ordaíodh: go gcumhachtófaí don Chathaoirleach, as a chonlán féin amháin, riail a dhéanamh de in aon chás áirithe nár chóir bheith á éileamh ar fhinné foinsí an eolais a bheidh tugtha aige don Choiste a insint don Choiste.


30. Ordaíodh: go dtabharfaí fógra do na Teachtaí Bléine, Ó hEochaidh agus S. Mac Giobúin, Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, Leslie Bean T. de Barra, Máire Ní Mhurchadha, S. Ó Brádaigh, S. Ó Dúnlaing, A. Luykx, R. Ó Murnáin, B. Ó Domhnaill, E. Mac an Naois agus an Captaen S. Ó Ceallaigh go bhféadfaí a cheangal orthu teacht i láthair, go gceanglófaí orthu doiciméid a chur isteach, agus go dtabharfaí cuireadh dóibh réamhráitis a chur isteach.


31. Rinne an Coiste breithniú.


32. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.15 p.m. go dtí 11.15 a.m. Dé Céadaoin seo chugainn.